Tá ioncam a thuilleann scríbhneoirí, cumadóirí, amharcealaíontóirí agus dealbhóirí in Éirinn óna gcuid saothair díolmhaithe ó cháin faoi chúinsí áirithe.
Ceadaíonn Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh gur saothair bhunaidh agus chruthaitheacha iad saothair ealaíonta áirithe agus go n-aithnítear iad mar chinn a bhfuil fiúntas cultúrtha nó ealaíonta acu go ginearálta. Dá réir sin, tá tuillimh atá díorthaithe ó shaothair mar seo díolmhaithe ó cháin ioncaim ón mbliain a dhéantar an t-éileamh.
Tá treoirlínte dréachtaithe le socrú cibé an saothar bunaidh agus cruthaitheach é an saothar agus cibé an bhfuil fiúntas cultúrtha nó ealaíonta aige nó an bhfuil sé aitheanta mar shaothar a bhfuil fiúntas cultúrtha nó ealaíonta aige. D'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim, le haird chuí ar na Treoirlínte, dul i gcomhairle le duine nó le comhlacht daoine a d'fhéadfadh cabhrú leo teacht ar chinneadh maidir le Díolúine Ealaíontóirí.
Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim cinntí a dhéanamh maidir le saothair ealaíonta sna catagóirí seo a leanas:
Tá díolúine ag na híocaíochtaí seo a leanas ó cháin nuair a dhéantar iad le healaíontóir a bhfuil Díolúine Ealaíontóirí faighte acu:
Nuair a fhaigheann ealaíontóir réamh-dhleachtanna atá inchurtha i leith foilseacháin leabhair nó píosa scríbhneoireachta eile ina dhiaidh sin, caithfidh sé nó sí éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim sa bhliain chánach ina bhfuil na dleachtanna íoctha má tá díolúine le bheith ag na dleachtanna ó cháin. Caithfidh an t-ealaíontóir dearbhú a sholáthar ón bhfoilsitheoir in éineacht lena éileamh go ndéanfar an leabhar a fhoilsiú. Caithfear dréacht-chóip den saothar a chur isteach chomh maith.
Nuair atá éileamh faighte sa bhliain chánach inar aimsíodh an réamh-dhleacht ach nach bhfuil cinneadh tugtha, caithfear dliteanas cánach ar bith ag eascairt ón réamh-dhleacht a íoc. Má thugtar cinneadh ina dhiaidh sin, déanfaidh an Cigire Cánach athbhreithniú ar dhliteanas an ealaíontóra agus an aisíoc cuí a dhéanamh má tá ró-íocaíocht cánach i gceist.
Níl réamh-dhleachtanna a íoctar roimh bhliain an éilimh díolmhaithe ó cháin.
Caithfidh daoine atá ag éileamh Díolúine Ealaíontóirí a bheith cónaitheach, nó gnáthchónaí agus sainchónaí a bheith air/uirthi sa Stát, agus gan a bheith cónaitheach in aon áit eile. Mar sin féin, tá na Coimisinéirí Ioncaim toilteanach réamhthuairimí maidir le díolúine a thabhairt d'éilitheoirí atá cónaitheach thar lear. Má fhaigheann na héilitheoirí seo réamhthuairim atá fabhrach, tugtar cinneadh foirmiúil dóibh maidir le Díolúine Ealaíontóirí chomh luath agus a bhíonn siad cónaitheach sa Stát.
Ó Eanáir 2011 amach, sé €40,000 an méid is mó atá díolmhaithe ó cháin ioncaim faoin scéim. Ón mbliain chánach 2011 ar aghaidh, beidh an t-ioncam díolmhaithe ealaíontóra faoi réir ag an Muirear Sóisialta Uilíoch ag na rátaí bliantúla cuí.
Déanann Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 foráil go bhfuil saothar chun críche an Ailt mar shaothar bunaidh agus cruthaitheach má tá sé sna catagóirí seo a leanas:
Dá réir sin, i dtéarmaí níos leithne chun díolúine a shlánú faoi Alt 195, is gá gur saothar bunaidh agus cruthaitheach atá i gceist agus go bhfuil fiúntas cultúrtha nó ealaíonta aige. Níl sé riachtanach go mbeadh fiúntas cultúrtha agus ealaíonta araon ag do shaothar - tá ceann amháin dóthanach.
Tá fiúntas cultúrtha ag saothar má:
Tá fiúntas ealaíonta ag saothar nuair:
Chun críche an chinnidh faoi Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, cuimsíonn an téarma bunaidh agus cruthaitheach saothar uathúil ar bith atá cruthaithe don chéad uair mar aonán neamhspleách trí úsáid samhlaíochta an chruthaitheora.
Breithneofar leabhar neamhfhicsin nó píosa scríbhneoireachta eile mar shaothar bunaidh agus cruthaitheach ar na cúinsí seo amháin:
Agus
Nó
Nó
Ní bhreathnófar ar na cineálacha saothair seo a leanas mar shaothar bunaidh agus cruthaitheach:
Tá tuilleadh eolais faoi díolúine éalaiontóraar fail ó na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tá dhá fhoirm éilimh do Dhíolúine Ealaíontóirí - Ealaíontóir 2 agus Ealaíontóir 3. Ba chóir Ealaíontóir 2 a chur isteach má tá tú cónaitheach nó gnáthchónaí nó sainchónaí ort in Éirinn, agus ba chóir Ealaíontóir 3 a chur isteach má tá tú cónaitheach lasmuigh den tír.
Má tá Díolúine Ealaíontóirí á lorg agat ba chóir duit foirm éilimh a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le samplaí do shaothair agus doiciméad tacaíochta ar bith i bhfoirm teistiméireachtaí, srl., a mheasann tú a bheith iomchuí. Ba chóir go mbeadh fianaise in éineacht le héilimh mar seo a chruthaíonn go bhfuil do shaothar foilsithe, léirithe nó díolta. Is féidir leat foirm éilimh Ealaíontóir 2 a íoslódáil (pdf) nó foirm éilimh Ealaíontóirí 3 (pdf) a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Beidh na samplaí agus doiciméid thacaíochta a leanas ag teastáil sna catagóirí a leanas:
An Rannán Cánacha Ioncaim agus Caipitil
An tAonad Díolúine ó Cháin ag Ealaíontóirí
Urlár 1, Foirgneamh Stampáin Nua
Caisleán Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 647 5000 Ext: 48224 or 48011
Facs:(01) 679 9287
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.