Pinsin Phearsanta

Réamhrá

Pinsin iad pinsin phearsanta nó pinsin phríobháideacha atá eagraithe ina n-aonar ag daoine féinfhostaithe nó ag daoine fostaithe nach bhfuil scéim pinsin gairme acu. Déanann comhlacht árachais saoil nó cuideachta infheistíochta pinsin phearsanta a bhainistiú.

Is polasaithe árachais iad formhór na mbeartas pinsin phearsanta. Murab ionann polasaithe árachais, is féidir leat faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin a fháil.

Is é Conradh Blianachta Scoir (CBS) an t-ainm foirmiúil a thugtar ar rud ar a dtugtar pinsean pearsanta go minic agus is saghas conradh árachais é.

Is saghas eile de phinsean pearsanta é Cuntas Coigiltis Scoir Phearsanta (CCSP). Tá sé cosúil le cuntas infheistíochta a úsáideann tú le hairgead a chur i dtaisce ann do do scor. Is féidir níos mó a léamh faoi CCSPanna anseo.

Ní gá duit leanúint ag íoc isteach sa chiste céanna pinsin. Is féidir leat cistí a carnadh le hárachóir amháin a aistriú chuig ciste eile le hárachóir eile. D’fhéadfadh costais a bheith le híoc leis seo a dhéanamh.

Roghanna ar scor

Nuair a théann tú ar scor, b’fhéidir go mbeidh an rogha agat do chiste scoir go léir nó cuid de a aistriú isteach i mblianacht nó i scéim cheadaithe eile a sholáthróidh ioncam pinsin rialta.

I gcás pleananna pinsin phearsanta, áirítear ar na roghanna atá ar fáil ar scor:

•Blianacht a cheannach

•Infheistiú i gCiste Scoir Formheasta (CSF) nó i gCiste Scoir Íosta Formheasta (CSÍF)

Cuirtear eolas breise ar fáil faoi do roghanna ar scor ar láithreán gréasáin an Údaráis Phinsean.

Blianachtaí

I gcás blianachta, ceannaíonn tú ioncam pinsin rialta le do chiste scoir uile nó cuid de. Mar chúiteamh ar do chiste scoir a aistriú chuig cuideachta árachais saoil, íocfaidh an chuideachta ioncam rialta slán duit don chuid eile de do shaol. Braitheann méid an ioncaim rialta seo ar roinnt rudaí, lena n-áirítear:

•Méid do chiste scoir

•D’aois agus do shláinte

•Cibé acu an bhfuil tú fireann nó baineann

•Cibé acu an leanfar nó nach leanfar le do phinsean a íoc le haon chleithiúnaithe nuair a fhaigheann tú bás

•An ráta blianachta a thairgeann an comhlacht árachais saoil ag an am sin

Cistí Scoir Formheasta

Is ciste scoir pearsanta é Ciste Scoir Formheasta (CSF) inar féidir leat do chiste pinsin a choinneáil infheistithe mar chnapshuim tar éis scoir. Is féidir leat airgead a aistarraingt uaidh go rialta chun ioncam a thabhairt duit féin. Is féidir aon airgead a fhágtar sa chiste tar éis do bháis a fhágáil le do neasghaol. Toisc go ndéanann CSF infheistíocht i sócmhainní éagsúla (cosúil le scaireanna, maoin, bannaí agus airgead tirim), ní ráthaítear do bhuninfheistíocht. Ciallaíonn sé seo go bhfuil riosca ann go bhféadfadh do chiste a bheith i bhfad níos lú le himeacht ama.

Cad a tharlaíonn le do chiste pinsin tar éis duit bás a fháil?

Má fhaigheann tú bás roimh scor agus má tá pinsean pearsanta agat, déantar cuid de d'eastát de na cistí carntha agus scaiptear iad dá réir. D’fhéadfadh Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) a bheith le híoc.

Is iondúil go mbíonn d'ioncam blianachta díreach do do shaol féin agus ní chuirtear ar fáil é do do chleithiúnaithe, de ghnáth, nuair a fhaigheann tú bás. Mar sin féin, tá roinnt táirgí blianachta ráthaithe ann a d'fhéadfadh sochar éigin a íoc le do chleithiúnaithe.

Má fhaigheann tú bás tar éis duit dul ar scor agus má tá infheistíocht déanta agat in CSF, is cuid de d'eastát na cistí atá fágtha ach meastar gur d’ioncam féin iad i mbliain an bháis.

Braitheann cóireáil cánach CSFanna nuair a fhaigheann tú bás ar cé a fhaigheann an CSF le hoidhreacht agus ar an modh.

Aistrithe chuig do chéile

Má aistrítear an CSF isteach in ainm chéile an tsealbhóra, níl aon cháin ioncaim ná Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) iníoctha. Mar sin féin, íocfaidh an céile cáin ioncaim ar aon aistarraingtí ón CSF.

Aistrithe chuig do leanaí

Má fhaigheann do leanbh an t-airgead ón CSF le hoidhreacht, braitheann an chóireáil cánachais ar aois an linbh ag tráth do bháis. Má tá siad:

•Níos óige ná 21 bliain d’aois, níl aon cáin ioncaim le híoc, ach d’fhéadfadh go mbeadh CFC le híoc, ag brath ar an méid iomlán a fuarthas le hoidhreacht.

•21 bliain d’aois nó níos sine, gearrtar cáin ioncaim ar ráta 30%. Níl aon CFC le híoc, áfach.

Aistrithe eile

Má fhaigheann aon duine eile (seachas do chéile nó do leanbh a mhaireann) an t-airgead ón CSF, bíonn cháin ioncaim ar an ráta imeallach agus bíonn CFC le híoc.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi shochair phinsin atá iníoctha ar bhás.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Lúnasa 2019