Tháinig Cuntais Phearsanta Coigiltis Scoir (CPCS) i bhfeidhm in Éirinn don chéad uair tríd Acht na bPinsean (Leasúchán) 2002. Cuntas fadthéarmach pearsanta scoir é Cuntas Pearsanta Coigiltis Scoir a thugann deis duit airgead a chur i dtaisce don scor ar bhealach solúbtha. (Tá sé seo ríthábhachtach do dhaoine nach bhfuil aon soláthar pinsin acu). Conradh é an CPCS idir thú féin agus an soláthraí CPCS i bhfoirm chuntais infheistíochta. Is féidir do phost a athrú agus coinneáil ort ag baint úsáide as an gCPCS céanna. Is féidir freisin athrú ó CPCS amháin chuig ceann eile ag am ar bith, saor in aisce.
Tabharfaidh an Rialtas faoiseamh cánach duit atá bunaithe ar d'aois ar na ranníocaíochtaí a dhéanann tú chuig an gCPCS. Tá sé de dhualgas ar fhostóirí nach gcuireann scéim phinsin saothair ar fáil dá bhfostaithe soláthar a dhéanamh do na fostaithe teacht ar, ar a laghad, Gnáth CPCS amháin faoin 15 Meán Fómhair 2003. Tá sé de dhualgas ar fhostóirí soláthar a dhéanamh do fhostaithe teacht ar CPCS nach bhfuil i dteideal a bheith páirteach i scéim phinsin taobh istigh de 6 mhí ó sheirbhís reatha. Is féidir tuilleadh a léamh anseo maidir ledualgais fhostóirí agus CPCS (pdf).
Tá dhá chineál CPCS ann:
An príomhdhifríocht idir an dá chineál chuntais nach féidir leis na táillí is airde a ghearrtar ar Ghnáth CPCS a bheith níos mó ná 5% de na ranníocaíochtaí íoctha agus 1% sa bhliain de shócmhainní an CPCS. Tá teorainn ar an gcineál sócmhainní gur féidir le CPCS infheistiú iontu. Is féidir tuilleadh a léamh maidir leis an teorainn seo ar CPCS - Treoir don Thomhaltóir (pdf) atá curtha ar fáil ag Bord na bPinsean.
Tá gach seans ann go mbeidh Gnáth CPCS in ann riachtanais formhór na ndaoine a shásamh. Tá leibhéal na dtáillí a ghearrtar fíor thábhachtach; laghdaíonn na táillí a ghearrtar an ciste atá tusa in ann a bhailiú. Nuair a scoireann tú ó do phost, braithfidh méid an chiste ar na ranníocaíochtaí a rinne tú agus ar cé mar a d'éirigh leis an infheistíocht lúide na táillí. Ní féidir a rá cé mar a éireoidh leis an infheistíocht. Níl aon teorainn ar tháillí ar CPCS Neamhghnáthacha agus sa chuid is mó cásanna, bíonn siad níos airde ná Gnáth CPCS. Má tá tú ag smaoineamh ar CPCS Neamhghnáthach, bí cinnte go bhfaigheann tú míniú iomlán ar na difríochtaí idir an táirge seo agus an Gnáth táirge. Bí ar d'airdeall maidir le geallúintí go mbeidh sochair níos fearr le fáil astu ná ar tháirgí Gnáth CPCS - tá sé fíor dheachair déanamh amach cé mar a éiréoidh le infheistíocht.
Má tá tú ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh i gCPCS nó má tá tú ag breathnú ar na roghanna atá agat, ba cheart duit na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:
Déanann Gnáth CPCS infheistiú i gcomhchistí amháin áit atá an riosca scartha amach trasna go leor infheistíochtaí éagsúla. Bíonn roghanna infheistíochta níos leithne ar fáil ó CPCS neamhghnáthacha. Ach, ní mór duit a bheith cinnte go dtuigeann tú na roghanna infheistíochta agus na fáthanna gur ceart iad a roghnú. Muna dtuigeann tú cén chaoi a ndéanfar do phinsean a infeistiú, ba cheart duit ansin machnamh a dhéanamh an í seo an rogha is fearr a fheileann thú.
Ba cheart duit a bheith cinnte freisin go bhfuil tú in ann na n-íocaíochtaí míosúla molta a íoc agus gurb í seo an íocaíocht is fearr ó thaobh faoiseamh cánach. (Is féidir tuilleadh a léamh thíos maidir le faoiseamh cánach agus CPCS).
Tá comhfhreagracht ar Bhord na bPinsean agus ar na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn as táirgí CPCS a cheadúnú. Déanann Bord na bPinsean maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na soláthraithe maidir lena dtáirgí ceadúnaithe agus déanann sé monatóireacht le cinntiú go bhfuileadar ag cloí le reachtaíocht a bhaineann le CPCS. Mar chuid den ról atá ag Bord na bPinsean tá clár na soláthraithe CPCS agus a dtáirgí ar fáil.
Beidh sé de chumhacht ag Ombudsman na bPinsean fiosrúchán a dhéanamh agus cinneadh a thógáil maidir le do ghearáin a bhaineann le easaontas fíricí nó dlí agus botúin a bhaineann le scéimeanna pinsin saothair agus Cuntais Phearsanta Coigiltis Scoir (CPCS). Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman aon treoracha cuí a thabhairt le réiteach a fháil ar an ngearán nó easaontas agus cúiteamh airgeadais a thabhairt ach ní féidir leis an tsuim seo a bheith níos mó ná an sochar caillte faoin scéim phinsin saothair nó Cuntas Pearsanta Coigiltis Scoir. Ní bheidh sé de chumhacht ag an Ombudsman costais dlíthiúla a bhronnadh. Ní mór do na páirtithe ar fad cloí le cinneadh an Ombudsman faoi réir ag an gceart atá ag na páirtithe ar fad achomharc a lorg ón Ardchúirt.
