Má fhaigheann tú bronntanas, b'fhéidir go mbeidh Cáin Bhronntanais le n-íoc agat air. Má fhaigheann tú oidhreacht tar éis báis, b'fhéidir go mbeidh Cáin Oidhreachta le gearradh air. Is cineálacha Cánach Fháltais Caipitiúil (CFC) iad an dá cháin seo.
Gearrtar cáin ar an sochar (an bronntanas nó an oidhreacht) má tá luach thar teorainn nó tairseach áirithe aige. Bíonn tairseacha saor ó cháin difriúla i gceist ag brath ar an ngaol idir an teisteoir (an duine a thugann an sochar) agus an tairbhí (an duine a fhaigheann an sochar). Tá roinnt eisceachtaí agus faoisimh éagsúla ann ag brath ar an gcineál bronntanas nó oidhreacht atá i gceist.
Tá tú díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht ó do chéile/páirtnéir sibhialta.
Baineann an cháin leis na maoin ar fad atá lonnaithe in Éirinn. Baineann sé freisin le maoin nach bhfuil lonnaithe in Éirinn nuair atá ceachtar den duine a thugann an sochar nó an duine atá á fháil ina cónaí nó ina gnáthchónaí in Éirinn.
Is féidir bronntanais agus oidhreachtaí a fháil saor ó cháin suas go dtí méid áirithe. Athraíonn an méid saor ó cháin, nó an tairseach, seo ag brath ar an ngaol atá agat leis an duine a thugann an sochar. Tá trí chatagóirí nó grúpaí difriúla. Tá tairseach ag gach ceann a bhaineann leis na sochair iomlána a fuair tú sa chatagóir sin ón 5 Nollaig 1991 i leith.
Bíonn Grúpa A i gceist nuair atá an tairbhí, an duine a fhaigheann an sochar, mar pháiste ag an té atá á thabhairt. Bíonn leasleanbh nó páiste uchtaithe san áireamh anseo freisin.
Is féidir páiste altrama a bheith cuimsithe anseo má chónaigh an páiste altrama leis an diúscróir agus faoina chúram, agus gur chuir sé/sí an cúram ar fáil, ar a c(h)ostas féin, ar feadh tréimhse nó tréimhsí ar a laghad 5 bliana ar an iomlán sular shroich an páiste altrama 18 mbliana d’aois. Ní bhaineann an íostréimhse seo i gcás oidhreachta a thógtar ar dháta báis an diúscróra. Sa chás seo is é tairseach Grúpa A a bheidh i gceist chomh fada is go raibh an páiste altrama curtha faoi chúram an diúscróra roimh an dáta sin.
Baineann Grúpa A le tuismitheoirí a fhaigheann oidhreacht óna gclann, sa chás go nglacann an tuismitheoir úinéireacht iomlán an oidhreachta amháin. Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht agus gan úinéireacht iomlán a bheith acu ar an sochar, nó má fhaigheann tuismitheoir bronntanas, bíonn Grúpa B i gceist.
Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht óna bpáiste, le húinéireacht iomlán na hoidhreachta acu, bíonn sé díolmhaithe ó cháin más rud é go bhfuair an páiste oidhreacht nó bronntanas ó cheachtar den dá thuismitheoir nach raibh díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil sna cúig bliana roimhe sin. Ní gá cáin ar bith a íoc sa chás seo fiú má tá an oidhreacht ón bpáiste thar an tairseach.
Bíonn Grúpa B i gceist nuair atá an tairbhí mar:
Má tá an duine garchlainne ina m(h)ionaoiseach (faoi 18 mbliana d'aois) agus má fhaigheann sé/sí bronntanas nó oidhreacht óna s(h)eantuismitheoir is féidir le Grúpa A a bheith i gceist má tá tuismitheoirí an duine garchlainne básaithe.
