Íocaíocht na Cánach Maoine Áitiúla a Iarchur

Réamhrá

Féadfaidh tú íocaíocht do Chánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a iarchur (nó a iarchur go páirteach), má shásaíonn tú na coinníollacha.

B’fhéidir go gcáileoidh tú d’iarchur faoi cheann amháin de 4 chatagóir ar leith:

•Tairseach ioncaim

•Más ionadaí pearsanta thú le duine atá faoi dhliteanas a fuair bás

•Dócmhainneacht phearsanta

•Forais chruatain

Má shásaíonn tú na critéir iarchurtha, féadfaidh tú a roghnú chun an CMÁ iomlán a iarchur go dtí go dtagann feabhas ar do chúinsí airgeadais nó go dtí go ndíoltar an mhaoin. Ní chiallaíonn seo go bhfuil tú díolmhaithe ón CMÁ a íoc, áfach. Gearrtar ús ar an méid iarchurtha agus fanann an méid iarchurtha mar mhuirear ar an maoin.

Tá socruithe iarchuir pháirtigh ann. Má shásaíonn tú na critéir iarchuir pháirtigh, féadfaidh tú a roghnú chun 50% de do dhliteanas CMÁ a iarchur agus an t-iarmhéid a íoc. Gearrtar ús ar an méid iarchurtha agus fanann sé mar mhuirear ar an maoin. Má cháilíonn tú d’iarchur páirteach CMÁ, ní mór duit modh íocaíochta a roghnú don 50% eile de do dhliteanas CMÁ.

Is féidir leat eolas breise ar íocaíocht CMÁ a iarchur a fháil ar revenue.ie.

CMÁ a iarchur bunaithe ar thairseach ioncaim

Chun cáiliú d’iarchur iomlán nó páirteach le haghaidh CMÁ, bunaithe ar na critéir thairseach ioncaim, ní mór gurb úinéir lonnaithe thú agus ní mór nach sáraíonn d’ollioncam bliantúil ó gach foinse méideanna áirithe (féach an tábla thíos).

Cáilíonn tú d’iarchur gach bliain bunaithe ar d’ollioncam measta don bhliain roimhe sin. Mar sin, mar shampla, má tá tú dlite CMÁ a íoc an 1 Samhain 2021 (dáta an dliteanais), ba cheart duit measúnú a dhéanamh ar d’ollioncam measta le haghaidh 2021 lena fhéachaint an gcáilíonn tú d’iarchur nó d’iarchur páirteach in 2022.

Má tá morgáiste agat atá le híoc go fóill, méadaítear an tairseach ioncaim faoi 80% de d’ollíocaíochtaí ús morgáiste. Caithfidh go bhfuil an morgáiste a íoc agat chun cáiliú do CMÁ a iarchur. Ba cheart go bhfuarthas an morgáiste an 1 Samhain 2020 nó roimhe sin. Ní féidir leat an t-iarchur seo a fháil má fuair tú do mhorgáiste tar éis an 1 Samhain 2020.

I gcás CMÁ a íocadh a fhad le 2021, ba iad na tairseacha ioncaim €15,000 i gcás duine singil nó €30,000 i gcás lánúine. Ba iad na tairseacha ioncaim le haghaidh iarchur páirteach €25,000 i gcás duine singil nó €35,000 i gcás lánúine.

Méadaíodh na tairseacha ioncaim d’iarchur i gcás CMÁ atá le híoc in 2022.

Tairseacha ioncaim chun dliteanas CMÁ iomlán agus páirteach (50%) a iarchur
Duine faoi dhliteanas (úinéirí lonnaitheacha amháin) Chun cáiliú d’iarchur iomlán, caithfidh nach sáraíonn d’ollioncam Chun cáiliú d’iarchur páirteach (50%), caithfidh nach sáraíonn d’ollioncam
Singil, morgáiste ar bith €18,000 €30,000
Lánúin, morgáiste ar bith €30,000 €42,000
Singil, le morgáiste 18,000% + 80% d’ollús morgáiste 30,000% + 80% d’ollús morgáiste
Lánúin, le morgáiste 30,000% + 80% d’ollús morgáiste 42,000% + 80% d’ollús morgáiste

Is é ollioncam d’ioncam roimh aon asbhaintí, liúntais nó faoiseamh. Áirítear leis ioncam atá díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ioncam ó íocaíochtaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (an RCS), ach ní áirítear leis Sochar Linbh.

Áirítear le lánúineacha daoine pósta, daoine i bpáirtnéireacht shibhialta agus roinnt comháitritheoirí. Ar mhaithe le cuspóirí iarchuir CMÁ, ní mór gur chónaigh comháitritheoirí le chéile ar feadh 2 bhliain, ar a laghad, má tá leanaí acu agus 5 bliana, mura bhfuil leanaí acu.

Má d’éiligh tú iarchur ar feadh bliana agus má thagann athrú ar do chúinsí, caithfidh tú na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas.

Cad a tharlaíonn má fhaigheann an duine faoi dhliteanas bás?

Má fhaigheann duine amháin i lánúin a cháiligh d’iarchur bás, fanfaidh an t-iarchur i bhfeidhm go dtí an chéad dáta luachála eile (an 1 Samhain 2021 faoi láthair) agus ní chuirfear ioncam an duine mharthanaigh san áireamh go dtí sin.

