Pinsin gairme in Éirinn

Réamhrá

Pinsean é pinsean gairme a chuireann d’fhostóir ar fáil. Tugtar pleananna pinsin cuideachta nó fostóra orthu freisin. Cuireann scéimeanna pinsin gairme ioncam rialta ar fáil i ndiaidh scoir. Cuireann cuid acu íocaíocht chnapshuime ar fáil nuair a théann tú ar scor.

Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí scéimeanna pinsean gairme a chur ar fáil d'fhostaithe. Cuireann fostóirí móra in Éirinn scéimeanna pinsin gairme ar fáil, go ginearálta, ach ní chuireann go leor fostóirí beaga.

Baineann a sraith féin rialacha le gach scéim pinsin. Rialaíonn an tÚdarás Pinsean scéimeanna pinsin, de ghnáth. Tá cearta áirithe ag baill na scéimeanna maidir le heolas faoina bpinsean, mar shampla.

Is féidir leat faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí a dhéantar scéimeanna pinsin a fháil.

Saghsanna pinsin ghairme

Féadfaidh scéimeanna pinsin ghairme a bheith:

•Ranníocach nó neamh-ranníocach

•Cistithe nó neamhchistithe

•Le sochar sainithe, le ranníocaíocht shainithe nó meascán den dá rud

Ranníocach

I gcás scéimeanna ranníocacha, íocann tú féin agus d’fhostóir ranníocaíochtaí i dtreo na scéime.

I gcás scéimeanna neamh-ranníocacha, ní ranníocann tú féin, ranníocann d’fhostóir.

Scéimeanna cistithe

Cistítear beagnach gach aon scéim gairme – cuirtear na ranníocaíochtaí isteach i gciste ainmnithe agus íoctar na sochair ón gciste sin.

Is í an eisceacht is suntasaí ná an socrú pinsin seirbhíse poiblí nuair nach bhfuil aon chiste ann agus íoctar sochair as cistí reatha an rialtais.

Scéimeanna le sochar sainithe agus le ranníocaíocht shainithe

Is éard is scéim le sochair shainithe ná scéim ina bhfuil na ranníocaíochtaí pinsin a dhéanann socraithe ina mbraitheann na sochair a fhaigheann tú an méid ranníocaíochtaí a dhéanann tú.

I gcás scéim le sochar sainithe, socraítear an sochar atá tú i dteideal a fháil roimh ré. D'fhéadfadh sé a bheith bainteach le fad do sheirbhíse, mar shampla.

Is féidir le gnéithe de scéimeanna le sochar sainithe agus le ranníocaíocht shainithe a bheith i scéimeanna pinsin gairme. Tugtar scéimeanna hibrideacha orthu seo. Ciallaíonn seo gur féidir leat méid áirithe den ioncam a thuar, faoi mar is féidir leat a dhéanamh i gcás scéim le sochar sainithe, agus d’fhéadfadh an fuílleach a bheith éagsúil mar gheall go mbeidh sé faoi réir na rialacha maidir le ranníocaíocht shainithe.

Scéim le ranníocaíocht shainithe

Is éard is scéim le ranníocaíocht shainithe nuair a shocraítear an ranníocaíocht trí chomhaontú ach go mbunaítear na sochair ar luach an chiste a chruthaigh na ranníocaíochtaí. D’fhéadfadh athrú teacht ar luach an chiste le himeacht ama. Ciallaíonn seo nach fios duit méid an phinsin a gheobhaidh tú.

Íocann tú féin agus d’fhostóir ranníocaíochtaí rialta, agus is gnách gur céatadán seasta é seo de do thuarastal. Cruthaíonn an t-airgead seo ciste pinsin, ar gnách go ndéantar é a infheistiú lena chinntiú nach laghdaítear an fíorluach atá air de bharr boilsciú.