D'fhéadfadh tairseach Grúpa A a bheith i gceist más rud é go raibh nia nó neacht ag obair sa ghnó atá ag an té a thugann an sochar ar feadh na cúig bliana roimhe sin agus go gcomhlíonann sé/sí na critéir seo a leanas:
Bíonn Grúpa C i gceist do chaidreamh ar bith nach bhfuil san áireamh i nGrúpa A nó i nGrúpa B.
Má fhaigheann tú sochar ó ghaol le do chéile básaithe, is féidir measúnú a dhéanamh ort faoin ngrúpa céanna a mbeadh ag do chéile dá mbeadh siadsan ag fáil an tsochair óna ngaol. Mar shampla, má fhaigheann tú sochar ó athair do chéile, is é an Grúpa C an ghrúpthairseach a bheadh i gceist. Ach má fhaigheann tú sochar ó athair do chéile agus do chéile básaithe, ansin bheadh an ghrúpthairseach a bhaineann leat mar an gcéanna leis an tairseach do pháiste atá ag fáil sochar óna t(h)uismitheoir, sé sin Grúpa A.
| Tairseacha CFC | |||||
| 2009 (roimh 8 Aibreán 2009) | 2009 (ó 8 Aibreán 2009) | 2010 (roimh 8 Nollaig 2010) | 2010 (ó 8 Nollaig 2010) agus 2011 | 2011 (ó 7 Nollaig 2011) agus 2012 | |
| Grúpa A | €542,544 | €434,000 | €414,799 | €332,084 | €250,000 |
| Grúpa B | €54,254 | €43,400 | €41,481 | €33,208 | €33,208 |
| Grúpa C | €27,127 | €21,700 | €20,740 | €16,604 | €16,604 |
Is é an dáta luachála ná an dáta ar a mbunaítear luach margaidh na maoine atá i gceist sa tabhartas/oidhreacht.
I gcás tabhartais, is hiondúil gur é dáta na luachála dáta an tabhartais.
I gcás oidhreachta, is iondúil gur é an dáta luachála an chéad cheann de na dátaí seo a leanas:
Is hiondúil gurb é an dáta báis an dáta luachála sna himthosca seo a leanas:
Is é an luach atá ar bhronntanas nó ar oidhreacht ná an luach ar an margadh ag an am go mbeidh tú i dteideal úsáid nó leas a bhaint as.
Is é an luach atá inchánach ná an luach ar an margadh lúide na asbhaintí seo a leanas.
Is féidir 'dliteanais, costais nó speansais ar bith atá iníoctha de réir ceart' a bhaint as. Bheadh fiacha a gcaithfear íoc de réir dlí agus atá le n-íoc ón sochar nó dá bharr i gceist anseo. Le hoidhreacht, bheadh costais shochraide, costais riaracháin an eastáit, nó fiacha atá dlite ag an duine mhairbh san áireamh anseo. Do bhronntanas, d'fhéadfadh costais dlí nó dleacht stampála a bheith san áireamh.
Má dhéanann tú íocaíocht as an sochar nó má thugann tú cúnamh nó cabhair eile mar chúiteamh air, is féidir é seo a bhaint as freisin. Tugtar 'comaoin' air seo, agus mar shampla d'fhéadfadh páirtíocaíocht, suim a íoctar leis an ndeontóir nó le duine eile go bliantúil, nó íocaíocht as fiacha an deontóra a bheith i gceist.
Má fhaigheann tú sochar ar feadh tréimhse theoranta seachas úinéireacht iomlán a fháil air, tá roinnt fachtóirí a thógtar san áireamh chun an luach a mheas. Mínítear an chaoi chun luach leasa teoranta a ríomh i dTreoir IT 39 de chuid na Coimisinéirí Ioncaim (pdf) (féach Aguisín 7).
Sé an ráta caighdeánach ar Cháin Fháltais Caipitiúil ná 30% ar bhronntanais nó oidhreachtaí déanta ó mheán oíche an 7ú Nollaig 2011. B’é an ráta ná 25% roimhe sin. Ní bhaineann sé seo ach le suimeanna os cionn an ghrúpthairseach. Mar shampla, más rud é go bhfuair tú bronntanais de €550,000 luach inchánaithe ó do thuismitheoirí, ní íocfá cáin ach amháin ar an méid os cionn an ghrúpthairseach cuí. (2011 Grúpa AL €250,000). Mar sin gearrfar cáin ag ráta 30% ar €300,000.
