Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Iasachtaí agus creidmheas > Stair Chreidmheasa - Biúró Creidmheasa na hÉireann

Print Page Send to a Friend

Stair Chreidmheasa - Biúró Creidmheasa na hÉireann

Eolas

Is é Biúró Creidmheasa na hÉireann (BCÉ) an ghníomhaireacht is mó tagairt creidmheasa in Éirinn. Ní comhlacht stáit atá ann agus is leis na baill é agus is iad a dhéanann é a mhaoiniú, institiúidí airgeadais don chuid is mó atá ina mbaill. Leabharlann leictreonach atá sa bhiúró nó banc sonraí ina bhfuil fáil ar eolas maidir le a bhfuil ag éirí le comhaontuithe creidmheasa idir institiúidí airgeadais (i.e., bainc agus cumainn fhoirgníochta) agus iasachtaithe (i.e., an saoránach). San áireamh i gcomhaontuithe creidmheasa tá morgáiste, iasachtaí cairr agus pearsanta, comhaontuithe leasa agus ceannacht ar chíos. Níl eolas maidir le cártaí creidmheasa ar fáil i leabharlann BCÉ, ach amháin sa chás go bhfuil an cárta tarraingte siar nó curtha ar cheal ag an iasachtóir. Ní dhéanann BCÉ monatóireacht ar chomhaontuithe rótharraingte ach amháin sa chás go bhfuil cás cúirte i gceist maidir le rótharraingt.

Tá eolas cláraithe institiúidí iasachta le BCÉ, go míosúil go hiondúil. Gach uair a dhéanann tú iarratas ar chreidmheas uaidh ceann acu breathnaíonn an institiúid sin ar an gcód creidmheasa a bhaineann leat le fáil amach cén chaoi ar éirigh leat cheana in aon chomhaontú creidmheasa a bhí agat le hinstitiúidí eile. Déantar gach iasacht a chlárú le BCÉ, babhtaí gur theip ort íocaíocht a dhéanamh san áireamh. Má dhéanann tú socrú leis an iasachtóir íocaíocht a chur ar athló ní chuirfidh seo isteach ar do ghrádú creidmheasa. Go hiondúil déantar taifead ar stair íocaíochtaí an duine le dhá bhliain anuas. Déantar eolas ar shaoránaigh a choinneáil ar feadh cúig bliana.

sampla den chineál taifead creidmheasa (pdf) a bhíonn dhá choinneáil ag Oifig Chreidmheasa na hÉireann anseo.

Grádú creidmheasa

Ní thugann BCÉ marcanna do shaoránaigh bunaithe ar stair chreidmheasa. Déanann sé eolas a thaifead agus cuireann sé an t-eolas seo ar fáil don lucht iasachta a dhéanann a mheasúnacht chreidmheasa féin bunaithe ar an eolas atá ar fáil ar na códanna.

Cártaí creidmheasa agus stair chreidmheasa

Roimhe seo, is iad na hiasachtóirí go príomha a sholáthair eolas sa chás go ndearnadh aisghairm ar chártaí creidmheasa nó gur cuireadh ar ceal iad. Tá an rogha ag iasachtóirí anois eolas iomlán a chur ar fáil do BCÉ maidir le hiarmhéideanna oscailte agus dúnta. Déanfaidh an BCÉ measúnú ar bhonn míosúil ar conas atá ag éirí leat an aisíocaíocht a dhéanamh ar do chárta ach mar gheall ar a mbíonn i gceist le cártaí creidmheasa, gheobhaidh tú 30 lá breise sula ndéanfar taifeadadh ar eolas diúltach faoi do thaifead.

An t-achar ama a choinneofar taifid

Seolann baill Bhiúró Creidmheasa na hÉireann eolas maidir leis na hiasachtaí atá tugtha acu dá gcustaiméirí chuig an mBiúró. Mar sin, coinneofar eolas faoi iasacht ar bhunachar sonraí BCÉ ar feadh téarma iomlán na hiasachta cibé an iasacht phearsanta 3 bliana nó morgáiste 30 bliain atá i gceist. Déanann an Ball de BCÉ taifeadadh ar mar a dhéanann an custaiméir a chuid aisíocaíochtaí agus seoltar an t-eolas sin ar aghaidh ansin chuig an BCÉ áit a ndéanfar taifeadadh air freisin.

