Is cáin í Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC) a ghearrtar ar gnóthachan caipitiúil (brabús) a dhéantar ó dhiúscairt sócmhainne ar bith. Tá sí iníoctha ag an duine atá i mbun diúscartha. Áirítear an gnóthachan/brabús (an difríocht idir an praghas a íocadh don sócmhainn agus an praghas ar a díoladh an sócmhainn) mar ioncam inchánach.
Ní rud í sócmhainn gur leatsa thar barr amach, d'fhéadfaí gur sócmhainn doláimhsithe atá i gceist. Mar shampla, dea-thoil i gcomhlacht nó rogha ar shócmhainní a mheastar mar shócmhainní. D'fhéadfaí gur rud atá ann ina bhfuil suim agat, mar shampla, leas léasachta i bpíosa talún.
Ní thagraíonn diúscairt sócmhainne do dhíol sócmhainne ar airgead amháin. Cuimsítear aistriú úinéireachta ar bith trí mhalartú, bronntanas nó comhaontú ar iontaobhaithe. Tá aistrithe sócmhainní idir chéilí díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil. Tá aistrithe sócmhainní idir chéilí atá scartha díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil, má dhéantar iad faoi Chomhaontú Scartha nó ordú cúirte. Léigh anseo chun breis eolais a fháil ar cháin agus scaradh nó colscaradh. Tá aistriú suímh ó thuismitheoir chuig leanbh ar mhaithe le príomh-áitreabh príobháideach an linbh a thógáil, sa chás nach bhfuil luach margaidh an tsuímh os cionn €500,000, saor ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil freisin.
Níl aon Cháin Ghnóthachan Caipitiúil ar shócmhainní a sheoltar tar éis bháis.
Tá gnóthachain nó brabús ar dhiúscairt acmhainní áirithe díolmhaithe go sonrach ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil, a chuimsíonn:
Is é an ráta caighdeánach de Cháin Ghnóthachan Caipitiúil ná 30%.
Is féidir ráta 40% a bheith i gceist, áfach, i gcás polasaithe árachais saoil eachtracha áirithe agus aonaid a ndéantar diúscairt orthu i gcistí easchósta. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim bileog ríomha ar fáil i gcomhair cúinsí nach bhfuil casta, chun cabhrú leat a fháil amach cén mhéid Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a d’fhéadfadh a bheith le híoc agat (pdf).
Is féidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a bheith níos casta ná na samplaí thuas. Mar gheall air seo, ba chóir duit comhairle a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim (féach ‘Tuilleadh Eolais’ thíos). Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim Treoir maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (pdf) freisin.
Tá an chéad €1,270 de ghlanghnóchain duine i mbliain mheasúnaithe díolmhaithe. I gcás lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta tá an díolúine ar fáil do gach céile nó páirtnéir sibhialta ach níl sé inaistrithe.
I gcomhair 2009 agus na blianta ina dhiaidh sin tá an bhliain chánach roinnte in dhá thréimhse athbhreithnithe:
I gcás diúscairtí sa tréimhse tosaigh, tá íocaíochtaí Cáin Ghnóthachan Caipitiúil dlite faoin 15 Nollaig sa bhliain chánach chéanna. Tá Cáin Ghnóthachan Caipitiúil i gcomhair diúscairtí sa tréimhse níos déanaí dlite faoin 31 Eanáir sa bhliain chánach dar gcionn.
Mar shampla, má dhiúscraíonn tú sócmhainn sa tréimhse ó Eanáir go Samhain 2009, ní mór duit an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim a íoc roimh lár mhí na Nollag 2009. Má dhiúscraíonn tú sócmhainn i mí na Nollag 2009, beidh an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil dlite an 31 Eanáir 2009.
I gcomhair 2003 go dtí 2008 roinntear an bhliain chánach in dhá thréimhse:
I gcomhair diúscairtí sa tréimhse tosaigh, tá Cáin Ghnóthachan Caipitiúil dlite faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain chánach chéanna. Tá Cáin Ghnóthachan Caipitiúil i gcomhair diúscairtí sa tréimhse níos déanaí dlite faoin 31 Eanáir sa bhliain cánach dar gcionn.
Mar shampla, má dhiúscraíonn tú sócmhainn idir an 1 Eanáir agus an 30 Meán Fómhair 2008, ní mór duit an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim a íoc ar an 31 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis. Má dhiúscraíonn tú sócmhainn sa tréimhse níos déanaí, is é sin, idir an 1 Deireadh Fómhair 2008 agus an 31 Nollaig 2008, ní mór duit an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil dlite a íoc ar an 31 Eanáir 2009 nó dá éis.
Seol seic don méid Cáin Ghnóthachan Caipitiúil atá dlite chomh maith le duillín pá Cáin Ghnóthachan Caipitiúil chuig oifig an Ard-Bhailitheora i Luimneach.
Tá dhá thréimhse diúscartha éagsúla ann do Cháin Ghnóthachan Caipitiúil, socróidh sé seo an dáta ar a bhfuil an íocaíocht dlite chomh maith le cé acu duillín pá Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a theastaíonn. Tá duillín pá A i gcomhair diúscairtí sa ‘tréimhse tosaigh’ agus duillín pá B i gcomhair na ‘tréimhse níos déanaí’. Téigh i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun foirmeacha do cháin ghnóthachan caipitiúil a fháil.
Ní mór duit tuairisceán cánach a sheoladh isteach maidir le gach diúscairt.
Ní mór duit tuairisceán a chomhdú ar nó roimh an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain inar dhiúscair tú an tsócmhainn. Cé go bhféadfadh tú a bheith ag comhdú do thuairisceán an bhliain dár gcionn, ní mór duit an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil a íoc sa bhliain chéanna a dhiúscair tú an tsócmhainn, murar dhiúscraigh tú an tsócmhainn sa ‘tréimhse níos déanaí’ (féach ‘Íocaíocht Cháin Ghnóthachan Caipitiúil’ thuas).
Má dhéanann tú measúnú ort féin ar mhaithe le cáin (féinmheasúnú)
ba chóir duit tuairisceán cánach a
dhéanamh ar Fhoirm 11 (pdf). Más cáiníocóir ÍMAT tú
ba chóir duit tuairisceán a dhéanamh ar Fhoirm 12 (pdf). Ba chóir do Iontaobhais
agus Eastáit an tuairisceán a dhéanamh ar Fhoirm 1 (pdf). Mura bhfuil
ort tuairisceán cáin ioncaim a dhéanamh, ní mór duit foirm CG1 a
sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Cun tuilleadh eolais a fháil ar Cháin Ghnóthachan Caipitiúil, déan
teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncam.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.