An Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a Íoc

Réamhrá

Féadfaidh tú do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc in aon íocaíocht amháin nó is féidir leat í a íoc i dtráthchodanna comhionann i rith na bliana. Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana trí iarraidh a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Mínítear ar an leathanach seo conas an CMÁ a íoc. Chun teacht ar eolas ar cé ar gá dóibh an CMÁ a íoc, cé mhéid a chosnaíonn sé, agus conas tuairisceán a dhéanamh, is féidir leat níos mó a léamh faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) anseo.

Féadfaidh tú íocaíocht do CMÁ a iarchur má shásaíonn tú coinníollacha áirithe.

Má d’íoc tú CMÁ in 2022 trí mhodh íocaíochta leantaí, cosúil le dochar díreach, leanfar leis an íocaíocht a dhéanamh in 2023 mura roghnaíonn tú bealach éagsúil le híoc. I measc na modhanna leantacha, tá asbhaintí CMÁ ó do thuarastal, pinsean nó íocaíocht coimirce sóisialaí. Má d’athraigh tú banc, b’fhéidir go mbeidh ort do dhochar díreach a nuashonrú.

Má d’íoc tú CMÁ in 2022 trí shaghas íocaíochta nach ndéantar arís go huathoibríoch, tá ort a roghnú conas ba mhaith leat CMÁ a íoc don bhliain 2023. Is féidir leat seo a dhéanamh i do thaifead réadmhaoine de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ba cheart duit do mhodh íocaíochta a dheimhniú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi:

  • an 2 Nollaig 2022, má roghnaíonn tú leis na híocaíochtaí a scaipeadh i rith na bliana
  • an 12 Eanáir 2023, má roghnaíonn tú íoc trí íocaíocht amháin

Mura raibh do réadmhaoin faoi dhliteanas CMÁ a íoc an 1 Samhain 2021 ach má bhíonn sí faoi dhliteanas an 1 Samhain 2022, tá ort tuairisceán CMÁ a sheoladh faoin 2 Nollaig 2022.

Má theastaíonn cabhair uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach CMÁ. Is féidir leat ceisteanna a sheoladh ar aghaidh freisin trí M’Fhiosrúcháin.

Do Cháin Mhaoine Áitiúil a íoc

Le do CMÁ a íoc, teastóidh d’Aitheantas agus d’Uimhir Aitheantais Phearsanta Réadmhaoine uait, a dtiocfaidh tú orthu ar aon chomhfhreagras CMÁ a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Mura bhfuil Aitheantas agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine agat, is féidir leat úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne CMÁ le hiad a iarraidh.

Féadfaidh tú a roghnú do CMÁ a íoc:

  • Go hiomlán in aon íocaíocht amháin, nó
  • Trí roinnt íocaíochtaí

Bíonn modhanna íocaíochta éagsúla ar fáil don dá rogha.

Íocaíocht singil a dhéanamh

Is féidir leat do CMÁ a íoc ina iomláine trí:

  • Cárta creidmheasa/dochair: Tá an rogha seo ar fáil ar líne. Tabhair faoi deara, má íocann tú trí chárta dochair nó creidmheasa, déanfar an íocaíocht a phróiseáil láithreach.
  • Treoir Dochair Bhliantúil (TDB): Faoi threoir dochair shingil, féadfaidh tú do bhanc nó institiúid airgeadais a údarú chun an méid den CMÁ atá le híoc a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Baintear an íocaíocht iomlán ó do chuntas bainc ar dháta a roghnaíonn tú, a fhaide leis an 21 Márta 2023. Tabharfar do TDB anonn gach bliain murach go n-athraíonn tú do rogha íocaíochta ar líne nó má dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Íocaíochtaí airgid thirim: is féidir leat íoc go hiomlán le hairgead tirim trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa, a fhaide leis an 12 Eanáir 2023. Is gnách go ngearrtar muirear idirbhirt. Is féidir leat amharc ar Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta agus ar a dtáillí.