Tá na nithe seo a leanas díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil:
Tá an chéad €3,000 den luach iomlán ar na bronntanais ar fad a fhaightear ó duine amháin i mbliain na féilire ar bith díolmhaithe. Ní bhaineann sé seo le hoidhreachtaí.
Má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht a bhí mar phríomháit cónaithe agat, b'fhéidir go mbeadh sé díolmhaithe ó cháin Mura bhfuil aon teach eile nó leas i dteach eile agat. Tá coinníollacha ann maidir leis an dtréimhse ama go gcaithfidh tú a bheith i do chónaí sa teach roimh agus tar éis duit an sochar a fháil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin díolúine teach cónaithe féach thíos nó bileog na gCoimisinéirí Ioncaim CAT 10)
Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht óna bpáiste agus má ghlacann sé/sí úinéireacht iomlán na hoidhreachta, bíonn sé inchánachfaoi Ghrúpa A go hiondúil. Ach bíonn sé díolmhaithe más rud é gur thóg an páiste bronntanas nó oidhreacht ó cheachtar den dá thuismitheoir nach raibh díolmhaithe ó Cháin Fháltais Chaipitiúil sna cúig bliana roimhe sin.
Baineann eisceachtaí eile le hurrúis áirithe de chuid Rialtas na hÉireann, féimheacht, maoin oidhreachta, agus tacaíocht do pháiste nó do chéile.
Féach Aguisín 6 de Threoir IT39 na gCoimisinéirí Ioncaim i gcomhair tuilleadh eolais maidir leis na heisceachtaí agus na faoisimh thuas.
Baineann faoiseamh cánach le bronntanais agus oidhreachtaí ar mhaoin gnó iad agus tugtar laghdú 90% do luach inchánachna maoine. Tá tuilleadh eolais faoi faoiseamh gnó sa bhileog na gCoimisinéirí Ioncaim CAT 4.
Baineann faoiseamh cánach le bronntanais agus oidhreachtaí ar mhaoin
thalmhaíochta iad agus tugtar laghdú 90% do luach inchánachna maoine ar
mhaithe le Cáin Fháltais Caipitiúil. Tá tuilleadh eolais faoi faoiseamh
talmhaíochta sa bhileog na gCoimisinéirí Ioncaim CAT 5.
Más rud é go bhfuil bronntanas nó oidhreacht faighte agat tá tusa freagrach as aon Cháin Fháltais Caipitiúil atá dlite a íoc. Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn, ní mór duit gníomhaire a fháil a chónaíonn in Éirinn chun freagracht a ghlacadh as CAT a íoc, mar shampla, aturnae a chónaíonn in Éirinn.
Chaithfidh tú tuairisceán cánach a dhéanamh má tá a luach iomlán na bronntanais agus na n-oidhreachtaí atá faighte agat i ngrúpa ar bith, A, B nó C, ón 5 Nollaig 1991 i leith níos mó ná 80% den thairseach saor ó cháin don ghrúpa sin.
Mar shampla, más rud é go bhfuair tú bronntanas de €20,000 ó dheartháir leat agus ansin oidhreacht de €10,000 ó sheantuismitheoir, tagann an dá sochar seo faoi Grúpa B agus luach iomlán €30,000 acu. Is é €33,208 an tairseach do Ghrúpa B i 2012 agus is é €26,566.40 80% dó seo. Mar gheall go bhfuil na sochair i ngrúpa B os cionn 80% den thairseach saor ó cháin, caithfidh tú tuairisceán cánach a dhéanamh cé go bhfuil an suim iomlán atá faighte faoin tairseach.