Nuair a thugtar an iasacht chun críche nó nuair a bhíonn sí reoite, .i. nuair a dhéantar Díscríobh air, ciallaíonn sé sin go gearr go mbeidh an téarma coinneála 5 bliana istigh. I mbeagán focal, is cuma cén chaoi a raibh an custaiméir ag aisíoc na hiasachta, chomh luath is a dhéantar foirceannadh ar an iasacht ina staid reatha - fanfaidh sé ar Bhunachar Sonraí BCÉ ar feadh 5 bliana ón dáta sin.

Baill BCÉ

Seo a leanas baill BCÉ

Rialacha

Fáil ar do chuid códanna féin

Má tá imní ort go bhfuil an t-eolas creidmheasa atá á choimeád fút mícheart nó as dáta, tá tú i dteideal scrúdú a dhéanamh ar do thaifead pearsanta féin faoin Acht um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Chomh maith leis sin má tá an t-eolas atá coinnithe fút míchruinn, tá sé de cheart agat an t-eolas seo a leasú agus i gcúinsí faoi leith an t-eolas sin a bhaint amach as an gcód.

Muna bhfaigheann tú aon fhreagra ar iarratas breathnú ar do chód creidmheasa pearsanta nó má dhiúltaítear duit eolas míchruinn a cheartú is féidir leat gearán a chur chuig an gCoimisinéir Cosanta Eolais. Tá an Coimisinéir Cosanta Eolais ceapaithe ag an Rialtas agus tá cumhachtaí dleathúla aige/aici le cinntiú go ndéantar do chearta a chosaint.

Má dhéantar damáiste duit de bharr droch láimsheáil eolais phearsanta atá coinnithe fút ar ríomhaire d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann éileamh ar chúiteamh a dhéanamh tríd na cúirteanna.

Dearbhú pearsanta a chur le do thaifead creidmheasa

Is féidir dearbhú (ráiteas) pearsanta a chur le do thaifead creidmheasa féin chun do thaifead creidmheasa a shoiléiriú. Mar shampla, má tá costais shuntasacha tabhaithe agat (tar éis mar shampla briseadh caidrimh, méala, breoiteacht, timpiste, srl.) féadfaidh tú sonraí a chur le do thaifead creidmheasa á chur sin in iúl.

Caithfidh téacs an nóta a bheith níos lú ná 200 focal agus a bheith ábhartha do chúrsaí atá sa taifead agus ní fhéadfaidh sé a bheith suaibhreosach, cráiteach nó lochtach.

Cuireann Biúró Creidmheasa na hÉireann an dearbhú pearsanta sin ansin ar do chomhad mar fhreagra agus féadfaidh tú é a fheiceáil nuair a fhaigheann tú rochtain ar do chuid sonraí. Ná déan dearmad nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an iasachtóir do ráiteas a ghlacadh san áireamh nuair a bheidh sé/sí ag athbhreithniú nó ag seiceáil do stair chreidmheasa nuair atáthar do do mheas le haghaidh iasachta.

Cén t-achar a bheidh taifead ann de mo stair chreidmheasa?

Fanann gach taifead ar bhunachar sonraí an ICB ar feadh 5 bliana chomh luath is a bheidh an cuntas tugtha chun críche. Tá feidhm leis an gcóras seo beag beann ar a ndearna tú aisíocaíocht ar an bhfiacha nó ar theip ort do chuid íocaíochtaí a dhéanamh.

An féidir liom droch-shonraí creidmheasa a bhí agam roimhe seo a ghlanadh ó mo thaifead creidmheasa?

Is féidir, ach ní féidir leat é a dhéanamh ach amháin má tá na sonraí seo mícheart agus má tá ag iarraidh iad a leasú. Tá sé d’oibleagáid ar gach banc agus ar gach institiúid airgeadais in Éirinn taifead fíor ionraic a thabhairt de do chuid comhaontuithe agus idirbhearta creidmheasa. Má bhíonn sonraí maidir le droch-fhiacha nó teip aisíocaíochta a dhéanamh mar chuid de thaifead fíor ionraic, ansin cuirfear iad sin san áireamh ar do thaifead. Ba chóir duit fios a bheith agat nuair a dhéanann tú iarratas ar iasacht d’aon chineál ar dtús in Éirinn, go n-iarrtar ort foirm toilithe a shíniú a luann go bunúsach go dtuigeann tú go gcoinneofar stair de do chuid aisíocaíochtaí agus go mbeidh sí mar chuid de do stair chreidmheasa.