Féadfaidh an duine marthanach éileamh a dhéanamh an 1 Samhain 2021 ar iarchur na cánach. Má shásaíonn tú na coinníollacha, cáileoidh tú d’iarchur. Mura gcáilíonn tú d’iarchur, féadtar leanúint leis an méid a iarchuireadh a fhad le deireadh 2021 a iarchur. Leanfar le hús 4% sa bhliain a ghearradh ar an méid iarchurtha ar an ngnáthbhealach.

Má fhaigheann tú réadmhaoin le hoidhreacht ó dhuine nach céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir é/í, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ligean don iarchur leanúint ar aghaidh má dhéanann tú iarratas ar iarchur agus má cháilíonn tú. Ciallaíonn aistriú na réadmhaoine chugat go mbeidh an cháin iarchurtha (móide ús) iníoctha ag an bpointe sin mura gcomhlíonann tú na coinníollacha maidir le hiarchur asat féin.

Más ionadaí pearsanta thú le duine atá faoi dhliteanas a fuair bás

Nuair a fhaigheann duine bás, aistrítear a maoin go dtí a n-ionadaí pearsanta.Bíonn dualgas ansin ar an ionadaí pearsanta airgead agus maoin an duine mhairbh a dháileadh i gcomhréir leis an dlí, leis an uacht - más ann d’uacht - nó leis na dlíthe a bhaineann le bás díthiomnach murab ann d’uacht.

Is féidir le hionadaithe pearsanta duine mhairbh faoi dhliteanas iarratas a dhéanamh ar iarchur go dtí cibé dáta díobh seo a leanas is luaithe:

•An dáta a aistrítear nó a dhíoltar an mhaoin

•3 bliana i ndiaidh dháta an bháis

Chun cáiliú d’iarchur, ní mór gurbh é an duine marbh úinéir aonair na maoine.

Féadfaidh tú iarchur a éileamh d’aon CMÁ nach bhfuil íoctha ar dháta an bháis, aon CMÁ atá iarchurtha ag an duine marbh cheana féin agus CMÁ a bhí iníoctha i ndiaidh an bháis.

Cúiseanna eile le hiarchur

Iarchur bunaithe ar dhócmhainneacht phearsanta

Má d’iontráil tú Socrú Réitigh Fiachais nó Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar iarchur CMÁ fad atá an socrú dócmhainneachta i bhfeidhm. Ní mór go ndearna tú comhaontú foirmiúil ar do shocrú dócmhainneachta le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus ní mór d’Uimhir Chás Dócmhainneachta a chur san áireamh le d’iarratas.

Iarchur bunaithe ar chruatan

Is féidir leat iarchur a éileamh sna cásanna seo a leanas:

•Bhí tú thíos le caillteanas nó costas suntasach gan choinne agus dosheachanta, agus

•Mar thoradh air sin, níl tú in ann CMÁ a íoc gan bheith thíos le cruatan iomarcach airgeadais

Caithfidh tú do chúinsí airgeadais agus aon eolas eile a theastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim a nochtadh.

I measc na samplaí de shaghas na gcaillteanas nó na gcostas ar féidir breithniú a dhéanamh orthu nuair a bhíonn iarchur á dheonú ar na forais seo, tá:

•Costais leighis éigeandála

•Mórdheisiúchán ar theach a theastaíonn chun an teach a choimeád ina áit ináitrithe agus a thagann chun solais gan choinne

•Costais atá bainteach le timpiste thromchúiseach nó bás duine mhuinteartha

•Do phost a chailleadh

•Drochfhiachas a chruthaigh duine féinfhostaithe

Rátaí úis

Gearrtar ús ar aon mhéideanna iarchurtha ar ráta 4% sa bhliain. Beidh an ráta úis reatha iarchuir 4% i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021. Laghdófar an ráta úis a ghearrfar ar gach suim iarchurtha ón 1 Eanáir 2022 anuas go dtí 3% sa bhliain.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar iarchur nó ar iarchur páirteach ar bhunús na gcritéar maidir le tairseach ioncaim, úsáideann tú an fhoirm LPT1. Cuirtear seo ar fáil nuair a dhéanann tú do thaifead CMÁ ar líne a rochtain.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar iarchur faoi aon cheann de na 3 chatagóir eile, ní mór duit foirm LPT2 (pdf) a sheoladh ar aghaidh, agus do thuairisceán CMÁ a sheoladh ar aghaidh ar líne nó trí fhoirm pháipéir LPT1 a úsáid.

Is féidir leat teacht ar do thaifead CMÁ ar líne trí úsáid a bhaint as d’Uimhir Aitheantais Maoine, Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) Maoine agus do UPSP nó d’uimhir thagartha cánach le hiarchur don bhliain 2021 a éileamh. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh faoin 7 Samhain 2021. De rogha air sin, má fhaigheann tú litir agus foirm LPT1 ó na Coimisinéirí Ioncaim, is féidir leat foirm LPT1 a líonadh agus é seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoin 7 Samhain 2021.

Má ceadaíodh iarchur duit, féadfaidh tú an méid iomlán iachurtha nó cuid den mhéid iarchurtha a íoc ag aon tráth. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht pháirteach a chur do shochar na tréimhse is sine den CMÁ iarchurtha i dtosach báire.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Na Coimisinéirí Ioncaim

Brainse Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)

Bosca Poist 1
Luimneach

Teil: +353 (0) 1 738 3626
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Aibreán 2022