Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Coigiltis agus infheistithe > Comparáid a dhéanamh idir ús ar choigilteas agus ar iasachtaí

Print Page Send to a Friend

Comparáid a dhéanamh idir ús ar choigilteas agus ar iasachtaí

Réamhrá

Úsáideann seirbhísí airgeadais cosúil le bainc, Comhair Chreidmheasa agus cumainn foirgníochta téarmaí difriúla don ús a ghearrtar nó a thuilltear ar tháirgí airgeadais.

Is iad an ceithre théarma is coitianta a fheicfidh tú ná:

  • Úsáidtear an Ráta Céatadánach Bliantúil (APR) le haghaidh iasachtaí
  • Úsáidtear an Ráta Bliantúil Coibhéiseach (EAR) le haghaidh coigiltis agus iasachtaí
  • Úsáidtear an Ráta Bliantúil Coibhéiseach (AER) le haghaidh coigiltis
  • Úsáidtear an Toradh Iolraithe Bliantúil (CAR) le haghaidh coigiltis

Úsáidtear APR agus EAR don ús a ghearrtar ar airgead a thóg tú ar iasacht ó institiúid airgeadais

Úsáidtear AER, CAR agus EAR don ús a thuilltear ar airgead a choigil tú le hinstitiúid airgeadais

APR agus EAR

APR

Ciallaíonn an Ráta Céatadánach Bliantúil (APR) an ráta úis a thugann costas iarbhír na hiasachta nuair a dhéantar é a shuimiú le d’iasacht. Déantar APR a ríomh go bliantúil ar phrionsabal laghdaithe na hiasachta. Ciallaíonn an prionsabal laghdaithe an tsuim atá fós le haisíoc agat, agus ní an tsuim a thóg tú ar iasacht.

Tógann APR ús a ghearrtar agus muirir bhreise ar bith eile san áireamh. Ciallaíonn sé sin go ndéantar muirir agus táillí a chur le méid na hiasachta sula ndéantar ús a ríomh.

Dá airde an APR is ea is mó costas na hiasachta.

EAR

Úsáidtear an Ráta Bliantúil Coibhéiseach (EAR) chun ús ar chuntais a ríomh ar féidir leo a bheith i gcreidmheas nó rótharraingthe. (Má tá airgead agat i do chuntas, tá do chuntas i gcreidmheas). Léiríonn EAR an ráta úis a ghearrtar nó a thuilltear. Mar shampla, is féidir le cuntas reatha le saoráid rótharraingthe 2 ráta EAR a bheith aige – ceann amháin a íoctar nuair atá an cuntas i gcreidmheas agus ceann eile le haghaidh ús a ghearrtar nuair atá an cuntas rótharraingthe. Mura ndéantar ach EAR amháin a lua, ba chóir duit fáil amach an mbaineann an ráta le d’iarmhéid sochair nó le do rótharraingt. Seiceáil leis an mbanc i gcónaí chun fáil amach faoin ráta úis a ghearrtar ar do shaoráid rótharraingthe.

Tógann EAR san áireamh cén uair a dhéantar an t-ús a ghearradh nó a thuilleamh, agus muirir bhreise ar bith eile. Áirítear leis na muirir bhreise táillí ráithiúla, táillí bunaithe, agus araile.

Ríomhann EAR an t-ús amhail is go mbeadh íocaíocht déanta uair amháin sa bhliain, fiú má dhéantar íocaíocht dhá nó trí huaire in aghaidh na bliana. Mar shampla, ceadaíonn sé duit comparáid a dhéanamh ar an tsuim a thuillfear nó a ghearrfar ar do chuntas nuair a íoctar nó a ghearrtar ús go míosúil.

Dá airde an EAR, is ea is mó úis a ghearrfar nó a thuillfear. Tá sé cosúil le APR (Ráta Céatadánach Bliantúil), cé go mbaineann APR le táirgí iasachta amháin. Baineann EAR le taiscí chomh maith le rótharraingtí. Léiríonn sé an costas iarbhír a bhaineann le saoráid rótharraingthe.

Comparáid idir APR agus EAR

Cén úsáid atá aige:

Ciallaíonn APR an costas a bhaineann le hiasacht a fháil, mar shampla, iasacht ón gComhar Creidmheasa. Ní úsáidtear APR chun ús ar choigilteas a ríomh.

Is féidir EAR a úsáid le haghaidh cuntas atá rótharraingthe (iasacht) nó i gcreidmheas (coigilteas). Mar shampla, is féidir EAR a úsáid le haghaidh cuntas reatha le saoráid rótharraingthe.

Conas a ríomhtar an t-ús:

Tógann EAR agus APR táillí agus muirir san áireamh. Má tá iasacht agat, cuirfear táillí agus muirir le méid na hiasachta sula ndéantar ús a ríomh.

Déantar APR a ríomh bunaithe ar phrionsabal laghdaithe na hiasachta ag an am a dhéantar an t-ús a ghearradh. Déantar APR a ríomh bunaithe ar an méid atá fós le haisíoc ag an am a dhéantar an t-ús a ghearradh.

AER agus CAR

Léiríonn an Ráta Bliantúil Coibhéiseach (AER) agus an Toradh Iolraithe Bliantúil (CAR) an t-ús iarbhír atá gnóthaithe agat ar choigilteas nó infheistíochtaí úsbhunaithe ag deireadh na bliana.

