Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Iasachtaí agus creidmheas > Comhaontaithe fruilcheannaigh

Print Page Send to a Friend

Comhaontaithe fruilcheannaigh

Eolas

Is comhaontú atá i bhfruilcheannach ina n-íocann duine ar earraí i dtráthchuideanna agus bíonn úinéireacht ag an gcaiteoir nuair a mbíonn gach tráthchuid íoctha.

Go hiondúil is tréimhse ama idir 2-5 mbliana atá i gceist, is an tréimhse coiteanta 3 bhliain í. Faoin gcomhaontú fruilcheannaigh, ní bhíonn úinéireacht ag an gcaiteoir go dtí go mbíonn an tráthchuid deireanach íoctha, cé go bhfuil úsáid iomlán na n-earraí aige/aici i rith na tréimhse aisíocaíochta.

Is féidir comhaontú fruilcheannaigh a dhéanamh le bancanna, cumainn fhoirgníochta, cuideachtaí airgeadais agus go leor siopaí miondíola. Go hiondúil, soláthraíonn siopaí miondíola comhaontaithe fruilcheannaigh i gcomhar le cuideachta airgeadais. Nuair a tharlaíonn sé seo beidh an miondíoltóir agus an cuideachta fruilcheannaigh (nó cuideachta airgeadais) freagrach go cothrom as an gconradh. Beidh sé seo ag brath ar na sonraí atá sa chonradh.

Ba cheart conradh fruilcheannaigh a léamh go cúramach sula dtugann tú faoi aon chomhaontú.

Conas a oibríonn comhaontú fruilcheannaigh?

Is é an fruilitheoir a chuireann le chéile agus a shíníonn an comhaontú fruilcheannaigh (an tomhaltóir) ar son an úinéara (Institiúid Iasachta). Má tá miondíoltóir páirteach, caithfidh sé/sí an comhaontú a shíniú agus na hearraí atá i gceist a sholáthar.

Is iasachtaí fruilcheannaigh iad an chuid is mó de na hiasachtaí i gcomhair carranna arna dtairiscint ag garáistí. D’fhéadfaí iasachtaí fruilcheannaigh a thairiscint do thomhaltóirí nuair atá troscán, trealamh ríomhaire nó earraí leictreacha á gceannach acu freisin.

Beidh an méid seo a leanas sa chomhaontú:

  • An tsócmhainn atá i gceist sa chomhaontú (san áireamh bíonn cur síos sonrach)
  • Luach airgid na sócmhainne
  • An Luach Fruilcheannaigh, seo í an tsuim iomlán a bheidh le n-íoc ar ais leis na hearraí a cheannacht. Is é atá i gceist leis an bpraghas fruilcheannaigh mar sin ná an tráthchuid nó íocaíocht mhíosúil méadaithe faoin líon tráthchodanna gur gá a dhéanamh.
  • Méid gach tráthchuid ina dhéanfar an luach fruilcheannaigh a íoc. Uaireanta bíonn an tráthchuid dheireanach a íoctar ag deireadh an chomhaontaithe i bhfad níos mó ná na cinn eile. Tugtar cnapíocaíocht ar seo agus caithfear í a íoc chun an iasacht a ghlanadh agus chun ligean don tomhaltóir a bheith ina úinéir.
  • An dáta ina n-íocfar gach tráthchuid
  • An méid tráthchuideanna
  • Ainmneacha agus seoltaí na bpáirtithe uilig sa Chomhaontú
  • Ráiteas gur féidir leis an bhfruilitheoir tarraingt amach as an gComhaontú taobh istigh de 10 lá ó fuair sé/sí cóip den chomhaontú. Tugtar tréimhse shuaimhnithe ar seo. Iarrtar ar thomhaltóirí go minic an ceart seo a thabhairt suas trí tharscaoileadh a shíneadh. Ní gá duit an tarscaoileadh seo a shíniú le go ndéanfar d’iarratas a phróiseáil. Ba chóir do thomhaltóirí an t-am a ghlacadh chun téarmaí uile an chomhaontaithe a léamh agus chun a chinntiú go dtuigeann siad go hiomlán iad sula síníonn siad an chuid sin ná aon chuid eile den chomhaontú.
  • Ráiteas go gcaithfidh an fruilitheoir an t-úinéir a chur ar an eolas maidir leis an áit a bhfuil na hearraí coinnithe, sé sin na hearraí sa chomhaontú
  • Caithfidh na focail "Comhaontú Fruilcheannaigh" a bheith scríofa go soiléir agus in áit lárnach ar an bhfoirm chomhaontaithe.
  • Ní mór don chomhaontú na táillí agus na pionóis atá i gceist a leagan amach chomh maith. Tá roinnt samplaí de na costais seo le fáil thíos.

Muna gcomhlíontar na riachtanais atá luaite anseo, tá seans ann nach mbeidh úinéir na n-earraí in ann an comhaontú fruilcheannaigh a chur i bhfeidhm.

