Iasachtaí ó iasachtóir airgid

Réamhrá

Is éard atá i gceist le hiasacht ó iasachtóir airgid ná saghas iasachta a fhaightear do thréimhse ghearrthéarmach agus atá ar ardchostas. Ceann de na bealaí is costasaí chun airgead a fháil ar iasacht is ea iasachtóir airgid a úsáid.

Is gnách go bhfaightear iasachtaí ó iasachtóir airgid:

  • Do shuimeanna beaga, i gcomparáid le saghsanna eile iasachtaí
  • D’fhad gearr ama (tugtar téarma na hiasachta air seo)
  • Ar ardráta úis i gcomparáid le hiasachtaí eile atá ar fáil

Tá saghsanna eile iasachtaí ar fáil atá níos saoire. Ní iasachtóirí airgid iad bainc agus cumainn foirgníochta, mar shampla.

Iasachtaí a fháil ó iasachtóir airgid ceadúnaithe

Ní mór ceadúnas a bheith ag iasachtóirí airgid chun seirbhísí iasachta airgid a thairiscint in Éirinn. Déanann Banc Ceannais na hÉireann rialáil ar iasachtóirí airgid. Tá sé freagrach as ceadúnais iasachtaithe airgid a eisiúint agus leagann sé na rialacha amach nach mór d’iasachtóirí airgid cloí leo.

Ó Shamhain 2022, is é an téarma dlíthiúil le haghaidh iasachtóirí airgid ceadúnaithe soláthraithe creidmheasa ardchoistais agus tugtar creidmheas ardchostais ar a n-iasachtaí.

Níor cheart duit iasacht a fháil ach ó iasachtóir airgid atá ceadúnaithe. Cosnaíonn sé seo tú féin agus do chuid airgid ó iasachtóirí creiche nó ó láithreáin ghréasáin bhréagacha. Mura bhfuil tú cinnte cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil iasachtóir airgid ceadúnaithe, ba cheart duit Clár Soláthraithe Ardchostais an Bhainc Cheannais a sheiceáil.

Iasachtú airgid neamhdhleathach nó neamhcheadúnaithe

Tá sé in aghaidh an dlí go gcuirtear seirbhísí iasachtaithe airgid ar tairiscint gan cheadúnas. Is féidir leis na Gardaí dul i mbun caingean dlí in aghaidh iasachtóirí airgid neamhdhleathacha. Má chiontaítear iad, is féidir fíneáil a ghearradh orthu nó iad a chur chun príosúin, nó an dá rud.

Rialacha

Caithfidh fógraí d’iasachtaí creidmheasa ardchostais:

  • Rabhaidh shoiléire a chur ar fáil gur táirge ardchostais í an iasacht
  • A mholadh duit machnamh a dhéanamh ar iasachtaí eile ó iasachtóirí eile

Caithfidh soláthraithe creidmheasa ardchoistais:

  • Príomheolas breise a thabhairt duit sula nglacann agus tar éis go nglacann tú iasacht agus má ghlacann tú le hiasachtaí ina dhiaidh sin
  • Thú a chur ar an eolas ar mhéid iomlán na n-aisíocaíochtaí atá le híoc agat má tá breis agus iasacht amháin agat leis an iasachtóir airgid céanna
  • Sonraí teagmhála don MABS a thabhairt duit sula nglacann tú leis an iasacht
  • Gan iasacht nua a chur ar tairiscint duit má tá iasacht reatha díreach aisíoctha agat
  • Gan lascaine a thabhairt duit ar gá duit iasacht a fháil chun í a fháil (i gcás iasachtóirí airgid catalóige)

Comhaontuithe iasachtaithe airgead

Tugtar comhaontú creidmheasa ardchostais ar chomhaontú le hiasachtóir airgid ceadúnaithe má bhíonn aon cheann den mhéid seo a leanas i gceist:

  • Tugadh faoin gcomhaontú nó an idirbheartaíocht (nó an dá rud) ag áit eile seachas áitreabh gnó an iasachtóra airgid
  • Faoin gcomhaontú, déanann tú d’aisíocaíochtaí ag aon áit seachas áitreabh gnó an iasachtóra airgid
  • Baineann RCB (ráta céatadánach bliantúil) 23% nó níos airde leis an gcomhaontú

Caithfidh comhaontú creidmheasa ardchostais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • A bheith i scríbhinn agus d’ainm agus do sheoladh agus ainm agus seoladh an iasachtóra a bheith ar fáil ann.
  • An méid iomlán a tugadh ar iasacht, an ráta úis, an méid iomlán atá iníoctha (costas an chreidmheasa) a thaispeáint. Ní féidir leis an iasachtóir aon mhuirir eile a chur leis, cosúil le costais riaracháin.
  • Thú a chur ar an eolas ar an gceart atá agat tréimhse ‘shuaimhnithe’ 10 lá a bheith agat – an ceart chun aistarraingt ón iasacht a fháil. Má thugann tú an ceart seo suas, caithfidh tú cuid ar leith den fhoirm ina luaitear seo a shíniú.

Ní mór duit leabhar aisíocaíochta a fháil, amach ón gcomhaontú iasachtaithe. Is féidir leis a bheith ar pháipéar nó ar líne. Déantar na rudaí seo a leanas sa leabhar aisíocaíochta:

  • Méid iomlán na hiasachta agus líon iomlán na n-aisíocaíochtaí atá le híoc a lua
  • Méid agus dáta gach aisíocaíochta a dhéanann tú a chur i gcuntas

Iasacht chreidmheasa ardchostais a aisíoc

Bailíonn go leor iasachtóirí airgid íocaíochtaí iasachta in airgead tirim gach seachtain. Ní féidir leo táille a ghearradh ort as íocaíochtaí a bhailiú uait ag d’áit chónaithe. Ceadaíonn roinnt iasachtóirí duit íoc trí dhochar díreach.

