Cáin ar Phinsin

Réamhrá

Gearrtar cáin, go ginearálta, ar ioncam a fhaigheann tú as pinsin. Mínítear ar an leathanach seo conas a ghearrtar cáin ar ioncam ó phinsin.

Nuair a théann tú ar scor, is féidir leat cuid de do phinsean a fháil mar chnapshuim. Tá faoiseamh cánach ar fáil ar chnapshuimeanna ar scor.

Pinsin ghairme

Gearrtar cáin ar phinsin ghairme. Gearrtar cáin orthu faoin gcóras ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir) agus, mar sin, tá an próiseas mar an gcéanna leis an bpróiseas nuair a bhí do thuarastal á íoc leat. Má tá pinsean ceirde agus pinsean leasa shóisialaigh agat, d'fhéadfadh go mbeadh cáin le híoc agat ar an dá rud. Is féidir níos mó a léamh faoi cháin a ghearradh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ní ghearrtar ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) ar phinsin cheirde ach má tá tú níos óige ná 66 bliain d’aois, b’fhéidir go mbeidh ort ÁSPC a íoc ar ioncam eile. Gearrtar an Muirear Sóisialta Uilíoch (an MSU) ar phinsin ghairme.

Níl ar go leor pinsinéirí cáin a íoc mar gheall go bhfuil méid a n-ioncam faoi bhun an leibhéil ar a ngearrtar cáin. Cuirtear creidmheasanna cánach breise ar fáil do dhaoine níos sine ná 65 bliain agus tá teorainneacha díolúine ioncaim ann nach bhfuil aon cháin le híoc fúthu – is féidir níos mó a léamh faoi fhaoiseamh cánach do dhaoine níos sine ná 65 bliain d’aois.

Pinsin dhíolmhaithe

Tá ioncam ó na foinsí seo a leanas díolmhaithe ó cháin:

  • Pinsin chréachta agus mhíchumais agus aon aiscí atá le híoc i ngeall ar chréachtaí nó míchumas a bronnadh faoi na hAchtanna Arm-Phinsean (gearrtar cáin ar aon chuid díobh nár mhíchumas ba chúis leis)
  • Aiscí míleata agus pá díshlógaidh a íoctar le hoifigigh na bhFórsaí Náisiúnta nó Óglaigh na hÉireann
  • Pinsin agus liúntais eile a íoctar le hiarshaighdiúirí Chogadh na Saoirse agus lena dteaghlaigh
  • Íocaíochtaí Neachtlann Magdalene
  • Pinsin ghairme agus slándála sóisialaí eachtracha nach mbeadh cáin le gearradh orthu dá mbeadh an faighteoir ina c(h)ónaí sa tír a bhronn iad

Pinsin leasa shóisialaigh

Tá cáin ioncaim le gearradh ar phinsin leasa shóisialaigh a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí. Ní ghearrtar MSU nó ÁSPC orthu.

Ní asbhaintear an cháin ioncaim ó do phinsean leasa shóisialaigh nuair a íoctar leat é ach íoctar é le do cháin ioncaim eile.

Má tá tú féinfhostaithe, cuireann tú d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar do thuairisceán cáin ioncaim (Foirm 11) agus íocann tú aon cháin atá le híoc le d’íocaíocht bhliantúil cháin ioncaim.

Má tá ioncam agat ó fhostaíocht nó pinsean gairme, gearrtar cáin ort faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Más cáiníocóir ÍMAT thú, laghdaítear do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta cánach le méid na cánach a chur san áireamh atá le híoc ar do phinsean leasa shóisialaigh. Ciallaíonn seo go n-asbhaintear an méid cánach atá le híoc ar do phinsean leasa shóisialaigh ó d’ioncam eile.

Is é an téarma teicniúil dó seo ná códú creidmheasanna. Mura bhfuil do phinsean leasa shóisialaigh códaithe isteach, tá ort cáin a íoc mar dhuine féinfhostaithe i gcnapshuim faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

Mura ngearrtar cáin ar d’ioncam neamhphinsin ar an gcóras ÍMAT, mar shampla, má tá pinsean gairme agat ó áit thar lear nó má tá ioncam infheistíochta agat, aicmítear thú mar dhuine féinfhostaithe agus bíonn do cháin le híoc gach bliain faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

Ioncam ó áit thar lear

Is gnách go ngearrtar cáin ar ioncam ó áit thar lear in Éirinn má tá cónaí ort in Éirinn.

