Bunaíodh an Bord Pinsean faoi Acht na bPinsean 1990 agus forálann sé do riar ceart scéimeanna pinsean agus do chosaint chearta pinsin do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn.
Is é an Bord an comhlacht rialála ar scéimeanna pinsean ceirde agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSPanna) agus tá ról aige i bhforbairt beartais pinsean go ginearálta.
Tá an Bord freagrach as:
Tá an Bord Pinsean déanta suas d'ionadaithe arna n-ainmniú ag ceardchumainn, fostóirí, an Rialtas, an tionscal pinsean agus grúpaí tomhaltóirí agus gairme.
Is féidir leis an mBord Pinsean cabhrú leat má tá imní ort faoi fheidhmiú do CCSP nó do scéime pinsean ceirde
Má tá gearán agat faoi do phinsean nach bhfuil tú in ann a réiteach le do sholáthraí CCSP (nó, i gcás pinsin cheirde le d'fhostóir, riarthóir pinsean nó iontaobhaithe), ansin is féidir leat dul i dteagmháil leis an mBord Pinsean le comhairle agus cúnamh a fháil.
Is féidir leis an mBord:
Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil ar ghearáin faoi phinsin.
Soláthraíonn an Bord seirbhísí eolais le cabhrú le baill de scéimeanna pinsean a gcearta a thuiscint agus leas a bhaint as na cearta sin lena chinntiú go bhfuil a bpinsin faoi chosaint iomlán. Cuireann an Bord eolas ar fáil d'iontaobhaithe agus sholáthraithe pinsean chomh maith.
Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 613 1900
Lóghlao:1890 656 565
Facs:+353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsboard.ie/
R-phost: info@pensionsboard.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.