Caithfidh iasachtóirí airgid:

  • Údarú scríofa a thabhairt d’aon ghníomhaire a seoladh chuig do theach chun íocaíocht a bhailiú. Is gnách gur cárta aitheantais é seo. Ní cheadaítear don ghníomhaire ach aisíocaíochtaí a bhailiú agus ní féidir leis iasachtaí nua a thosú nó comhaontú a dhéanamh ar iasachtaí nua.
  • Gan cuairt a thabhairt ar d’áit chónaithe ach idir an Luan agus an Satharn idir 10am agus 9pm. Má chomhaontaigh tú i scríbhinn roimh ré, is féidir leo an bailiú a dhéanamh idir 8am agus 10am.
  • Gan teagmháil a dhéanamh leat ar an Domhnach nó ar shaoirí poiblí agus ní féidir leo teagmháil a dhéanamh le d’fhostóir nó le do theaghlach gan cead scríofa a bheith faighte acu uait.

Faoi Alt 11 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997, is cion é íocaíocht fiachais a éileamh ar bhealach is cúis le himní, suaitheadh nó náire. Áirítear leis seo dúmhál agus sracaireacht. (Ciallaíonn dúmhál imeaglú nó bagairt foréigin a úsáid chun airgead, faisnéis nó rud ar bith eile lena mbaineann luach a fháil ó dhuine eile). Is féidir níos mó a léamh faoi fhiachas a bhailiú anseo.

Rátaí úis

Is gnách go mbainfidh ráta úis níos airde le hiasacht ó iasachtóir airgid ná mar a bhainfidh le hiasacht a thugann comhar creidmheasa nó banc.

Maidir le gach iasacht, ba cheart duit súil a chaitheamh ar chostas iomlán na hiasachta. Is é sin, an méid airgead breise a bheidh ort a íoc ar ais atá os cionn agus níos mó ná méid na buniasachta.

I gcás comhaontuithe creidmheasa ardchostais a rinneadh ón 14 Samhain 2022, ceadaítear téarma uasta agus ráta uasta úis d’iasacht. Is féidir iasachtaí a thabhairt do théarma uasta 52 seachtain.

Is é an ráta úis uasta:

  • 48% sa bhliain, nó
  • 1% sa tseachtain

Má sholáthraítear an creidmheas mar chuntas reatha, is féidir an creidmheas a fháil ar feadh breis agus 52 seachtain agus is é an ráta uasta úis 2.83% sa mhí.

Ní cheadaítear d’iasachtóirí airgid aon ús nó muirir bhreise a ghearradh de bhreis ar an méid a cheadúnaítear dóibh a ghearradh agus an méid a luaigh siad a ghearrfaidh siad ag tús na hiasachta.

Ní cheadaítear d’iasachtóirí airgid iasachtaí breisithe ná an dara hiasacht a chur ar fáil chun an chéad iasacht a íoc, mar gheall go gcruthódh seo fiachas breise duit. Ní cheadaítear dóibh méid a ghlacadh ón iasacht fhoriomlán agus caitheamh leis mar chéad aisíocaíocht.

Má theipeann ort leanúint le haisíocaíochtaí a dhéanamh

Má tá ag streachailt ort iasacht a aisíoc, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an iasachtóir airgid a luaithe agus is féidir leat.

Murar féidir leat an fhadhb a réiteach go díreach leis an iasachtóir, féadfaidh tú cabhair a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an SBCA (an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid). Seirbhís saor in aisce agus rúnda é an SBCA do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le bainistíocht airgid agus fiachais.

is féidir leis an iasachtóir dul i mbun caingean dlí i d’aghaidh mura n-íocann tú tráthchodanna atá le híoc faoin gcomhaontú iasachtaithe. Caithfidh siad:

  • Fógra scríofa 21 lá a thabhairt duit go rachaidh siad i mbun caingean dlí
  • Meastachán a thabhairt duit maidir leis na costais dlí a mb’fhéidir go mbeidh ort a íoc
  • Fógra 21 lá a thabhairt duit chun na tráthchodanna a íoc sular féidir tús a chur le caingean dlí

Má theipeann ort arís agus arís eile aisíocaíochtaí a íoc i rith théarma na hiasachta, is féidir leis an iasachtóir airgid cead a fháil ó na cúirteanna caingean dlí a thosú láithreach, gan fanacht 21 lá.

Conas gearán a dhéanamh faoi iasachtóir airgid

Má bhíonn gearán agat faoi iasachtóir airgid, ba cheart duit do ghearán a phlé ar dtús leis an iasachtóir.

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt, tar éis cloí lena bpróiseas gearán, féadfaidh tú an gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (an OSAP). Comhlacht neamhspleách reachtúil é an OSAP ar féidir leis do ghearán a imscrúdú.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar conas gearán a dhéanamh faoi ghnóthas seirbhísí airgeadais. Cuireann an Banc Ceannais Eolas Mínitheach: Conas a dhéanaim gearán faoi ghnóthas seirbhísí airgeadais? ar fáil freisin.

Eolas breise

Cuireann Banc Ceannais na hÉireann eolas ar fáil ar iasachtú airgid, ar reachtaíocht agus ceanglais agus treoir rialála san áireamh. Cuireann sé Ceisteanna Coitianta d’Iasachtóirí Airgid ar fáil freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Nollaig 2022