Gearrtar Rialtas cáin (nó dleacht stampála) ar chártaí eisithe ag institiúidí airgeadais in Éirinn gach bliain. Má úsáideann tú ceann de na cártaí seo a leanas a eisíonn an institiúid airgeadais, caithfidh tú cáin a íoc gach bliain ar an gcárta sin.
I measc na gcártaí seo tá:
Is cárta plaisteach é cárta creidmheasa eisithe ag institiúid airgeadais a chuireann ar do chumas earraí, seirbhísí nó airgead reatha a fháil suas le teorainn creidmheasa ordaithe. Ansin íocann tú comhlacht an chárta creidmheasa do mhéid iomlán na n-íocaíochtaí a ghearrann tú ar an gcárta. Gearrtar ús ar aon iarmhéid amuigh gach mí.
Is féidir cárta muirir a úsáid go díreach mar an gcéanna le cárta creidmheasa ach amháin nach ngearrtar aon ús cionn is go n-íocann tú iarmhéideanna ag deireadh gach mí.
Tá an dleacht stampála iníoctha go bliantúil mar a leanas:
Tá an muirear do gach cuntas. Is féidir le duine cártaí breise a bheith aige eisithe ar a c(h)untas gan dleacht breise a íoc. Caithfidh cuideachtaí a bhfuil roinnt cártaí acu ar aon chuntas an dleacht a íoc ar gach cárta.
Tá an dleacht le híoc ar 1 Aibreán don bhliain roimhe sin. Tosaíonn an dleacht stampála ar Aibreán 2.
Má dhúntar an cuntas chárta creidmheasa agus mura n-úsáideadh riamh é, ní gá aon dleacht stampála a íoc chomh fada agus a dhúnann tú an cuntas sa tréimhse céanna inar osclaíodh é. Mura dhúnann tú an cuntas sa tréimhse céanna inar osclaíodh é beidh ort dleacht stampála a íoc air fiú mura n-úsáideadh riamh é. Más rud é gur bhain tú úsáid as do chárta agus má dhúnann tú do chuntas le linn na bliana, gearrfar dleacht stampála ort nuair a dhúntar é.
Más amhlaidh gur úsáid tú do chárta agus go ndruideann tú do chuntas i rith na bliana gearrfar muirear ort, ach má tá tú ag aistriú chuig cuntas eile ní gá duit an dleacht a íoc níos mó ná uair amháin. Agus tú ag druid do chuntais tabharfaidh d’eisitheoir cárta litir dúnta duit ag rá go bhfuil do dhleacht stampála íoctha agat don bhliain. Má thugann tú an litir seo d’eisitheoir do chárta nua, ní ghearrfar dleacht stampála ort don bhliain sin. Is féidir leat do chuntas a aistriú a mhinice agus is mian leat i rith na bliana gan dleacht breise a íoc, chomh fada agus a n-aistríonn tú litir dhúnta idir eisitheoirí na gcártaí gach uair.
Ní tú faoi dhliteanas do dhleacht stampála má tá do sheoladh billeála lasmuigh den Stát don tréimhse iomlán cuntasóireachta atá i gceist.
I gcás chuntas cárta creidmheasa nó chuntas cárta muirir, más amhlaidh go bhfuair sealbhóir an chárta bás agus go bhfuil an cuntas dúnta, níl aon dleacht le híoc maidir leis an gcuntas cárta creidmheasa nó leis an gcuntas cárta muirir ar an 1 Aibreán ina dhiaidh sin.
Tá an dleacht bhliantúil stampála do na cártaí seo mar a leanas:
Cuirtear an dleacht i bhfeidhm ar gach cárta, in áit gach cuntais. Ní bhaineann sé le hathsholáthar cárta a cailleadh.
Gearrtar an dleacht gach bliain do chártaí a bhí i seilbh ar Nollaig 31. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat aistriú chuig cuntas bainc nua i rith na bliana ach ní ghearrfar muirear ort as cártaí ar do chuntas roimhe má dhúntar é roimh Nollaig 31.
Tá roinnt díolúiní ann:
Má tá ceist agat faoi mhuirear dleachta stampa ar do chuntas ba chóir
duit é a fiosrú le d’institiúid airgeadais.
Chun níos mó faisnéise a fháil ar conas a chuirtear dleacht stampála i
bhfeidhm ar chárta airgeadais, déan teagmháil le Rannán na
gCásanna Móra:
Rannán na gCásanna Móra
Teach Ballaugh,
73-79 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 6131803
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: largecasesdiv@revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.