Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Iasachtaí agus creidmheas > Cúrsaí creidmheasa agus príobháideacht

Print Page Send to a Friend

Cúrsaí creidmheasa agus príobháideacht

Eolas

Do cheart chun eolas a fháil faoi do chód creidmheasa

Má dhiúltaítear creidmheas a chur ar fáil duit, tá sé de cheart agat aon eolas a fháil a raibh tionchar aige ar an gcinneadh gan an creidmheas a chur ar fáil duit. Is féidir leat freisin eolas a athrú nó a ghlanadh amach ar fad má tá rudaí in easnamh nó míchruinn.

Is é Biúró Creidmheasa na hÉireann ceann de phríomhfhoinsí eolais den chineál sin. Is é an phríomhoifig thagartha chreidmheasa don tomhaltóir. Is baill iad de BCÉ an chuid is mó de iasachtóirí in Éirinn. Cuireann siad eolas chuige faoina n-iasachtaithe agus cuireann siad iarratais chuige ar shonraí creidiúnaithe daoine a d’fhéadfadh iasachtaí a bheith acu le hiasachtóirí eile. Beidh tionchar ag a leithéid d’eolas ar chinneadh an iasachtóra an gcuirfear iasacht ar fáil do dhuine ar leith. Bíonn sonraí ar "thaifead" creidmheasa an iasachtaithe de aisíocaíochtaí atá déanta ar iasachtaí, íocaíochtaí nach ndearnadh nó faillí i leith iasacht a ghlanadh. Tá pictiúr iomlán ann dá stair creidmheasa, bíodh sé maith nó olc.

Rialacha

Botún ar do thaifead creidmheasa a cheartú

De réir dlí, caithfidh institiúidí airgeadais a chinntiú go bhfuil eolas coinnithe acu fút nó eolas a thugann siad do dhuine ar bith eile ceart agus suas chun dáta. Mar sin, tá an ceart agat iarraidh orthu aon eolas fút atá mícheart a cheartú.

Má fhaigheann tú botún i do thaifead creidmheasa, iarr ar d'iasachtóir scríobh chuig BCÉ le sonraí an athraithe. Ní féidir le BCÉ do thaifeadh a athrú gan iarratas ón iasachtóir.

Cearta chun príobháideacht faoi d'iasacht.

Nuair atá iasacht agat, ní féidir le d’iasachtóir cuairt a thabhairt ort ná glaoch fóin a chur ort ag amanna áirithe. Tá feidhm dlíthiúil ag na srianta seo ar chuile iasachtóir agus tá siad ann chun do phríobháideacht mar thomaltóir a chosaint.

Teagmháil idir iasachtóirí agus tomhaltóirí

Ní féidir le hiasachtóir glaoch fóin a chur ort ná cuairt a thabhairt ort maidir le d'iasacht gan cead uait idir 9 i.n. agus 9 r.n. laethanta den tseachtain agus ag am ar bith ar an Domhnach nó ar lá saoire phoiblí.

  • Ní féidir le hiasachtóir glaoch fóin a chur ort ná cuairt a thabhairt ort ag do láthair oibre ach amháin má tá tú i do chónaí ann freisin agus gur theip ar iarrachtaí réasúnta teagmháil a dhéanamh leat in aon áit eile.
  • Ní féidir teagmháil a dhéanamh maidir le hiasacht ach leis an nduine lena mbaineann an iasacht. Ciallaíonn sé seo nach féidir le d'iasachtóir dul i dteagmháil le do fhostóir nó le duine de do theaghlach maidir le d'iasacht.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat cóip de do thaifead creidmheasa a fháil ach dul i dteagmháil le BCÉ ag 01 2600 388, nó tríd an bhfoirm iarratais a íoschóipeáil anseo. Ba cheart an fhoirm iarratais líonta a sheoladh chuig Biúró Creidmheasa na hÉireann chomh maith le táille 6 euro.

Biúró Creidmheasa na hÉireann

ICB House
Newstead
Clonskeagh Road
Dublin 14

Teil:(01) 260 0388
Facs:(01) 260 0390
Láithreán Gréasáin: http://www.icb.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.