Bronntanais nó oidhreachtaí a bhfuil dáta luachála roimh an 14 Meitheamh 2010 ag baint leo
Caithfidh tú an tuairisceán cánach a dhéanamh agus an cháin a íoc taobh istigh de ceithre mhí ó dháta na luachála. Is féidir é seo a dhéanamh trí Fhoirm IT 38 (pdf) a líonadh. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim Treoir maidir leis an Tuairisceán Féinmheasúnachta a líonadh (Foirm IT 38) ar fáil. Mura mbíonn an cháin íoctha taobh istigh de 4 mhí, gearrfar ús ort
Bronntanais nó oidhreachtaí a bhfuil dáta luachála tar éis an 14 Meitheamh 2010 nó ar an dáta sin ag baint leo
Beidh dáta nua socraithe um íoc agus tuairisciú CAT i gceist le haghaidh bronntanas nó oidhreachtaí a bhfuil dáta luachála tar éis an 14 Meitheamh 2010 nó ar an dáta sin ag baint leo. Ní mór do gach bronntanas agus oidhreacht lena mbaineann dáta luachála sa tréimhse 12 mhí dár críoch an 31 Lúnasa seo caite a bheith íoctha agus tuairiscithe faoin 30 Meán Fómhair.
Dá bhrí sin, má tá an dáta luachála idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 30 Meán Fómhair, nó ar an dáta sin, sa bhliain sin. Má tá an dáta luachála idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 30 Meán Fómhair, nó ar an dáta sin, an bhliain dár gcionn.
| Mar shampla |
Má tá dáta luachála an 21 Feabhra 2012 ag baint le d’oidhreacht, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 30 Meán Fómhair 2012 nó ar an dáta sin. Má tá dáta luachála an 6 Samhain 2012 ag baint le d’oidhreacht, ní mór duit an tuairisceán cánach a chomhlánú agus an cháin a íoc roimh an 30 Meán Fómhair 2013 nó ar an dáta sin. |
Tá formhuirear i gceist ar íoc agus tuairisciú déanach CAT. Tá an formhuirear bunaithe ar chéatadán den cháin iomlán atá iníoctha don bhliain dá bhfuil an tuairisceán déanach agus bíonn sé grádaithe de réir fhad na moille. Tá teorainn fhoriomlán ar leibhéal an fhormhuirir a ríomhtar mar seo a leanas:
Ní mór tuairisceáin chánach bronntanais agus oidhreachta a dhéanamh go leictreonach trí úsáid a bhaint as Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim, ach tá roinnt eisceachtaí i gceist leis sin. Beidh foirm nua páipéar do thuairisceán cánach bronntanais agus oidhreachta (Foirm IT38S) ar fáil, ach ní ceadmhach duitse, an cáiníocóir, í a úsáid, mura gcomhlánaíonn tú na critéir seo a leanas:
Imthosca speisialta
Is féidir an cháin a íoc i tráthchodanna ar feadh treimhse níos lú ná 60 mhí i gcúinsí áirithe. Baineann sé seo le maoin ar bith nach bhfuil úinéireacht iomlán ag an tairbhí uirthi.
Baineann sé freisin más rud é gur úinéireacht iomlán ar
Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncam deacrachtaí airgid a thógáil san áireamh le cead a thabhairt duit aon cháin dlite a chuir siar.
An Aonad Náisiúnta Faisnéise CAT do Cháiníocóirí
An Chéad Urlár
CRIO
Sráid na hArdeaglaise
Baile Átha Cliath 1
Ireland
Teil:(01) 865 5000
Lóghlao:1890 201 104
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: catdr@revenue.ie
Tá díolúine ag na hábhair seo a leanas ó Cháin Fháltais Caipitiúil:
Tithe, gairdíní nó réada a bhfuil fiúntas náisiúnta, eolaíochta, stairiúil nó ealaíonta ag baint leo, agus a chomhlíonann coinníollacha áirithe (féach ‘Faoiseamh ar Mhaoin Oidhreachta’ thíos).