Íoc i dtráthchodanna

Féadfaidh tú do CMÁ a íoc trí íocaíochtaí rialta a leatar ar fud na bliana. Is féidir leat na tráthchodanna a íoc trí:

  • Dochar díreach míosúil.
  • Íocaíochtaí airgid thirim míosúla nó seachtainiúla trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa.
  • Asbhaint ag an bhfoinse. Is féidir íocaíochtaí a asbhaint ó do phá nó do phinsean gairme. Is féidir CMÁ a asbhaint freisin ó íocaíochtaí atá á bhfáil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) nó ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (an RTBM).

Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana. Teagmháil a dhéanamh le hAonad CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim.

Dochar díreach

Má roghnaíonn tú dochar díreach míosúil a shocrú, is gá duit seo a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne CMÁ.

Tabharfar do dhochar díreach míosúil do CMÁ anonn gach bliain murach go n-athraíonn tú do rogha íocaíochta ar líne nó má dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Íocaíochtaí airgid thirim trí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta faofa

Is féidir leat do CMÁ a íoc le hairgead tirim:

  • Trí íocaíocht amháin faoin 12 Eanáir 2023, nó
  • Trí íocaíochtaí rialta gach seachtain nó mí i gcaitheamh na bliana, má roghnaíonn tú an rogha seo faoin 2 Nollaig 2022

Is féidir leat an rogha seo a roghnú trí moChúrsaí, ROS nó an tseirbhís CMÁ ar líne.

Is féidir leat amharc ar eolas faoi na Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta faofa airgid thirim agus na táillí idirbhirt a ghearrann siad.

Asbhaint ó do phá nó ó íocaíochtaí a fhaigheann tú

Féadfaidh tú a roghnú go n-asbhainfear do CMÁ go díreach ó:

  • Do thuarastal, pá nó pinsean gairme
  • Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Íocaíochtaí a dhéanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (má tá uimhir thréada agat)

Tugtar asbhaint ag an bhfoinse air seo. Amhairc ar an liosta íocaíochtaí is féidir leat a úsáid le CMÁ a íoc trí asbhaint ag an bhfoinse.

Leatar na hasbhaintí go cothrom i measc líon na n-íocaíochtaí a fhaigheann tú i rith na bliana.

Ní asbhainfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí CMÁ ach ón méid sin de d’íocaíocht atá os cionn €218. Mura leor sin le do CMÁ a íoc, beidh ort modh íocaíochta eile a úsáid i rith na bliana leis na híocaíochtaí breise a dhéanamh.

Is féidir leat a roghnú íoc trí asbhaint ag an bhfoinse trí úsáid a bhaint as an tseirbhís CMÁ ar líne.

Dátaí íocaíochta

Tá roinnt bealaí ann le do CMÁ 2023 a íoc ina iomláine in aon íocaíocht amháin.

Modhanna íocaíochta singi An dáta is déanaí chun íocaíocht a dhéanamh Breis Sonraí
Cárta dochair nó cárta creidmheasa An 12 Eanáir 2023 Má íocann tú trí chárta dochair nó creidmheasa, déanfar an asbhaint an lá a dhéantar an t-idirbheart ar líne.
Íocaíocht airgid thirim singil trí sholáthraí seirbhíse. An 12 Eanáir 2023 Íocaíochtaí airgid thirim nó cárta dochair nó creidmheasa trí sholáthraithe seirbhíse áirithe íocaíochta. Is gnách go ngearrtar muirear idirbhirt.
Treoir Dochair Bhliantúil (TDB) Asbhaintear íocaíocht a fhaide leis an 21 Márta 2023 Bainfear an méid seo de do chuntas bainc in aon asbhaint amháin an 21 Márta 2023 agus íoctar go díreach é leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat dáta níos luaithe a roghnú más fearr leat.

