Bunaíodh oifig Ombudsman na bPinsean faoi (pdf)Acht na bPinsean (Leasú), 2002. Beidh an chumhacht ag an Ombudsman seo fiosrúchán a dhéanamh agus cinneadh a thógáil maidir le do ghearáin a bhaineann le easaontas fíricí nó dlí agus botúin a bhaineann le scéimeanna pinsin saothair agus Cuntais Phearsanta Coigiltis Scoir (CPCS). Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman aon treoracha cuí a thabhairt le réiteach a fháil ar an ngearán nó easaontas agus cúiteamh airgeadais a thabhairt ach ní féidir leis an tsuim seo a bheith níos mó ná an sochar caillte faoin scéim phinsin saothair nó Cuntas Pearsanta Coigiltis Scoir. Ní bheidh sé de chumhacht ag an Ombudsman costais dlíthiúla a bhronnadh. Ní mór do na páirtithe ar fad cloí le cinneadh an Ombudsman faoi réir ag an gceart atá ag na páirtithe ar fad achomharc a lorg ón Ardchúirt.
Baineann teorainneacha faoi leith ama le cásanna a thabhairt chuig Ombudsman na bPinsean:
Níl aon táille le n-íoc as gearán a thabhairt chuig Ombudsman na bPinsean.
Nuair a bhíonn gearán nó easaontas agat, ba cheart duit ar dtús iarracht a dhéanamh é a réiteach leo siúd atá freagrach as bainistiú na scéime pinsin nó as an gCuntas Pearsanta Coigiltis Scoir (CPCS).
Nuair atá córas ag an scéim phinsin nó an CPCS le theacht ar Réiteach Inmhéanach Easaontais (RIE) ní féidir le Ombudsman na bPinsean mar riail fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an ngearán nó easaontas ach amháin sa chás, agus go dtí, go bhfuil an cheist pléite ag an gcóras sin agus go bhfuil cinneadh déanta ag na hiontaobhaithe nó bainisteoirí.
Faoi Acht na bPinsean, ní mór go mbeadh córas RIE ag na scéimeanna pinsin agus ag na CPCS ar fad. Ní gá do pháirtithe cloí le moltaí a thagann chun cinn ó chóras RIE.
Muna bhfuil réiteach sásúil faighte duitse ar an gceist tar éis dul tríd an gcóras RIE, is féidir leat ansin iarratas a dhéanamh chuig Ombudsman na bPinsean do ghearán a fhiosrú.
Ba cheart duit a dhéanamh cinnte gur féidir le Ombudsman na bPinsean fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an ngearán nó easaontas atá agat agus go bhfuil tusa i dteideal gearáin a dhéanamh. Ba cheart duit ansin scríobh chuig Ombudsman na bPinsean ag míniú an ghearáin nó easaontais agus ag insint céard a cheapann tusa gur cheart do na daoine atá freagrach as an scéim phinsin a bhainistiú a dhéanamh le rudaí a chur ina gceart.
Tá gnáthfhoirm ghearáin ar fáil, atá ceadaithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, nach mór duit úsáid a bhaint aisti. Tá an fhoirm seo ar fáil anseo, ó Oifig Ombudman na bPinsean nó ó Bhord na bPinsean, Teach Verschoyle, 28/30 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, Teil: (01) 613 1900, Facs: (01) 631 8602.
Ba cheart duit gach cáipéis chuí agus comhfhreagras (is leor cóipeanna) a chur leis an bhfoirm, aon chomhfhreagras le do scéim phinsin, fostóir nó riarthóir san áireamh.
Is féidir gearáin a dhéanamh tríd an bpost nó ar facs. Ní féidir gearáin a dhéanamh ar an nguthán.
Tá cáipéis curtha le chéile ag Ombudsman na bPinsean ar a tugtar Conas is féidir leis an Ombudsman na bPinsean freastal ort (foirm pdf) agus Gluais de Théarmaí Pinsin (foirm pdf).
Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 613 1900
Lóghlao:1890 656 565
Facs:+353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsboard.ie/
R-phost: info@pensionsboard.ie
36 Sráid an Mhóta Uacht
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 647 1650
Facs:+ 353 (0)1 676 9577
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsombudsman.ie
R-phost: info@pensionsombudsman.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.