Tógann AER agus CAR rialtacht íocaíochta an úis san áireamh mar méadaíonn do choigilteas nuair a chuirtear do choigilteas leis an ús. Dá réir sin, an chéad uair eile a dhéantar ús ar do choigilteas a ríomh, tagann méadú air seo freisin. Tugtar ús iolraithe air. Ús iolraithe is ea nuair a chuirtear suim an úis roimhe sin leis an gcéad shuim úis eile atá dlite.

Sampla d’ús iolraithe:

Má dhéanann institiúid airgeadais ráta úis de 4% in aghaidh na bliana a lua atá iolraithe thar 6 mhí. 'Ráta Ainmniúil’ a thugtar ar an 4% sin. Ciallaíonn sé sin go n-íocann an institiúid airgeadais ús iolraithe ag ráta 2% gach 6 mhí. I ndáiríre, tuilleann an t-ús a íoctar ag deireadh na 6 mhí ús don dara 6 mhí den bhliain. Ar an ábhar seo, níl 4% atá iolraithe gach 6 mhí, mar an gcéanna le 4% atá iolraithe go bliantúil.

Déanann tú €500 a infheistiú ag ráta 4% gach bliain, atá iolraithe gach 6 mhí.

Tréimhse ama Ús Luach Carnach
Tar éis 6 mhí €10 €510
Tar éis 12 mhí €10.20 €520.20

Níl sa €10 ús don chéad 6 mhí ach go simplí 2% de €500. Déantar an figiúir seo a chur leis an infheistíocht thosaigh chun €510 a fháil mar iomlán. An t-ús don dara sé mhí den bhliain ná €10.20 nó 2% de €510. Dá réir sin, an ráta úis bhliantúil a chuirtear i bhfeidhm ná 20.20 /500 x 100 = 4.04%.

Comparáid idir EAR agus AER/CAR

Cén úsáid atá aige:

Léiríonn AER agus CAR an t-ús atá gnóthaithe agat ar choigilteas agus infheistíochtaí úsbhunaithe, agus ní féidir iad a úsáid le haghaidh iasachtaí agus rótharraingtí. Úsáidtear EAR le haghaidh cuntas ar féidir leo a bheith i gcreidmheas nó rótharraingthe, mar shampla, cuntas reatha le saoráid rótharraingthe.

Má dhéanann institiúid airgeadais ráta AER nó CAR a lua le haghaidh cuntas, d’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha a bheith i gceist leis an gcuntas freisin a chuirfidh bac ort an ráta iomlán a fháil. Mar shampla, b’fhéidir nach bhfaighfeá an ráta iomlán má dhéanann tú coigilteas a tharraingt siar roimh dháta áirithe.

Conas a ríomhtar an t-ús:

Le AER agus CAR, nuair a dhéantar an t-ús a ríomh cuirtear le do choigilteas é, ag méadú do choigiltis dá réir agus tuillfidh tú breis úis an chéad uair eile a dhéanfar é a ríomh. Is ús iolraithe a thugtar ar ús a chuirtear le do choigilteas ar an mbealach seo. Ní bhíonn ús EAR iolraithe.

Ní thógann AER agus CAR táillí nó muirir san áireamh. Mar sin féin leis an EAR, má tá coigilteas agat i gcuntas, déantar do tháillí agus muirir a dhealú ó do choigilteas iomlán sula ndéantar d’ús EAR a ríomh.

Rialacha

APR

Sonraíonn dlí na hÉireann go gcaithfidh an APR a bheith tugtha i bhfógra ar bith faoi infhaighteacht creidmheasa. Seo é an t-aon ráta úis a chaithfidh a bheith le feiceáil san fhógra agus caithfidh sé a bheith le feiceáil go soiléir. Tá na riachtanais sin leagtha síos in Alt 21 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995.

AER, EAR agus CAR

Leagtar rialacha amach sa Chód um Chosaint Tomhaltóirí (pdf) le haghaidh institiúidí airgeadais maidir le húsáid téarmaí cosúil le AER, EAR agus CAR.

Rataí

Go ginearálta, dá ísle an APR ar iasacht, is ea is ísle a bheidh an costas creidmheasa don tomhaltóir.

Dá airde an ráta EAR is ea is mó úis a thuillfidh tú, ach mar sin féin, beidh costas níos mó ort má tá do chuntas rótharraingthe.

Dá airde an ráta AER nó CAR ar choigilteas agus infheistíochtaí is ea is mó úis a thuillfidh tú.

Socraíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis. Is féidir leo athrú go laethúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarr ar d'institiúid creidmheasa faoi APR sula ndéanann tú cinneadh faoi chomhaontú creidmheasa ar bith.

Féach i gcúpla áit chun an AER, EAR nó CAR is fearr a fháil.

Má tá gearán agat faoi institiúid airgeadais, déan teagmháil le Biúró Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais. Má airíonn tú go raibh fógra in Éirinn míthreorach, is féidir leat gearán a dhéanamh le hÚdarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ráta Bliantúil Céatadáin (RBC)
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an Ráta Bliantúil Céatadáin (RBC) agus an tábhacht a bhaineann leis don chaiteoir.
  • Ag fáil airgid ar iasacht in Éirinn
    Nuair atá tomaltóirí ag fáil airgid ar iasacht, tugann an reachtaíocht cosaint orthu. Tugtar comhairle do dhaoine an iasacht cheart a oirfidh dá riachtanais a fháil agus tabharfar comhairle ann breathnú i gcúpla áit sula bhfaigheann duine iasacht.
  • Cineálacha Creidmheasa
    Tá cineálacha difriúil creidmheasa ar fáil do thomhatoirí in Eirinn. Deantar cur síos anseo ar na cineál is coitianta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.