Tá roinnt bealaí ann le do CMÁ a íoc i dtráthchodanna. Is féidir leat do mhodh íocaíochta a athrú ag aon tráth i rith na bliana 2023 trí theagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Modhanna íocaíochta céimnithe Dáta tosaithe na híocaíochta Breis sonraí
Dochar díreach míosúil An 15 Eanáir 2023 Asbhaintear an íocaíocht ó do chuntas reatha an 15ú lá i ngach mí ón 15 Eanáir go dtí an 15 Nollaig 2023.
Asbhaint ag an bhfoinse ó thuarastal nó pinsean gairme An chéad lá pá in 2023 Leatar na híocaíochtaí CMÁ go cothrom i rith 2023.
Asbhaint ag an bhfoinse ó íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh a dhéanann an RCS An chéad íocaíocht ón RCS in 2023 Asbhaintear íocaíochtaí ón RCS i gcaitheamh 50 seachtain den bhliain.
Asbhaint ag an bhfoinse ó íocaíochtaí áirithe scéime a dhéanann an RTBM le feirmeoirí An chéad íocaíocht ón RTBM in 2023 Asbhaintear CMÁ ó íocaíochtaí ón RTBM in 2023.
Íocaíochtaí airgid thirim tríd na soláthraithe seirbhíse íocaíochta faofa Eanáir 2023 Is féidir leat íocaíochtaí a dhéanamh gach seachtain nó gach mí in 2023. Is féidir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas ar cé chomh minic is mian leat íocaíochtaí a dhéanamh nuair a dheimhníonn tú do mhodh íocaíochta.

Riaráistí CMÁ a íoc

Murar thuairiscigh tú Tuairisceán CMÁ nó murar íoc tú do CMÁ do na blianta ó 2013 go 2021, ba cheart duit é a íoc agus a thuairisciú a luaithe agus is féidir. Mura n-íocann tú na suimeanna nár íocadh go fóill, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leat agus cuirfidh siad ar an eolas thú ar an mbealach a bheartaíonn siad an fiachas a aisghabháil. Is féidir níos mó a léamh faoi riaráistí CMÁ a íoc do na blianta ó 2013 go 2021.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riaráistí an Mhuirir Theaghlaigh a aisghabháil freisin (a bhailítear anois tríd an gcóras CMÁ).

I measc na modhanna bailithe, tá an méid seo a leanas ar fáil:

  • Asbhaint éigeantach ó do thuarastal, do phá nó do phinsean gairme
  • Do chuntas bainc a astú (ciallaíonn seo airgead a ghlacadh gan do thoiliú trí úsáid a bhaint as ordú astaithe)
  • An fiachas a chur faoi bhráid sirriam nó aturnae lena bhailiú
  • Aisíocaíochtaí cánach eile a shiarchoinneáil mar íocaíocht in aghaidh CMÁ atá le híoc

Má tá tú féinfhostaithe agus má theip ort do CMÁ a íoc nó má tá riaráistí Muirir Teaghlaigh agat, ní eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú imréitigh cánach duit.

Léigh eolas breise ó na Coimisinéirí Ioncaim ar riaráistí an Mhuirir Theaghlaigh agus eolas ar an méid a tharlaíonn mura sásaíonn tú d’oibleagáidí CMÁ.

Is féidir leat logáil isteach go dtí an córas CMÁ ar líne le hamharc ar do thaifead Cáin Mhaoine Áitiúil agus riaráistí a íoc (trí úsáid a bhaint as d’uimhir PSP, Aitheantas agus Uimhir Aitheantais Phearsanta do Réadmhaoine).

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Is féidir leat Cáin Mhaoine Áitiúil a rochtain ar líne freisin trí moChúrsaí,ROS agus córas ar líne CMÁ na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má theastaíonn cabhair uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach CMÁ. Is féidir leat ceisteanna a sheoladh ar aghaidh freisin trí M’Fhiosrúcháin.

Na Coimisinéirí Ioncaim

An Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Bosca Poist 1

Luimneach

Éire

Guthán: +353 (0) 1 738 3626

Leathanach Baile: https://www.revenue.ie/en/contact-us/customer-service-contact/local-property-tax-lpt.aspx

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Na Coimisinéirí Ioncaim

Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Bosca Poist 1
Luimneach

Teil: +353 (0) 1 738 3626
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Aibreán 2023