Táillí agus costais tipiciúla ar chomhaontú fruilcheannaigh

Bíonn táillí agus costais éagsúla i gceist le comhaontuithe fruilcheannaigh ach d’fhéadfadh siad seo a leanas a bheith ina measc:

  • “táillí doiciméadúcháin”
  • “formhuirear úis” le haghaidh íocaíochtaí nach ndearnadh - ciallaíonn sé sin go ngearrfar ús breise ar an méid atá le haisíoc;
  • “táillí pionóis” ar íocaíochtaí nach ndearnadh nó a bhí déanach;
  • “táille comhlíonta” chun úinéireacht na n-earraí a aistriú chugat
  • “muirear athshealbhaithe” - má dhéantar na hearraí a athshealbhú
  • “muirear athsceidealaithe” - má tá d’iasachtóir sásta téarmaí na hiasachta a athrú

Cé nach bhfuil cnapíocaíocht a ghearrtar ar iasacht fruilcheannaigh ina “muirear breise” cuireann sé cuid de na costais siar go dtí tar éis na hiasachta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú á íoc ar a gcuid iasachtaí ag tomhaltóirí sna míonna agus blianta tosaigh ná mar a d’íocfaidís ag banc nó comhar creidmheasa.

Deireadh a chur le Comhaontú Fruilcheannaigh

Is féidir leis an bhfruilitheoir deireadh a chur leis an gcomhaontú nuair a dhéanann sé/sí iarratas i scríbhinn chuig an Institiúid Iasachta. Ba chóir go mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go mbíonn pionóis i gceist má sháraítear conradh fruilcheannaigh roimh a dháta deiridh normálta.

is féidir leat:

  • leath an luach fruilcheannaigh a íoc muna bhfuil sé íoctha agat sna tráthchuideanna atá déanta nó má tá luach níos ísle scríofa sa Chomhaontú agus ansin na hearraí a thabhairt ar ais go dtí an t-úinéir. Muna dtug an fruilitheoir aire réasúnta do na hearraí atá i gceist, beidh air/uirthi íoc as an damáiste atá déanta. D’fhéadfadh an teach airgeadais fógra costas a eisiúint, ach ba chóir do thomhaltóirí iarracht a dhéanamh a meastachán féin a fháil i gcásanna mar sin.
  • na hearraí a cheannach níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. Na hearraí a cheannacht tré an luach sa difir a íoc idir an méid atá íoctha cheana féin faoin Aontú agus an luach fruilcheannaigh (an luach socraithe) mar atá aontaithe sa chomhaontú fruilcheannaigh. Is féidir leis an bhfruilitheoir ísliú a fháil i bpraghas iomlán an chreidmheasa. Déantar an ísliú seo a ríomhú ag úsáid foirmle atá leagtha síos sa Chomhaontú Fruilcheanniagh.

An féidir leis an úinéir (teach airgeadais) na hearraí a athshealbhú?

Ní féidir leis an teach airgeadais na hearraí a athshealbhú ach in imthosca áirithe. Mura bhfuil aon trian de chostas iomlán an fhruilcheannaigh íoctha ag an tomhaltóir fós, is féidir leis an úinéir na hearraí a athshealbhú ag am ar bith gan caingean dlí a ghlacadh i gcoinne an tomhaltóra.

Má tá aon trian nó níos mó de chostas iomlán an fhruilcheannaigh íoctha ag an tomhaltóir áfach, ní féidir leis an úinéir na hearraí a athshealbhú gan dul i mbun imeachtaí dlí. Cuirtear éarlais ar bith a íoctar ag tús an chomhaontaithe, nó luach aon trádáil isteach mar shampla, san áireamh agus aon trian den chostas á ríomh.

Má sháraíonn an t-úinéir an riail seo faoi “aon trian”, tá an tomhaltóir i dteideal deireadh a chur leis an gcomhaontú agus is féidir leo aisíocaíocht a iarraidh ar na híocaíochtaí go léir a rinneadh.

Cad a tharlaíonn má tá na hearraí lochtach nó damáistithe?

Caithfidh gach earra a cheannaítear faoi Chomhaontú Fruilcheannaigh aontú leis an Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980 agus caithfidh sé a bheith:

  • Ar chaighdeán sodhíolta
  • In ann do úsáid cheart agus réasúnta dochaite
  • Mar atá ar an gcur síos, is cuma má tá an cur síos i bhfoirm fógraíochta nó clúdach ar lipéad nó rud éigin a dúirt an fear margaidh.

Má tá ceannacht déanta faoi Chomhaontú Fruilcheannaigh agus go bhfuil sé lochtach, tá an miondíoltóir agus an Cuideachta Fruilcheannaigh freagrach, más rud é go ndeachaigh tú isteach sa chomhaontú leo. Is féidir leat éileamh a dhéanamh i gcoinne aon pháirtí má tá gearán dlisteanach agat, ach ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar an déantóir earraí.