D’fhéadfadh gur fiú níos lú ná luach iomlán do ranníocaíochtaí nuair a rachaidh tú ar scor mar gheall ar an méid seo a leanas:

•D’fhéadfadh laghdú nó ardú teacht ar fheidhmíocht infheistíochta

•Íoctar táillí bainistíochta leis an duine nó an chuideachta a bhainistíonn ciste an phinsin

Scéimeanna le sochar sainithe

Is éard is scéim le sochar sainithe ná nuair a shainítear an teidlíocht sochair a gheobhaidh tú nuair a rachaidh tú ar scor agus tagairt á déanamh do do thuilleamh, fad do sheirbhíse, innéacs, nó méid seasta. Ciallaíonn seo gurb eol duit roimh ré go mbeidh do phinsean, mar shampla, leath de do thuarastal deiridh má sholáthair tú seirbhís 40 bliain nó go mbeidh méid áirithe i gceist leis gach seachtain. I gcás scéimeanna le sochar sainithe, b’fhéidir go mbeidh na ranníocaíochtaí le héagsúlú ó thráth go chéile lena chinntiú gur féidir leis an gciste freastal ar an leibhéal sochar. Ceadaíonn roinnt scéimeanna don fhostóir an ciste a bhreisiú, más gá.

Rialacha maidir le scéimeanna le sochar sainithe a fhoirceannadh

Nuair atá scéim pinsin le sochar sainithe á foirceannadh, déantar a sócmhainní a dháileadh in ord ar leith tosaíochta. Má tá an scéim go hiomlán cistithe, tá na dliteanais go léir sásaithe, a chiallaíonn go bhfaighidh tú an pinsean a raibh súil agat lena fháil ón scéim. Má rinneadh an scéim a thearc-chistiú nó má tá sé dócmhainneach, ní bhfaighidh daoine a bhfuil ord níos ísle tosaíochta acu an méid a raibh súil acu lena fháil ón scéim.

Is éagsúil a bhíonn na rialacha seo ag brath ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fostóir sócmhainneach.

Ordú singil dócmhainneachta – má tá an fostóir sócmhainneach

Bíonn an t-ordú seo i gceist nuair a bhíonn an scéim le sochar sainithe dócmhainneach ach nuair a bhíonn an fostóir sócmhainneach. Ranníocaíochtaí saorálacha breise é an chéad tosaíocht agus sochair le ranníocaíocht shainithe atá le híoc.

Is é an dara tosaíocht na pinsin atá le híoc le pinsinéirí reatha ach tá na teorainneacha seo a leanas ann anois ar na méideanna lena mbaineann tosaíocht:

•An chéad €12,000 gach bliain de phinsean

•90% de phinsin idir €12,000 agus €60,000 agus €12,000, ar a laghad

•80% de phinsin níos mó ná €60,000 agus €54,000, ar a laghad

Is é an chéad tosaíocht eile 50% de phinsin phinsinéirí amach anseo. I ndiaidh sin, tugtar an tús áite don mhéid seo a leanas:

•Fuílleach pinsin pinsinéirí reatha

•Fuílleach pinsean pinsinéirí amach anseo

•Aon sochair eile fuílligh

Ciallaíonn seo go bhféadfadh laghdú teacht ar phinsin reatha phinsinéirí reatha. Ní féidir pinsin faoi €12,000 a laghdú. Is é an laghdú uasta 10% de phinsin faoi €60,000 (ach ní féidir iad a laghdú anuas go dtí níos lú ná €12,000) agus 20% de phinsin níos mó ná €60,000.

Ordú dócmhainneachta dúbailte – má tá an fostóir dócmhainneach

Is mar seo a leanas an tosaíocht a bhaineann le scéim pinsin le sochar sainithe i gcásanna ina bhfuil an fostóir dócmhainneach:

1.Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSBanna) agus sochair le ranníocaíocht shainithe

2.50% de shochair phinsinéara reatha agus phinsinéara amach anseo

3.Sochair phinsinéara a mhéid le €12,000 sa bhliain

4.Na sochair atá fágtha do phinsinéirí reatha

5.Na sochair atá fágtha do phinsinéirí amach anseo

Sa chás nach bhfuil dóthain airgid ag an scéim chun 50% de na sochair phinsinéara reatha agus de na sochair pinsinéara amach anseo a mhéid le €12,000 sa bhliain a íoc, ní mór don Aire Airgeadais an cistiú riachtanach a sholáthar.

