Is féidir le scéimeanna scaoilte cothromais é a chur ar do chumas cuid de luach do thí a iompú isteach in airgead tirim. Tá na scéimeanna seo dírithe ar sheanóirí ar úineirí tí iad chomh maith.
Feidhmíonn cuid de na scéimeanna seo trí cnapshuim a thabhairt duit nó ioncam breise a thabhairt duit go rialta, nó uaireanta déantar an dá rud. Cé go bhfuil na scéimeanna mealltach go maith, ní mór a bheith ar an eolas i dtaobh na n-impleachtaí a bhaineann le scaoileadh cothromais. Ba chóir duit comhairle airgeadais agus dhlí neamhspleách a fháil sula chinneann tú ar leas a bhaint as scéim scaoilte cothromais.
Bíonn cuma choimpléascach ar scéimeanna scaoilte cothromais agus bíonn sé deacair ciall a bhaint astu. Is é aidhm an doiciméid seo, mar sin, ná cur síos a dhéanamh ar an dá príomhchineál scéime, agus naisc a sholáthair duit ionas gur féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise.
Ní mór na rudaí thuasluaite a choimeád i gcuimhne agus tú ag smaoineamh ar scaoileadh cothromais, ach go háirithe i gcás go bhfuil baol ann go mbogfaidh tú amach as an mbaile chun cúram fadtéarmach a fháil mar a théann tú in aois.
Tá dhá chineál ann:
Is féidir leat airgead a fháil ar iasacht agus gan aon aisíocaíochtaí a dhéanamh agus fanacht san áit a bhfuil tú i do chónaí i gcás morgáistí saoil. Braithfidh an méid airgid a ligfear duit a fháil ar iasacht ar d'aois agus ar luach do thí. Is féidir an t-airgead a fháil ar iasacht trí chnapshuim a fháil nó suimeanna airgid a fháil de réir a chéile, nó ar an dá bhealach.
Ní leis an t-iasachtóir do theach i gcás morgáiste saoil. Caithfear an morgáiste saoil a ghlanadh nuair a dhíolann tú an réadmhaoin, nuair a bhogann tú amach as do theach go buan nó nuair a fhaigheann tú bás.
Gearrtar ús ort i leith aon airgead a fhaigheann tú ar iasacht faoin scéim morgáiste saoil. Dá fhaid a mhaireann do mhorgáiste saoil, is ea is mó airgead a bheidh ort a aisíoc. Tá dhá chineál éagsúil morgáiste saoil ann agus tá sé tábhachtach go dtuigfeá an difríocht atá eatarthu:
Is éard is brí le scéim frithdhílse tí ná go bhfuil cuid (nó céatadán) de do theach á díol agat. Ní mór duit a choimeád i gcuimhne go bhfaighidh tú i bhfad níos lú ná an margadhluach ar an gcéatadán a dhíolann tú, ach is féidir leat fanacht i do chónaí sa teach don chuid eile de do shaol. Nuair a fhaigheann tú bás agus nuair a dhíoltar do theach, bainfidh an comhlacht frithdhílse a chéatadán as fáltais an díola.
Mar shampla, da mba rud é gur cheannaigh comhlacht frithdhílse tí scair de 20% de do theach, gheobhadh siad 20% d'fháltais díola do thí nuair a bhogfá amach as do theach nó i ndiaidh do bháis. Is tusa a gheobhadh an 80% eile (nó d'eastát tar éis do bháis).
Braitheann an céatadán de do theach a cheannóidh an comhlacht frithdhílse ar d'aois agus ar luach do thí. Má tá airgead dlite uait ar do mhorgáiste reatha beidh ort é uilig a aisíoc mar choinníoll den scéim fhrithdhílse tí..
Braitheann an méid airgid a fhaigheann an comhlacht frithdhílse ar an gcineál conartha atá agat leo chomh maith.
Moltar duit dul i dteagmháil leis an Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí ag an seoladh thíos chun faisnéis neamhspleách saor a fháil ar scéimeanna scaoilte cothromais.
4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.