Má thugtar na hearraí lochtacha ar ais, tabharfar aon tráthchuid atá íoctha agat ar ais duit mar go bhfuil na cearta céanna agat agus dá gceannófá na hearraí le hairgead tirim. Tá an ráthaíocht mar a chéile le comhaontú fruilcheannaigh nuair a cheannaíonn tú earraí thar barr amach. Is é an déantóir a thugann an ráthaíocht. Má tá na hearraí lochtach, seans go mbeadh sé níos furasta don tomhaltóir na hearraí a fháil deisithe faoin ráthaíocht in áit dul tríd an bpróiséis fada a bhaineann leis an aisíoc iomlán a fháil ar ais nó malartú a fháil.

Faoi phlean fruilcheannaigh tá dualgas ar an tomhaltóir aire réasúnta a thabhairt do na hearraí fruilithe. Má dhéanann an tomhaltóir damáiste do na hearraí agus go dtugtar ar ais don úinéir nó don chuideachta airgeadais iad tá siad i dteideal bille a chur chuig an tomhaltóir i gcomhair na deisiúchán.

Rataí

Costais fruilcheannaigh

Is é atá i gceist le costas an chomhaontaithe fruilcheannaigh ná an difríocht idir praghas airgid na n-earraí atá á bhfruiliú agus an praghas fruilcheannaigh iomlán. Más é 12,000 euro praghas airgid cairr agus más é 17,000 euro an praghas fruilcheannaigh, ansin is é 5,000 euro costas an fhruilcheannaigh, .i. an costas breise a bhaineann leis an gcarr a fhruiliú ar feadh tréimhse ama (agus é a cheannach ar deireadh b’fhéidir) seachas é a cheannach glan amach le hairgead tirim.
Bíonn costais fruilcheannaigh éagsúla ag institiúidí iasachta éagsúla. Luann roinnt díobh Ráta Bliantúil Céatadáin (RBC). D’fhéadfadh sé seo cabhrú le tomhaltóirí costais fruilcheannaigh a chur i gcomparáid lena chéile. D’fhéadfadh sé a bheith míthreorach RBC fruilcheannaigh a chur i gcomparáid le ceann a bhaineann le gnáthiasacht ó bhanc nó chomhar creidmheasa, toisc go bhfuil an tomhaltóir ag íoc as fruiliú na n-earraí agus nach bhfuil sé/sí ina úinéir orthu go dtí go bhfuil tráthchuid dheireanach an chomhaontaithe íoctha.

Moltar do thomhaltóirí gur mian leo cabhair nó eolas neamhspleách a fháil chun ceann ar bith de théarmaí agus choinníollacha a gconartha fruilcheannaigh (nó aon iasacht eile) a thuiscint dul i dteagmháil leis Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí. Seachas eolas agus tacaíocht, cabhróidh an tÚdarás lena chinntiú go bpléann na cuideachtaí airgeadais faoina rialú go cuí le gach gearán a dhéantar.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an líne chabhrach do thomhaltóirí ar an uimhir íosghlao 1890 432 432, cuairt a thabhairt ar a láithreán gréasáin.

Conas iarratas a dhéanamh

I gcás gearáin thomhaltóirí ar leith i gcoinne cuideachta airgeadais maidir le comhaontú fruilcheannaigh, ba chóir do thomhaltóirí a ngearán a chur chuig an gcuideachta airgeadais ar dtús báire. Mura bhfuil siad sásta leis an toradh, is féidir gearán foirmiúil a dhéanamh chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais. Tá sé de chumhacht ag an Ombudsman cúiteamh a dhámhachtain don tomhaltóir i gcásanna inar sáraíodh a gcearta, nó ina bhfuil fianaise gur caitheadh go héagórach leo.

Níl sé de dhualgas ar thomhaltóir glacadh leis an réiteach a mholann an tOmbudsman. Mura bhfuil duine sásta i ndiaidh dóibh dul i mbun na nósanna imeachta seo tá sé/sí i dteideal sásamh a iarraidh trí chaingean dlí a ghlacadh i gcoinne na cuideachta airgeadais.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Biúró an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 662 0899
Lóghlao:1890 882 090
Facs:(01) 662 0890
Láithreán Gréasáin: http://www.financialombudsman.ie/
R-phost: enquiries@financialombudsman.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cineálacha Creidmheasa
    Tá cineálacha difriúil creidmheasa ar fáil do thomhatoirí in Eirinn. Deantar cur síos anseo ar na cineál is coitianta.
  • Comhaontuithe fruilithe tomhaltóra
    Pléann an cháipéis seo na coinníollacha a rialaíonn comhaontuithe fruilithe tomhaltóra.
  • Creidmheas a fhógairt
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le creidmheas a fhógairt le caiteoirí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.