Má íocann tú ranníocaíocht i gCPCS beidh faoiseamh cánach ar fáil duit ag an ráta imeallach cánach ioncaim. Ó 1 Eanáir 2011 íocann tú ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch ar do ranníocaíocht CPCS. Nuair a bhaineann do fhostóir na ranníocaíochtaí CPCS ó do chuid tuarastail, beidh socruithe pá ghlan i bhfeidhm, is é sin le rá go mbeidh an faoiseamh cánach/ÁSPC ar fáil duit ag an am a íocann tú an ranníocaíocht.
Tá an t-uasmhéid cánach bhliantúil inasbhainte bunaithe ar chéatadán de do thuarastal. Éiríonn an céatadán ceadúnaithe níos airde le haois. (Mar shampla, beidh faoiseamh cánach ag ráta níos airde ar fáil do dhuine atá ós cionn 40 bliana ná do dhuine atá faoi 30 bliana d'aois).
Tugtar faoiseamh cánach ar do thuarastal cuí (is é sin, tuarastal ó fhostaíocht, ó phroifisiún, ó thrádáil nó ó oifig). Má tá tuarastal dhá íoc leat mar úinéir stiúrthóra nó mar fhostaí comhlacht infheistíochta, ní chuirtear san áireamh é. Is ionann "tuarastal glan cuí" agus tuarastal cuí lúide caillteanais, liúntais chaipitiúla agus íocaíochtaí faoi leith a laghdaíonn ioncam an duine ar mhaithe le cúrsaí cánach, mar shampla cúnaint a bhfuil feidhm chánach acu.
Más ball thú de scéim phinsin saothair nó scéim phinsin reachtúil, is féidir leat íoc isteach i gCPCS Ranníocaíochtaí Breise Deonacha (RBD). (Baineann rialacha faoi leith leis seo - feach RBD thíos).
Ní féidir le soláthraithe CPCS íosmhéid ranníocaíochtaí atá níos mó ná iad seo a leanas a leagan síos:
Ní mór ranníocaíochtaí a fhaigheann soláthraithe CPCS a choinneáil i gcuntas coimeádta.
Seo a leanas uasmhéid na ranníocaíochtaí ceadúnaithe ar mhaithe le faoiseamh cánach:
| Aois | Céatadán (%) tuarastáil* |
| Faoi 30 bliana | 15% |
| 30-39 bliana | 20% |
| 40-49 bliana | 25% |
| 50-54 bliana | 30% |
| 50-54 bliana | 35% |
| 60+ bliana | 40% |
*I gcás fostaithe, is ionann "tuarastal" agus ollthuarastal ar mhaithe le cáin. I gcás daoine atá féin-fhostaithe ia ionann "tuarastal" agus "tuarastal glan cuí" (féach thuas). Ó 2011 tá an teorann tuarastail bliaintúil a féadfadh bheith san áireamh €115,000 (€150,000 i 2010).
Ciallaíonn seo mar shampla gur féidir le duine atá 35 bliana d’aois faoiseamh cánach a fháil ar 20% dá t(h)uarastal nó ar na ranníocaíochtaí a dhéanann sé/sí sa bhliain sin, cibé acu is lú.
Sochar comhchineáil an fhostaí iad ranníocaíochtaí a dhéanann fostóir chuig CPCS ar son fostaí. Deilítear leis na ranníocaíochtaí seo maidir le faoiseamh don fhostóir mar atá don fhostaí. Mar shampla, íocann fostaí atá 29 bliana d'aois 5% dá t(h)uarastal le CPCS agus íocann an fostóir 10% eile, deirtear go bhfuil ranníocaíocht de 15% íoctha ag an bhfostaí. Gearrtar cáin ar an bhfostaí ar ranníocaíocht an fhostóra mar shochar comhchineáil agus ní mór don fhostaí é seo a chur in iúl ar a t(h)uairisceán ioncaim chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Níl aon difríocht i dtéarmaí praiticiúla leis an socrú cánach seo ach amháin sa chás go dtéann an ranníocaíocht iomlán thar na teorainneacha atá leagtha amach.
Déanfar neamhshuim de ranníocaíochtaí le Cuntais Choigiltis Phearsanta
um Phinsin ó Aibreán 2006 le haghaidh measúnú na scéimeanna leasa
shóisialaigh sin atá bunaithe ar thástáil acmhainne, seachas Scéimeanna
Leasa Forlíontacha.
Muna bhfuil scéim phinsin saothair i bhfeidhm ag do fhostóir nó sa chás go bhfuil teorainneacha faoi leith ag baint leis an scéim phinsin saothair tá dualgas dlíthiúil ar do fhostóir déanamh cinnte go gcuireann siad deis ar fáil duit íoc isteach i gCPCS amháin ar a laghad roimh an 15 Meán Fómhair 2003. Baineann an riail seo le gach fostóir, is cuma cé mhéid fostaithe atá aige/aici agus stádas na bhfostaithe sin (más fostaithe go lánaimseartha, ar feadh tréimhse socraithe, go páirtaimseartha, ar chonradh & rl atá siad).
Déan teagmháil leis an mbainisteoir pearsanra nó leis an Rannóg Phá i d'áit fhostaithe le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an nGnáth CPCS atá curtha ar fáil aige/aici.
Is féidir freisin tuilleadh a léamh maidir le pinsin agus le scor anseo.
Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 613 1900
Lóghlao:1890 656 565
Facs:+353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsboard.ie/
R-phost: info@pensionsboard.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.