Baineann rialacha láidre le creidmheas a fhógairt do thomhaltóirí. Tá na rialacha seo leagtha síos san Acht um Chreidmheas do Thomaltóirí 1995. Tá soláthraí an chreidmheasa (an t-iasachtóir) freagrach as a bheith cinnte go gcloíann an fhógraíocht leis na rialacha atá leagtha síos san Acht. Ní féidir fógra a sháraíonn na rialacha a fhoilsiú,a thaispeáint, nó a thabhairt do dhuine eile le foilsiú (mar shampla, do chlódóir). Is féidir le fógróir nach soláthraí creidmheasa é/í (mar shampla, clódóir) a rá gur tháinig an fógra chuige/chuici le cur i gcló i ngnáthchúrsaí gnó agus nach raibh a fhios aige/aici go mbeadh sé/sí ag sarú na rialacha a bhaineann leis an Acht um Chreidmheas do Thomaltóirí nó nach raibh aon fáth aige/aici ceapadh go mbeadh sé ina shárú
Is féidir le fógróir nach soláthraí creidmheasa é/í a rá gur tháinig an fógra chuige/chuici le cur i gcló i ngnáth chúrsaí gnó agus nach raibh a fhios aige/aici go mbeadh sé/sí ag sarú na rialacha a bhaineann leis an Acht um Chreidmheas Caiteoirí nó nach raibh aon fáth aige/aici ceapadh go mbeadh sé ina shárú.
Ní mór d’fhógraí creidmheasa a bheith fíor shoiléar maidir lena bhfuil ar fáil ón bhfógróir don chaiteoir. Is féidir le fógra a bheith:
Déantar sainmhíniú ar fhógraíocht chreidmheasa mar fhógraí a thairiscíonn na rudaí seo a leanas:
Ní bhaineann na rialacha sin le Comhair Chreidmheasanna ná le Cara-Chumainn.
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas i bhfógraí creidmheasa:
Comhaontú fruilcheannaigh, comhaontú cíosa don tomhaltóir nó seirbhís a sholáthar is brí le socruithe airgeadais. Ní mór go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh in aon fhógra a bhaineann leo:
Ní féidir le fógra creidmheasa a rá nach bhfuil ús le n-íoc má tá aon chonradh breise cothabhála nó árachais i gceist.
Tá, sa bhreis ar na nithe thuasluaite, ceisteanna faoi leith a bhaineann go háirid le comhaontuithe cíosa don tomhaltóir agus le comhaontaithe léasa. Ní mór a rá in aon fhógra a bhaineann le comhaontú léasa nach mbeidh úinéireacht ag an tomhaltóir ar na hearraí. Ba cheart go mbeadh na ráitis "Le Ligean, ar Cíos nó Earraí ar léas amháin" agus "Fánann na hearraí in úinéireacht an úinéara" luaite san fhógra. Ba cheart go mbeadh na ráitis seo ar a laghad in áit ar chomhchéim leis an tsuim a bheadh le n-íoc ag an bhfruilitheoir agus istigh i mbosca i bhfógra radharcach. Ní mór go mbeadh an tsuim atá le n-íoc ag an bhfruilitheoir luaite ar an bhfógra agus an t-iomlán a bheith san áireamh, móide cáin.
Tá cumhacht ag an Banc Ceannais na hÉireann aon duine a bhfuil baint aige/aici le creidmheas a fhógairt a chúisiú más gá. Má dhearbhaíonn sé go bhfuil fáthanna ann cás a chur chun cinn déanfar na ceisteanna a ardú go díreach leis an gcomhlacht nó institiúid chuí. Muna féidir leis an Banc Ceannais agus an comhlacht nó institiúid an cheist a réiteach, tiocfaidh an cás ós comhair na Cúirte Dúiche. Má bhíonn soláthraí an chreidmheasa ciontaithe tá fíneáil nó téarma phríosúin nó an dá rud gur féidir leis an gCúirt a ghearradh. Gearrfar freisin fíneáil bhreise ar sholáthraí an chreidmheasa ar son gach lá a leanann an sárú. Is féidir cás dlí a thógáil ag am ar bith taobh istigh de dhá bhliain ó am na coire.
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le fógra creidmheasa ní mór duit scríobh chuig Banc Ceannais na hÉireann. Ba cheart go mbeadh sonraí na coire luaite sa litir chomh maith le hainm an chomhlachta nó na hinstitiúide lena mbaineann an gearán.
Rialachán Airgeadais
Boisce Phoist 9138
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 224 6000
Lóghlao:1890 777 777
Facs:(01) 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie/regulation/Pages/home.aspx
R-phost: enquiries@centralbank.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.