Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Cánacha Caipitil > Cánacha Caipitiúla tar éis scartha/colscartha

Print Page Send to a Friend

Cánacha Caipitiúla tar éis scartha/colscartha

Eolas

Séard é Cáin ar ghóthacháin chaipitiúla, ná cáin ar an mbrabús a dhéantar tar éis diúscairt aon sócmhainne agus bíonn an cháin le n-íoc ag an té atá i mbun diúscartha. D'fhéadfadh gur trí dhíol nó trí thabhartas a dhéanfaí an diúscairt. Ní bhíonn cáin ar ghnóthacháin Chaipitiúla le n-íoc ar shócmhainní a aistritear idir céilí. Ní bhíonn cáin ar ghnóthacháin Chaipitiúla le n-íoc ar shócmhainní a aistritear idir céilí atá scartha, má tá an t-aistriú déanta faoi ordú cúirte nó faoi Chomhaontú Scartha.

Ón dáta a bhfuil an chosúlacht air go mbeidh an scaradh buan, ní bhíonn sóchmhainní a aistrítear idir céilí, saor ón gCáin ar ghnóthacháin Chaipitiúla.

Ar an dóigh chéanna bíonn sócmhainní a aistrítear idir céilí mar thoradh ar Ordú Colscartha saor ón gcáin ach ní bhíonn aon aistrithe sócmhainní a tharlaíonn tar éis don fharógra Cholscartha a bheith déanta saor ón gcáin, ach amháin sa chás is gur ordaigh an chúirt iad.

Ba cheart do lánúin atá ag scaradh comhairle shaineolach chánach a lorg, sula ndéanann siad aon socruithe a bhféadfadh impleachtaí Cain ar ghnóthachain chaipitiúla a bheith leo.

Cáin ar fhaltais chaipitiúla

Séard é Cáin ar Fhaltais Chaipitiúla ná cáin ar thabhartais agus ar oidhreachtaí a fhaigheann duine. Íocann an duine a fhaigheann an tabhartas, nó an t-oidhreacht, an cháin. Bíonn an cháin atá le n-íoc bunaithe ar an luach na sóchmhainne atá a fháil, ar an margadh oscailte. Tá aistriú sochmhainní idir céilí saor ó cháin ar fhaltais chaipitiúla, is cuma cé acu tabhartas nó oidhreacht atá i gceist. Ní chuireann scaradh isteach air seo ach cuireann colscaradh. Bíonn sócmhainní a aistrítear idir céilí do bhárr Órdú Cúirte i bhForógra Colscartha saor ón gcáin seo, ach ní bhíonn aon aistríthe sóchmhainní a tharlaíonn tar éis don Fhorógra Colscartha a bheith déanta saor ón gcáin, ach amháin sa chás is gur ordaigh an chúirt iad. Ba cheart do lánúin atá ag scaradh comhairle ó shaineolaí cánach a lorg sula ndéanann siad aon socruithe a bhféadfadh impleachtaí Cáin Fhaltais Chaipitiúl a bheith leo. Tá tuilleadh eolais sa doiciméad, Cáin Fhaltais Chaipitiúl.

Dleacht Stampála

Baineann dleacht stampála, de ghnáth le aistriú maoine, trí thabhartas nó trí dhíolachán. Ní bhíonn dleacht stampála le n-íoc nuair a aistrítear maoin idir céilí. Ní bhíonn an dleacht le n-íoc ar aistriú maoine idir lanúin atá scartha nó colscartha má déanadh an t-aistriú mar thoradh ar ordú cúirte.

Tá tuilleadh eolais sa doiciméad, Dleacht Stampála.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Na Coimisinéirí Ioncaim

Caisleán Bhaile Átha Cliath
Bhaile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6475000
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin Ghnóthachan Caipitiúil
    Gearrtar Cáin Ghnóthachan Caipitiúil ar ghnóthachan caipitiúil nó brabús a dhéantar ó dhiúscairt sócmhainne. Tá sócmhainní áirithe díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil. Fáil amach an bhfuil tú faoi dhliteanas ag Cáin Ghnóthachan Caipitiúil.
  • Cáin Fháltais Caipitiúil
    Má fhaigheann tú bronntanas, b'fhéidir go mbeidh Cáin Bhronntanais le n-íoc agat air. Má fhaigheann tú oidhreacht tar éis báis, b'fhéidir go mbeidh Cáin Oidhreachta le gearradh air. Is cineálacha Cánach Fháltais Caipitiúil iad an dá cháin seo.
  • Cóid chánach agus páirtnéireacht shibhialta
    Tá fáil anois ar na forálacha cánach a bhaineann le lanúineacha pósta ag páirtnéirí sibhialta. Faigh amach níos mó faisnéise faoi conas a chaitear le páirtnéirí sibhialta faoin gcód cánach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.