Is suim bhreise airgid í rótharraingt gur féidir a aistharraingt as cuntas reatha nuair atá iarmhéid dochair ann (is é sin a rá, méid breise airgid tógtha as do chuntas bainc agus é faoi nialas). Is áis ghearrthéarmach í a úsáidtear de ghnáth chun sreabhadh airgid thirim a mhéadú go sealadach. Dá bharr, d'fhéadfá níos mó airgid a chaitheamh ná mar atá i do chuntas reatha. Cé go bhféadfadh rátaí úis ar rótharraingt a bheith ard, ní íoctar ús ach ar an méid airgid a aistharraingítear.
In Éirinn:
De ghnáth ceadóidh banc rótharraingt do chustaiméir má bhíonn bearta isteach agus amach go rialta. Más amhlaidh atá airgead á thógáil amach as cuntas láithreach tar éis dó a bheith curtha isteach agus nach bhfuil airgead á choinneáil sa chuntas ar feadh tréimhse suntasaí, d'fhéadfadh an banc a bheith den tuairim gur comhartha é seo nach bhféadfar é a aisíoc. Sa chás sin d'fhéadfadh sé rótharraingt a dhiúltú.
Má tá deacrachtaí agat rótharraingt a aisíoc, d'fhéadfá síneadh ama a iarraidh ar an mbanc. Ceadófar é sin má tá stair d'íocaíochtaí sásúil.
Má tá deacrachtaí leanúnacha agat agus tú ag aisíoc na rótharraingte agus má tá do chuid fiacha ag méadú dá bharr, d'fhéadfá dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Bhuiseadaithe agus Chomhairle Airgid (MABS). Rachaidh an eagraíocht seo i gcomhairle leat agus socróidh siad an méid airgid gur féidir leat a aisíoc in aghaidh na míosa. Rachaidh sí i dteagmháil leis an mbanc ar do shon. Socróidh MABS leis an mbanc go n-aisíocfaidh tú suim áirithe gach mí go dtí go laghdófar an rótharraingt agus go nglanfar na fiacha. Cuireann MABS an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce.
De ghnáth bíonn táille bhliantúil euro 15 ar áis rótharraingthe.
Socraíonn sealbhóir an chuntais reatha agus an institiúid airgeadais eatarthu an méid rótharraingthe (teorainn) atá ceadaithe.
Gearrtar ús ar rótharraingt go laethúil. Athraíonn an ráta úis ó institiúid go hinstitiúid agus d'fhéadfadh sé a athrú gach lá. Braitheann an méid úis a bheidh le n-íoc ar shuim na rótharraingte agus an tréimhse ama atá sé amuigh.
Ba cheart duit dul i dteagmháil le do bhanc nó do chumann foirgníochta má tá eolas faoi áiseanna rótharraingthe uait. Caithfear foirm a líonadh chun iarratas a dhéanamh ar rótharraingt agus d'fhéadfadh cruinniú le hoifigigh na hinstitiúide a bheith i gceist chomh maith. Bíonn cabhairlínte 24 huaire ag cuid de na hinstitiúidí agus tógann siad iarratais ar an bhfón. Bíonn suímh idirlín ag cuid de na hinstitiúidí chomh maith agus is féidir iarratas a dhéanamh ar an idirlíon.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.