Is cáin ar do chuid ioncaim é an tobhach. Mar sin féin, ríomhtar an tobhach ioncaim nua as féin ó cháin ioncaim. Déantar é a ghearradh ar an ollioncam atá agat roimh asbhaintí, mar shampla, liúntais chaipitil nó ranníocaíochtaí pinsean.
Ní féidir leat asbhaintí nó creidmheasanna a éileamh chun méid an tobhaigh a íocann tú a laghdú. Déantar an tobhach a bhailiú ón ollioncam atá agat. Ar an mbealach céanna, ní féidir barrachas nó creidmheasanna cánach gan úsáid a úsáid chun do dhliteanas tobhaigh a laghdú.
Más cáiníocóir ÍMAT tú, bíonn freagracht ar d’fhostóir an tobhach a asbhaint ón bpá a íoctar leat. Gheobhaidh tú Deireadh na Bliana - Deimhniú Tobhach Ioncaim (pdf) má tá tú fostaithe.
Nuair a fhágann tú post, ba chóir duit Deimhniú Tobhaigh Ioncaim (pdf) a fháil ó d’fhostóir. Beidh an deimhniú seo agat mar thaifead duit féin.
Tabhair faoi deara: Fógraíodh Muirear Sóisialta Uilíoch nua i mBuiséad 2011 atá tar éis an tobhach ioncaim agus an tobhach sláinte a athchur ón 1 Eanáir 2011.
Seans go mbeidh ar shealbhóirí cárta leighis a bhí díolmhaithe ón tobhach ioncaim roimhe sin an MSU a íoc.
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin Muirear Sóisialta Uilíoch sa doiciméad um Cheisteanna Coitianta na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).
Tá an tobhach ioncaim iníoctha ar ollioncam ó bheagnach gach foinse roimh aon fhaoiseamh cánach, liúntais chaipitil, caillteanais, ranníocaíochtaí pinsean nó ÁSPC.
Nó
B’fhéidir nach dtógfaí foinsí ioncaim eile san áireamh, mar shampla, íocaíochtaí ar dhíobhálacha pearsanta, Heipitíteas C agus Tailídimíd. Chun liosta iomlán na n-ioncam nach dtógtar san áireamh a fheiceáil, féach ar nótaí treorach na gCoimisinéirí Ioncaim ar an tobhach ioncaim (pdf).
Bíonn íocaíochtaí iomarcaíochta díolmhaithe ar an mbealach céanna le cáin ioncaim. Tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Déanann an fostóir asbhaintí go míosúil nó go seachtainiúil, ag brath ar an mbealach a dhéantar íocaíocht leat. Ní bhíonn asbhaintí an tobhaigh ioncaim carnach.
Seo a leanas na rátaí don tobhach ioncaim:
Má tá leibhéal ioncaim agat atá níos mó ná an íostairseach €15,028 ina aghaidh na bliana nó €289 in aghaidh na seachtaine, íocann tú an tobhach ar mhéid iomlán an ioncaim atá agat. (Má tá tú 65 bliana d’aois nó níos sine is é an t-íostairseach ná €20,000 in aghaidh na bliana i gcás duine singil agus €40,000 in aghaidh na bliana i gcás lánúine).
Baineann na tairseacha ioncaim le gach céile astu féin agus ní féidir iad a chur le chéile má bhíonn céile amháin faoi bhun na tairsí agus céile eile os cionn na tairsí. Mar shampla, má thuilleann tú €14,000 in aghaidh na bliana agus tuilleann do chéile €20,000 in aghaidh na bliana, ní bheidh tobhach ioncaim le híoc agat féin ach beidh tobhach ioncaim le híoc ag do chéile.
Ríomhann d’fhostóir an tobhach ioncaim ar bhonn seachtainiúil nó míosúil. Má athraíonn d’ioncam go seachtainiúil, d’fhéadfá an tobhach ioncaim a íoc ag ráta níos airde ná mar atá dlite duit i ndáiríre, ach gheobhaidh tú aisíoc i gcásanna mar seo.
| Sampla 1 |
Tá ioncam bliantúil agat atá níos lú ná €15,028. Mar sin féin, faigheann tú bónas i mí Iúil a thugann d’ioncam os cionn an íostairsí seachtainiúil de €289. Bíonn ioncam iomlán na seachtaine sin faoi réir tobhaigh ioncaim dá réir. Ag deireadh na bliana, más amhlaidh nach bhfuil ioncam bliantúil agat atá níos mó ná €15,028, ní chaithfidh tú tobhach ioncaim a íoc. Ba chóir don fhostóir coigeartú a dhéanamh sa chás seo ag deireadh na bliana (seachtain 52) agus gach tobhach ioncaim atá asbhainte ó phá a aisíoc leat.. Murar oibrigh tú leis an bhfostóir céanna go leanúnach i rith na bliana, socróidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc ar bith maidir le tobhach ioncaim atá dlite duit ag deireadh na bliana. |
| Sampla 2 |
Déantar an tobhach ioncaim a ríomh ar thairseach sheachtainiúil de 2% ar ioncam suas go dtí €1,443, 4% ó €1,443 go dtí €3,365, agus 6% ar an gcuid eile. Má fhaigheann tú íocaíocht ar feadh seachtain amháin atá níos mó ná €3,365 íocfaidh tú tobhach ioncaim ag 6% ar an gcuid eile. Má chiallaíonn d’ioncam bliantúil go bhfuil tú dlite ag ráta níos ísle, beidh ró-íocaíocht déanta agat maidir leis an tobhach ioncaim. Ba chóir don fhostóir coigeartú a dhéanamh sa chás seo ag deireadh na bliana (seachtain 52) agus aisíoc cuí a dhéanamh leat. Murar oibrigh tú leis an bhfostóir céanna go leanúnach i rith na bliana, socróidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc ar bith maidir le tobhach ioncaim atá dlite duit ag deireadh na bliana. |
Ba chóir don fhostóir coigeartú a dhéanamh ag deireadh na bliana (seachtain 52) má tá ró-íocaíocht déanta agat maidir leis an tobhach ioncaim agus aisíoc cuí a dhéanamh leat.
Murar oibrigh tú leis an bhfostóir céanna go leanúnach i rith na bliana ba chóir duit an Fhoirm Éilimh ar an Tobhach Ioncam (pdf) a chomhlánú agus í a chur isteach chuig d’oifig cánach áitiúil - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tobhach ioncaim nó chun aisíoc a fháil, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Bain úsáid as aimsitheoir teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim le huimhir Lóghlao do réigiúin féin a fháil.
Is féidir leat sonraí teagmhála níos
mionsonraithe na gCoimisinéirí Ioncaim do do réigiún féin a fháil
anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.