Ní hiondúil go mbíonn Cáin Bhronntanais dlite ar phinsin ná ar íocaíochtaí iomarcaíochta. Má tá gaol ag an bhfostaí leis an bhfostóir, áfach, nó más cuideachta phríobháideach é an fostóir agus go meastar go bhfuil smacht ag an bhfostaí ar an gcuideachta, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine seo a dhícheadú má cheapann siad go bhfuil an íocaíocht iomarcach.
Tá díolúine ag an gcéad €3,000 de luach iomlán na dtabhartas ar fad a fhaightear ó dhuine amháin in aon bhliain féilire ar bith. Ní bhaineann sé seo le hoidhreachtaí.
Má fhaigheann tuismitheoir oidhreacht (le húinéireacht iomlán) óna leanbh, tá sé díolmhaithe ó cháin má fuair an leanbh oidhreacht nó tabhartas ó cheachtar tuismitheoir sna cúig bliana roimhe sin agus nach raibh an oidhreacht nó an tabhartas sin díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil.
Is hiondúil go mbíonn díolúine ag íocaíochtaí a laghdaíonn fiacha duine atá féimheach nó gar a bheith féimheach (Alt 82 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003).
Baineann díolúintí eile le hurrúis rialtais nó iontaobhais aonaid ina bhfuil an tairbhí neamhchónaitheach.
Féach Aguisín 6 de threoir na gCoimisinéirí Ioncaim IT 39 (pdf) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na faoisimh agus na díolúintí thuas.
D’fhéadfadh tabhartas nó oidhreacht tí a bhí mar phríomháit chónaithe agat a bheith díolmhaithe ó Cháin Fháltais Caipitiúil mura bhfuil úinéireacht nó leas agat in aon teach eile.
Ní mór go raibh tú i do chónaí sa teach seo mar do phríomháit chónaithe ar feadh na trí bliana díreach roimh dháta an tabhartais nó na hoidhreachta. I gcás tabhartas a tógadh an 20 Feabhra 2007 nó dá éis, ní dhéanfar an tréimhse ina raibh cónaí ort sa teach a chomhaireamh má bhí sé mar phríomháit chónaithe nó mar an t-aon áit chónaithe a bhí ag an diúscróir, mura raibh an diúscróir ag brath ar do chúram mar gheall ar sheanaois nó ar thinneas. Ina theannta sin, ní mór don teach a bheith faoi úinéireacht an diúscróra ar feadh trí bliana más tabhartas é a tógadh an 20 Feabhra 2007 nó dá éis.
Má fuair tú an teach mar do phríomháit chónaithe in áit teach eile le linn na tréimhse sin, is féidir leat an díolúine a éileamh chomh fada agus go raibh do phríomháit chónaithe i gceann de na tithe seo ar feadh tréimhse iomlán trí bliana as na ceithre bliana roimhe sin. I gcás tabhartas a tógadh an 20 Feabhra 2007 nó dá éis, áfach, ní mór gach teach a bheith faoi úinéireacht an diúscróra le linn an chuid ábhartha den tréimhse 3 bliana a raibh cónaí ort ann.
Ní mór duit cónaí a bheith ort sa teach mar do phríomháit chónaithe ar feadh sé bliana ina dhiaidh sin, ach ní bhaineann an coinníoll seo leat má bhí tú os cionn 55 bliana d’aois nuair a fuair tú an sochar. Má tá tú as baile mar gheall ar oibleagáid chun oibriú thar lear, is féidir leat é seo a chomhaireamh mar am a raibh cónaí ort ann.
Sa chás go bhfaigheann tú maoin eile in áit an tí atá agat mar do phríomháit chónaithe, ní mór go raibh na tithe seo mar do phríomháit chónaithe ar feadh sé bliana as na seacht mbliana ag tosú ar dháta an tabhartais nó na hoidhreachta.
Má dhíolann tú an teach agus nach gcomhlíonann an díolachán na coinníollacha atá leagtha síos thuas tarraingeofar siar an faoiseamh. Eisceacht sa chás seo ná má dhíoltar an mhaoin mar gheall go dteastaíonn cúram fadtéarmach uait in ospidéal nó i dteach altranais.