Pinsin ghairme agus pinsin leasa shóisialaigh

Oibríonn pinsin cheirde agus phearsanta go neamhspleách ar an gcóras pinsin leasa shóisialaigh (Áirítear an Pinsean Stáit ranníocach agus neamh-ranníocach).

Mar sin féin, is coiteann do phinsin ghairme an leibhéal pinsin leasa shóisialaigh a fuarthas a chur san áireamh agus leibhéal an tsochair á ríomh. Mar shampla, tá roinnt scéimeanna ann lena dtugtar sochar a bhronnfaidh leathchuid nó dhá thrian de do thuarastal deiridh ort, nuair a chuirtear an pinsean leasa shóisialaigh san áireamh freisin. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh nuair a thosaíonn tú ag fáil do phinsin ach b’fhéidir nach laghdófar do phinsean gairme ina dhiaidh sin toisc go méadaítear do phinsean leasa shóisialaigh. Tugtar scéimeanna comhtháite nó comhordaithe ar na scéimeanna seo.

Pinsin phearsanta

B'fhéidir gurbh fhearr leat gan ballraíocht a ghlacadh de scéim pinsin gairme, nó b'fhéidir nach bhfuil an rogha agat é sin a dhéanamh (mar shampla, má tá tú féinfhostaithe nó mura gcuireann d'fhostóir scéim dá leithéid ar fáil). Sna cásanna seo, is féidir leat airgead a chur i dtaisce don scor trí shaghas éagsúil de phlean pinsin a roghnú. Is gnách go dtugtar pleananna pinsin pearsanta nó pleananna pinsin príobháideacha orthu seo agus déanann comhlacht árachais saoil nó cuideachta infheistíochta iad a bhainistiú.

Is iad an dá phríomhshaghas de phlean pinsin pearsanta Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) agus Conradh Blianachta Scoir (CBS).

Má chuireann d'fhostóir CCSP seachas pinsean gairme ar fáil, ní mór dóibh ranníocaíochtaí a bhaint as do thuarastal agus na híocaíochtaí seo a sheoladh chuig an soláthraí CCSP. Féadfaidh an fostóir ranníocaíocht a dhéanamh leis an CCSP freisin ach níl aon oibleagáid air/uirthi é sin a dhéanamh.

Is féidir leat a bheith i do bhall de scéim pinsin gairme agus pinsean pearsanta a shocrú freisin. Mar sin féin, b'fhéidir nach mbeidh sé indéanta leas a bhaint as na sochair cánach maidir leis an dá cheann. Ní féidir leat ranníocaíocht a dhéanamh le scéim pinsin gairme agus socrú pinsin pearsanta ag an am céanna maidir leis an bhfostaíocht chéanna. Mar sin féin, is féidir leat socrú pinsin pearsanta a dhéanamh maidir le tuilleamh ó fhostaíocht eile nó ó fhéinfhostaíocht.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéisí ar phinsin phearsanta agus CCSPanna.

Do chearta mar bhall de scéim pinsin

Is é an tÚdarás Pinsean an comhlacht rialála do phinsin ghairme. Caithfidh scéimeanna pinsin gairme clárú leis an Údarás. Is féidir níos mó a léamh faoin Údarás Pinsean anseo.

Is é an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean an comhlacht atá freagrach as déileáil le gearáin in aghaidh soláthraithe pinsin agus soláthraithe seirbhíse airgeadais rialaithe. Chun teacht ar eolas breise, féach gearán a dhéanamh faoi do phinsean.

Foilsíonn an tÚdarás Pinsean bileoga eolais ar na dlíthe maidir le pinsin. Cuireann sé eolas ar fáil do bhaill de scéimeanna pinsin faoi na cearta a bhíonn agat faoin reachtaíocht. Má bhíonn gearán agat, cuirfidh an tÚdarás comhairle rot faoi do chearta.

Más gá, tá cumhachtaí forleathana ag an Údarás leabhair agus taifid na scéime a iniúchadh, áitreabh a iontráil agus iarraidh ar dhaoine mínithe a thabhairt. Is féidir leis an Údarás iarratas a dhéanamh san Ard-Chúirt chun iontaobhaithe scéimeanna pinsin a athrú ar mhaithe le leas na mball a chosaint.

