Thug an tAcht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009 isteach leibhéal nua ranníocaíochta pinsin, a bheidh le déanamh ag gach fostaí sa tseirbhís phoiblí agus ag gach státseirbhíseach.
Bainfear an ranníocaíocht pinsin as d’ollioncam. Déanfar cáin ioncaim, ÁSPC agus gach asbhaint eile a mheasúnú de réir iarmhéid d’ioncaim tar éis don asbhaint nua pinsin agus aon ranníocaíochtaí reatha pinsin a bheith bainte as. Áfach d’fhógair Cáinaisnéis 2011 go mbeadh ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch nua iníoctha ar ollioncam ó 1 Eanáir 2011.
Déantar na ranníocaíochtaí pinsin a ghrádú ionas gur lú an éifeacht ar leibhéil ioncaim níos ísle agus gur mó an éifeacht ar leibhéil níos airde.
Ón 1 Márta 2009, baineann na ranníocaíochtaí pinsin:
Measann an Roinn Airgeadais gurb é an meánsuim a bhainfear as ná 7.5%.
D’fhógair Cáinaisnéis Forlíontach Aibreán 2009, athruithe maidir le scála grádaithe na ranníocaíochtaí pinsin. Laghdóidh na hathruithe tionchar na hasbhainte ar fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus státseirbhísigh atá ar ioncam níos ísle.
Ranníocaíochtaí nua grádaithe pinsin ón 1 Bealtaine 2009:
Ní bheidh aon tionchar ag rátaí ranníocaíochta nua pinsin ar an ráta ag a gceannaítear seirbhís ar ais.
Socrú ar leithligh atá sa ranníocaíocht nua pinsin agus ní théann sé i bhfeidhm ar aon socrú a d’fhéadfadh a bheith agat cheana féin le Rannaíocaíochtaí Saorálacha Breise a íoc.
Má tá pinsin seirbhíse poiblí á fháil agat cheana féin ní íocfaidh tú an ranníocaíocht nua pinsin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.