Má tá cónaí ort thar lear agus má fhaigheann tú do phinsean ó Éirinn, b’fhéidir go ngearrfar cáin air faoi ÍMAT nó a mhalairt. Má bhíonn Comhaontú um Chánachas Dúbailte ann, b’fhéidir go mbeidh tú díolmhaithe ó cháin Éireannach a íoc (ach is gnách go mbeidh tú faoi dhliteanas cáin a íoc sa tír eile). Má tá tú díolmhaithe ó cháin Éireannach, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim do sholáthraí pinsin (mar shampla, d’iarfhostóir nó an ciste pinsin) a chur ar an eolas gan cáin ioncaim a asbhaint faoi ÍMAT. Mura gcuireann na Coimisinéirí Ioncaim an té a íocann do phinsean ar an eolas, caithfear ÍMAT a asbhaint ar an ngnáthbhealach.

Tá pinsin áirithe eachtracha a bheadh díolmhaithe ó cháin dá mbeadh cónaí ort sa tír ina n-íoctar an pinsean, díolmhaithe ó cháin in Éirinn freisin. Má bhí pinsean eachtrach á fháil agat a bheadh díolmhaithe ó cháin dá mbeadh cónaí ort sa tír ina n-íoctar é, b’fhéidir go mbeidh tú díolmhaithe ó cháin a íoc in Éirinn air freisin.

Comhaontuithe um Chánachas Dúbailte

Is gnách go ndéantar idirdhealú i gComhaontuithe um Chánachas Dúbailte idir pinsin a íocann rialtais le hiarfhostaithe agus pinsin a íocann fostóirí príobháideacha. Ach ní dhéanann gach comhaontú an t-idirdhealú seo agus is éagsúil a bhíonn siad ar bhealaí eile agus beidh ort a sheiceáil conas a d’fhéadfadh comhaontú difear a dhéanamh do do chás.

Forálann formhór na gComhaontuithe um Chánachas Dúbailte go ngearrtar cáin ar phinsin d’fhostaithe neamhrialtasacha sa tír ina gcónaítear. Mar sin, má tá cónaí ort in Éirinn agus má tá pinsean gairme á fháil agat ó thír eile, ba cheart duit é á fháil, go ginearálta, agus cáin Éireannach a íoc ansin air.

A mhalairt a bhíonn i gceist do phinsin d’iarfhostaithe Rialtais – ní ghearrtar cáin orthu, go ginearálta, ach sa tír ina n-íoctar iad. Mar sin, más iarfhostaí rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá thú agus má tá cónaí anois ort in Éirinn, íocann tú cáin ar do phinsean gairme sna Stáit Aontaithe amháin. I gcásanna áirithe, baineann seo le pinsin ó údaráis áitiúla nó ó fho-rannáin pholaitiúla eile – arís, tá ort an comhaontú ar leith a sheiceáil.

Is féidir níos mó a léamh faoi Chomhaontuithe um Chánachas Dúbailte.

Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Má tá tú níos sine ná 66 bliain d’aois, tá ort ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc. Aimsigh níos mó eolais faoi árachas sóisialach in Éirinn.

Má tá tú níos óige ná 66 bliain d’aois agus má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ÁSPC ar d’ioncam ón bhfostaíocht nó an fhéinfhostaíocht sin. Ní íocann tú ÁSPC ar do phinsean gairm bheatha nó do phinsean leasa shóisialaigh.

Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Tá gach íocaíocht leasa shóisialaigh, pinsin san áireamh, díolmhaithe ón MSU.

Ach gearrtar an MSU ar phinsin ghairme, áfach. Is éagsúil a bhíonn an ráta a íocann tú, ag brath ar d’aois ag brath ar cé acu an bhfuil cárta leighis iomlán agat nó nach bhfuil. Féach an leathanach ar an Muirear Sóisialta Uilíoch chun teacht ar eolas breise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Lúnasa 2022