I measc cuid de na cearta is tábhachtaí atá agat mar bhall de scéim pinsin tá an ceart eolas a fháil agus an ceart bheith páirteach sa scéim.

An ceart chun eolas a fháil

Ní mór d'iontaobhaithe na scéime eolas a chur ar fáil dá mbaill, dá mbaill ionchasacha, dá gcéilí, do dhaoine atá i dteideal sochar a fháil faoin scéim, nó i dteideal sochar a fháil go hionchasach faoi, agus d'ionadaithe ceardchumann chomh maith.

Tá tú i dteideal eolas a fháil faoin scéim, faoin gcaoi a riartar í, faoi na cearta atá agat agus faoi na dualgais atá ort. Tá sé d'oibleagáid ar na hiontaobhaithe insint duit má infheistítear níos mó ná 5% de shócmhainní na scéime i ngnó an fhostóra nó in aon infheistíocht amháin.

An ceart a bheith páirteach sa scéim

I gcásanna áirithe, bíonn tú i dteideal a bheith páirteach i roghnú na n-iontaobhaithe. Is é seo an cás más rud é go bhfuil 50 ball nó níos mó atá incháilithe i do scéim nó 12 bhall nó níos mó atá incháilithe sa chás gur scéim í ina n-infheistítear go díreach. Is éard is ball cáilithe ná aon bhall den scéim atá i bhfostaíocht nó ina p(h)insinéir faoi láthair, ach ní chuimsítear leis ball nach bhfuil clúdaithe ach amháin i gcás báis i seirbhíse nó neamhbhaill (e.g. cleithiúnaí) atá ag fáil sochar ón scéim.

Is féidir le baill leath den líon iomlán iontaobhaithe (cé is moite den chathaoirleach), agus beirt bhaill ar a laghad, a thoghadh.

Rialacha maidir le scéimeanna pinsin

Is féidir le scéimeanna pinsin a rialacha féin a leagan síos maidir le ranníocaíochtaí agus sochair. Tá roinnt rialacha leagtha amach sa reachtaíocht nach mór dóibh cloí leo.

Caomhnú agus aistriú sochar

Tá rialacha ar leith ann maidir le cad a tharlaíonn má fhágann tú an scéim pinsin ar aon chúis ar bith, mar shampla, má athraíonn tú do phost nó má chuirtear tús leis go bhfuil tú féinfhostaithe nó má théann tú ar scor go luath gan phinsean. Féadfar do shochair ón scéim pinsin a chaomhnú laistigh den scéim nó a aistriú go scéim eile. Má tá 2 bhliain seirbhíse, ar a laghad, curtha ar fáil agat, beidh tú i dteideal sochar caomhnaithe má fhágann tú roimh an ngnáthaois scoir. Ciallaíonn sochar caomhnaithe go bhfaigheann tú pinsean nuair a bhaineann tú gnáthaois scoir na scéime amach.

Is féidir leat iarraidh ar na hiontaobhaithe do chearta pinsin a aistriú chuig scéim pinsin nua, chomh maith.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi shochair a chaomhnú agus a aistriú anseo.

Caighdeáin chistithe

Tá sé de dhualgas ar na hiontaobhaithe na híoschaighdeáin chistithe a chomhlíonadh i ndáil le scéimeanna ceirde cistithe.

Soláthar a dhéanamh do chleithiúnaithe

De ghnáth, bíonn socair ar fáil duit ó scéimeanna pinsin tar éis duit dul ar scor, agus do do chéile baintrí nó do leanaí cleithiúnacha tar éis duit bás a fháil. Ní bhíonn socruithe i leith cleithiúnaithe ag gach scéim.

Is é an sochar uasta is féidir a sholáthar do chéile nó do chleithiúnaí anois ná 100% den phinsean.

D'fhéadfadh roinnt scéimeanna cead a thabhairt duit an duine ar cheart dó/di leas a bhaint as an scéim a ainmniú agus mar sin, is féidir, i gcásanna áirithe, duine seachas céile a ainmniú.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Tá eolas faoin scéim ina bhfuil tú féin i do bhall ann ar fáil ó iontaobhaithe na scéime. Tá eolas ar phinsin agus ar do chearta ar fáil ón Údarás Pinsean.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Meitheamh 2019