Má dhíolann tú an teach taobh istigh de shé bliana agus go bhfuil luach an áitribh a cheannaíonn tú ina áit níos lú ná luach an bhun-áitribh, aisghlámfar an difir eatarthu. Mar shampla, má bhí an chéad fhaoiseamh d’áitreabh arbh fhiú €600,000 é agus má dhíolann tú é seo chun áitreabh ar fiú €400,000 é a cheannach, ní cheadófar faoiseamh duit ach ar an €400,000 agus aisghlámfar an difir €200,000. Beidh ort foirm athbhreithnithe IT 38 a chomhlánú agus an cháin bhreise a íoc taobh istigh de cheithre mhí.
Is féidir le tabhartais agus oidhreachtaí de mhaoin talmhaíochta cáiliú i gcomhair faoisimh a laghdaíonn luach margaidh na maoine de 90% ar mhaithe le Cáin Fháltais Caipitiúil.
Ní mór don tairbhí a bheith ina f(h)eirmeoir ionas go gcáileoidh sé/sí don fhaoiseamh. Ciallaíonn sé seo, ag tógáil an tabhartais nó na hoidhreachta san áireamh, nach mór do mhaoin talmhaíochta a bheith ionann le 80% ar a laghad d’oll-luach margaidh do chuid sócmhainní ar dháta na luachála. Níl an srian seo i gceist más crainn nó roschoill atá sa tabhartas nó san oidhreacht.
Mura bhfuil do phríomháit chónaithe lonnaithe ar an bhfeirm ní cháilíonn sé mar mhaoin talmhaíochta. Rinneadh athrú i mBuiséad 2007 a chiallaíonn gur féidir iasachtaí i gcomhair áit chónaithe den chineál seo a fhritháireamh i gcoinne a luach. D’fhéadfadh sé seo luach na sócmhainní nach mbaineann le talmhaíocht a laghdú, rud a mhéadódh comhréir na sócmhainní talmhaíochta don riail 80%.
Déanfar an faoiseamh a aistarraingt:
Mura gcáilíonn tairbhí do Fhaoiseamh Talmhaíochta, d’fhéadfadh maoin talmhaíochta cáiliú do Fhaoiseamh Gnó.
Má thugtar Faoiseamh Talmhaíochta nó Faoiseamh Gnó ar luach forbartha an talaimh fhorbraíochta, aisghlámfar an faoiseamh má dhiúscraítear an talamh idir sé agus deich mbliana i ndiaidh dháta an tabhartais nó na hoidhreachta. Is éard atá i dtalamh forbraíochta ná talamh le luach níos airde ná luach úsáide reatha an talaimh ag dáta an tabhartais nó na hoidhreachta.
Nuair atá luach inchánaithe na maoine i ndiaidh faoiseamh talmhaíochta á
ríomh, ní thógtar ach 10% de luach na n-asbhaintí ceadaithe san áireamh
(is é sin le rá, laghdaítear na hasbhaintí de 90%, i gcomhréir leis an
bhfaoiseamh).
Tá tuilleadh eolais faoi Fhaoiseamh Talmhaíochta ar fáil in IT 39 (Aguisín
2) nó Alt
89 d’Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.
Cáilíonn tabhartais agus oidhreachtaí roinnt maoin gnó ábhartha i gcomhair faoisimh a laghdaíonn luach inchánaithe na maoine de 90% chun críocha Cháin Fháltais Caipitiúil.
Maoin ghnó ábhartha
Cuimsíonn maoin ghnó ábhartha iad seo a leanas.
An gnó, nó, i gcás gnó atá ar bun ag trádálaí aonair nó ag comhpháirtíocht, leas sa ghnó. Is é an sainmhíniú atá ar “Ghnó” ná gnó a dhéantar ar mhaithe le brabús agus cuimsíonn sé cleachtadh gairme chomh maith le ceird. Ní bheidh sócmhainní aonair a úsáidtear sa ghnó, cosúil le monarcha, incháilithe don sochar má aistrítear chuig an tairbhí iad d’uireasa an ghnó.