Mar sin féin, beidh sonraí maidir le do thaifead creidmheasa le haon institiúid airgeadais/banc idir tú féin agus an institiúid sin. Má bhí drochthaifead creidmheasa agat píosa fada ó shin ach go bhfuil sé sin réitithe anois, b’fhéidir go mbeifeá in ann an t-eolas a bhaint ó do thaifead. Mar sin féin, ní tharlóidh sé sin ach amháin má aontaíonn an banc/institiúid airgeadais leis seo - níl aon oibleagáid orthu é sin a dhéanamh de réir an dlí, ná ní iarrfar orthu é a dhéanamh mar chuid dá mbeartas féin. Seiceáil an cás leis an institiúid/na hinstitiúidí airgeadais atá i gceist. Is féidir le roinnt institiúidí airgeadais cumhachtaí lánroghnacha a fheidhmiú agus má tabhaíodh na fiacha mar shampla i gcúinsí eisceachtúla nó mar gheall ar chruatan tromchúiseach, b’fhéidir go mbeidís toilteanach cuidiú leat.

Rataí

Más mian leat scrúdú a dhéanamh ar eolas a bhaineann le do ghrádú creidmheasa tá táille de €6 le n-íoc. Caithfidh tú táille a sheoladh leis an fhoirm iarratais.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir le saoránaigh scrúdú a dhéanamh ar a gcuid taifead creidmheasa trí fhoirm iarratais a chomhlánú ón BCÉ. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne chun sonraí a fháil faoi do thaifead creidmheasa anseo. (Tabhair ar aird go gcuirfear do thaifead creidmheasa sa phost chugat agus ní chuirfear i ríomhphost chugat é (ar chúiseanna slándála). Teastóidh cárta creidmheasa nó dochair uait freisin chun iarratas a dhéanamh agus chun íoc as do thaifead ar líne.

Nó féadfaidh tú Foirm Fhiosrúcháin Phearsanta (pdf) a íoslódáil agus a úsáid chun iarratas a dhéanamh sonraí a fháil faoi do thaifead creidmheasa. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar fhoirm iarratais chun sonraí a fháil faoi do thaifead creidmheasa anseo. Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe leis an táille chuí chuig an seoladh thuas.

Ní féidir ach aon chuardach amháin a dhéanamh in aghaidh an iarratais.

Tosaítear ag próiseáil an iarratais nuair a fhaigheann BCÉ d’fhoirm agus go hiondúil tógann sé thart ar 3 nó 4 lá an fhoirm a phróiseáil.

Nuair a fhaigheann tú an tuairisc ó BCÉ, beidh uimhir thagartha shainiúil le feiceáil air. Féadfaidh tú dul i dteagmháil le BCÉ chun do thuairisc a phlé, ach ná déan dearmad d’uimhir shainiúil a lua. Is ag an gcéim seo amháin, a fhéadfaidh tú do thuairisc chreidmheasa a phlé le BCÉ ar an teileafón.

Más mian leat eolas míchruinn ar do thaifead creidmheasa a leasú, téigh i dteagmháil le BCÉ.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Biúró Creidmheasa na hÉireann

ICB House
Newstead
Clonskeagh Road
Dublin 14

Teil:(01) 260 0388
Facs:(01) 260 0390
Láithreán Gréasáin: http://www.icb.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Rátálacha creidmheasa
    Cur síos ar rátálacha creidmheasa agus conas a reachtaítear gníomhaireachtaí creidmheasa
  • Cúrsaí creidmheasa agus príobháideacht
    Tá cur síos sa doiciméad seo ar do cheart chun príobháideachta mar thomaltóir má tá tú gafa le comhaontú creidmheasa.
  • Ag fáil airgid ar iasacht in Éirinn
    Nuair atá tomaltóirí ag fáil airgid ar iasacht, tugann an reachtaíocht cosaint orthu. Tugtar comhairle do dhaoine an iasacht cheart a oirfidh dá riachtanais a fháil agus tabharfar comhairle ann breathnú i gcúpla áit sula bhfaigheann duine iasacht.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.