Scéim mhicrichreidmheasa – iasachtaí 'Luíonn sé le Ciall' ('It Makes Sense')

Cad í an Iasacht 'Luíonn sé le Ciall’?

Iasacht bheag chomhar creidmheasa í an Iasacht Luíonn sé le Ciall (It Makes Sense) (ar a dtugtar an Scéim um Micriasacht Phearsanta freisin) ar ráta úis íseal do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu. Tá sé mar aidhm ag an scéim brath ar iasachtóirí airgid a ghearrann rátaí an-arda úis a laghdú.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar iasacht idir €100 agus €2,000. Gearrfar ráta uasta úis 12% (praghasriosca iomlán (APR) 12.74%).

Mura ball de do chomhar creidmheasa áitiúil thú, is féidir leat glacadh le ballraíocht agus cur isteach láithreach ar iasacht Luíonn sé le Ciall.

Cé ar féidir leis cur isteach air?

Is féidir leat cur isteach ar iasacht Luíonn sé le Ciall sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú níos sine ná 18 mbliana d’aois
  • Tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat
  • Aontaíonn tú leis an iasacht a aisíoc tríd an Scéim Buiséad Teaghlaigh má fhaigheann tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh ag oifig an phoist.

Má íoctar d’íocaíocht leasa shóisialaigh isteach i gcuntas bainc nó comhar creidmheasa, caithfidh tú an iasacht a aisíoc trí bhuanordú nó dochar díreach. Seiceáil le do chomhar creidmheasa cibé acu an gcuireann nó nach gcuireann siad an rogha seo ar fáil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iasacht ar chuspóir ar bith, le fiachas nár íocadh a aisíoc ina measc.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuireann tú isteach ar iasacht Luíonn sé le Ciall trí do chomhar creidmheasa. Mura ball thú, beidh ort iarratas a dhéanamh chun ballraíocht a ghlacadh.

Ní ghlacann gach comhar creidmheasa páirt sa scéim – féach ar liosta de chomhair chreidmheasa rannpháirteacha inar féidir leat iarratas a dhéanamh.

D’fhéadfadh rialacha na scéime a bheith éagsúil idir comhair chreidmheasa. Mar shampla, d’fhéadfadh roinnt comhair chreidmheasa iasachtaí de mhéideanna níos lú a chur ar fáil chun méid áirithe ama a shábháil ort sula gcuireann tú isteach ar iasacht. Déan teagmháil le do chomhar creidmheasa chun sonraí a fháil.

Ballraíocht a ghlacadh den chomhar creidmheasa

Mura ball den chomhar creidmheasa thú cheana féin, beidh ort na rudaí seo a leanas a sholáthar:

  • Cruthúnas maidir le d’aitheantas – mar shampla, pas nó ceadúnas tiomána reatha
  • Cruthúnas maidir le do sheoladh – mar shampla, bille tí a eisíodh le déanaí nó cáipéis a d’eisigh roinn rialtais le déanaí
  • D’uimhir PSP

Cur isteach ar iasacht Luíonn sé le Ciall

Má bhailíonn tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil ag oifig an phoist, tá ort 2 dhuillín leasa shóisialaigh i ndiaidh a chéile a thabhairt leat (a eisíodh le 4 seachtaine anuas) nuair a dhéanann tú iarratas ar an iasacht.

Má íoctar d’íocaíocht leasa shóisialaigh isteach i gcuntas bainc nó comhar creidmheasa, caithfidh tú ráitis a eisíodh le déanaí don chuntas a thabhairt leat. Seiceáil leis an gcomhar creidmheasa cé mhéid ráiteas a theastaíonn uait a thabhairt leat.

Is féidir le do chomhar creidmheasa áitiúil cabhrú leat foirm iarratais ar iasacht a líonadh.

Déanfaidh an comhar creidmheasa an cinneadh cibé acu iasacht a cheadú duit nó a mhalairt agus faoi mhéid na hiasachta.

An iasacht a aisíoc

Caithfidh tú d’iasacht a aisíoc gach seachtain ó d’íocaíocht leasa shóisialaigh tríd an Scéim Buiséad Teaghlaigh nó, má aontaíonn do chomhar creidmheasa leis, trí dhochar díreach nó buanordú ó do bhanc nó cuntas comhar creidmheasa.

Is í an asbhaint uasta ó d’íocaíocht a cheadaítear faoin Scéim Buiséad Teaghlaigh 25% de d’íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil. Áirítear leis seo aon asbhaintí eile a d’fhéadfadh bheith agat cheana féin faoin Scéim Buiséad Teaghlaigh (mar shampla, do chíos nó billí tí).

Is é an ráta úis is mó a ghearrfar ort d’iasacht Luíonn sé le Ciall 12% sa bhliain (APR 12.74%).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Lúnasa 2022