Scaireanna nó urrúis neamhluaite cuideachta atá i mbun gnó chomh fada is go bhfuil an chuideachta ionchorpraithe agus go gcomhlíonann na scaireanna riachtanais áirithe atá sainithe in alt 93 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus leagtha síos in IT 39 (Aguisín 3).
Aon tailte nó foirgnimh, innealra nó gléasra sa Stát atá faoi úinéireacht an diúscróra ach a úsáidtear go hiomlán nó den chuid is mó ar mhaithe le gnó atá ar bun ag cuideachta atá faoi smacht an diúscróra nó faoi smacht comhpháirtíochta a raibh an diúscróra ina chomhpháirtí de. Ní mór don tairbhí na scaireanna sa chuideachta nó an leas comhpháirtíochta a ghlacadh chomh maith leis na tailte, na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra ionas go gcáileoidh na sócmhainní sin don fhaoiseamh.
Scaireanna nó urrúis luaite cuideachta má bhí na scaireanna neamhluaite roimh an 23 Bealtaine nó má tharla sé níos déanaí, go raibh siad neamhluaite tráth a raibh an diúscróir ina úinéir tairbhiúil. Ní mór do scaireanna nó urrúis luaite an riachtanas céanna atá sonraithe do scaireanna neamhluaite a chomhlíonadh ionas go gcáileoidh siad i gcomhair faoisimh.
Tá gnólachtaí eisiata ón bhfaoiseamh más láimhseáil airgeadra, urrúis, stoic, scaireanna, tailte nó foirgnimh ar fad nó is mó atá ar bun acu, nó déanamh nó coinneáil infheistíochtaí.
Ba chóir an mhaoin ghnó ábhartha a bheith faoi úinéireacht leanúnach an diúscróra ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad i gcás oidhreachta a tógadh nuair a fuair an diúscróir bás nó cúig bliana in aon chás eile.
Is féidir tréimhse faoi úinéireacht chéile an diúscróra nó iontaobhaí a bheith san áireamh sa tréimhse seo. Is féidir athsholáthar ar mhaoin ghnó ábhartha a bheith san áireamh sa riachtanas úinéireachta, agus sa chás sin bíonn íostréimhsí trí bliana agus sé bliana i gceist faoi seach.
Sa chás go bhfaigheann tairbhí tabhartas nó oidhreacht a chomhlíonann an riachtanas íostréimhse ach go bhfaigheann siad bás sula mbíonn úinéireacht acu ar an maoin don íostréimhse, is féidir leis an té a fhaigheann an sochar mar oidhreacht ina dhiaidh sin cáiliú i gcomhair faoisimh ghnó faoin gcoinníoll íostréimhse.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhaoiseamh Gnó féach alt 92 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.
Tá díolúine ag tithe agus gairdíní nó réada a bhfuil fiúntas náisiúnta, eolaíochta, stairiúil nó ealaíonta ag baint leo ó Cháin Fháltais Caipitiúil má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.
Ní mór áiseanna réasúnta féachana a bheith ar fáil don phobal, nó, i gcás réada, do chomhlachais nó do chumainn aitheanta.
Ní féidir an mhaoin a úsáid ar mhaithe le trádáil.
Ní mór áiseanna réasúnta féachana a bheith ar fáil don phobal i dtithe agus i ngairdíní ar feadh trí bliana roimh thabhartas nó oidhreacht.
Ní féidir an mhaoin a dhíol taobh istigh de shé bliana murar le hinstitiúid náisiúnta a dhíoltar é faoi chonradh príobháideach.
Is féidir an faoiseamh a aisghlámadh mura gcloítear leis na coinníollacha.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi faoiseamh ar mhaoin oidhreachta, féach an bhileog CAT 8 na gCoimisinéirí Ioncaim
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.