Ag fáil airgid ar iasacht

Réamhrá

Tá saghsanna éagsúla iasachtaí ar fáil do chúinsí éagsúla. Is tábhachtach an iasacht cheart a fháil do do riachtanais. Tugtar creidmheas ar iasachtaí freisin.

Nuair a bhíonn iasacht á roghnú agat, ba cheart duit an méid seo a leanas a chur san áireamh:

  • Méid
  • Costas
  • An t-am a chuirtear ar fáil chun aisíocaíocht a dhéanamh (tugtar an téarma air seo freisin)

Cuirtear roinnt iasachtaí ar fáil ar chuspóirí ar leith, mar shampla, morgáiste do theach, fruilcheannach do ghluaisteán nó creidmheas ar an láthair chun rudaí eile a cheannach. Tá roinnt saghsanna creidmheasa níos solúbtha, mar shampla, rótharraingt nó cárta creidmheasa.

D’fhéadfadh difríocht mhór a bheith ann sa chostas a bhíonn ar shaghsanna éagsúla iasachtaí. Nuair a dhéanann tú cinneadh faoi cén saghas iasachta is mó a oireann do do riachtanais, is féidir leat airgead a shábháil trí sholáthraithe éagsúla a fhiosrú.

Gearrann bainc, cumainn foirgníochta agus institiúidí eile creidmheasa táillí ar airgead ar iasacht a úsáid. Tugtar 'ús' ar an íocaíocht seo agus ríomhtar é ar an méid airgid a fhaigheann tú ar iasacht agus ar an bhfad ama a fhaigheann tú ar iasacht é. B’fhéidir go mbeidh ort táillí a íoc freisin ar chostais riaracháin do d’iasacht.

Má tá deacracht agat iasacht a aisíoc, b’fhéidir go mbeidh an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) ábalta cabhrú.

Sula bhfaigheann tú airgead ar iasacht

Má bhíonn tú ag fáil airgid ar iasacht, tá sé tábhachtach go ndéanfá cinnte go mbeidh sé ar d’acmhainn an iasacht a aisíoc. Déan cinnte go mbeidh aon airgead atá fágtha agat tar éis do chuid costais mhaireachtála bhunúsacha a íoc in ann íoc as na haisíocaíochtaí. Más féidir leat dóthain airgid a chur i dtaisce chun pé rud a theastaíonn uait a cheannach, nó chun íoc as cuid den chostas, is saoire a bheidh sé ná iasacht a fháil chun é a cheannach.

Faigh iasacht a oireann do do chuid riachtanas

Is iomaí saghas éagsúil iasachtaí nó creidmheasa atá ann. Bíonn gach cineál creidmheasa oiriúnach do chuspóir éagsúil. Bíonn cuid díobh níos oiriúnaí d’iasachtú gearrthéarmach agus bíonn cinn eile níos oiriúnaí d’iasachtú níos faide. Féach ‘Saghsanna creidmheasa’ thíos.

Cuardaigh thart chun luach d’airgid a fháil

Nuair a bhíonn iasacht á lorg agat, is fiú cuardach thart chun an luach is fearr a fháil. Ar mhaithe le táillí a chur i gcomparáid, caithfear ús ar iasachtaí a thaispeáint mar an Ráta Céatadánach Bliantúil (RCB). Taispeánann an RCB cén céatadán den mhéid a fhaigheann tú ar iasacht a ngearrfar costas air, anuas ar an méid a fhaightear ar iasacht a íoc ar ais.

Is tábhachtach comparáid a dhéanamh idir rudaí atá cosúil le chéile. Is féidir iasachtaí a íoc ar ais thar théarmaí nó faid éagsúla ama. B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil margadh maith á fháil agat le hiasacht a bhfuil RCB íseal aige ach má tá níos mó tráthchodanna á n-íoc agat i rith tréimhse níos faide ama, b’fhéidir go dtabharfaidh tú faoi deara go gcosnóidh sé níos mó ort.

Má tá comparáid á déanamh agat idir iasachtaí d’fhaid éagsúla ama, ba cheart duit costas an chreidmheasa a chur i gcomparáid ina ionad sin.

Fiosraíonn costas an chreidmheasa costas iomlán na hiasachta. Is é an difríocht idir an méid a fhaigheann tú ar iasacht agus an t-iomlán a aisíocann tú.

Cuireann an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (an CICT) uirlis chomparáide iasachtaí ar fáil a thaispeánann an RCB, aisíocaíochtaí míosúla agus costas foriomlán an chreidmheasa d’iasachtaí pearsanta atá ar fáil faoi láthair.

Cinntigh go ndéileálann tú le hiasachtóir údaraithe

Údaraíonn an Banc Ceannais bainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa agus iasachtóirí airgid. Níor cheart duit iasacht a fháil ach ó iasachtóir airgid údaraithe. Cosnaíonn sé seo tú féin agus do chuid airgid ó iasachtóirí creiche nó ó láithreáin ghréasáin bhréagacha. Cuireann an Banc Ceannais eolas mínitheach ar an gcúis gur tábhachtach déileáil le cuideachta údaraithe ar fáil.

Do stair chreidmheasa

Tá stair chreidmheasa agat má d’úsáid tú creidmheas riamh. Eolas é seo faoi iasachtaí a fuair tú agus faoi do stair aisíocaíochta. Is féidir le hinstitiúid chreidmheasa a dhiúltú iasacht a thabhairt duit murar chloígh tú le téarmaí agus coinníollacha iasachtaí a fuair tú roimhe seo. Cuireann an Príomh-Chlár Creidmheasa tuairiscí creidmheasa ar fáil d’iasachtaithe agus iasachtóirí. Oibríonn Banc Ceannais na hÉireann é. Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi thuairiscí creidmheasa agus do stair chreidmheasa.

Rótharraingtí

Is bealach é rótharraingt chun iasacht a fháil ó do chuntas bainc. Tugtar rótharraingtí ó do chuntas reatha ionas go mbeidh tú fós ag caitheamh suas le teorainn chomhaontaithe nuair nach mbíonn aon airgead fágtha i do chuntas. Is gnách go ngearrtar ráta úis níos airde ar rótharraingtí ná mar a ghearrtar ar iasachtaí pearsanta ach bíonn siad solúbtha agus is féidir leo a bheith áisiúil chun creidmheas a fháil go gearrthéarmach agus chun suimeanna sách beaga a fháil.

Cártaí creidmheasa

Ligeann cárta creidmheasa duit méid teoranta a fháil ar iasacht chun íoc as earraí agus seirbhísí. Ní ghearrtar aon ús ar iasachtaí má íocann tú do bhille iomlán laistigh de líon áirithe laethanta atá leagtha síos.

Tá cárta creidmheasa solúbtha agus is féidir iad a úsáid chun íoc as earraí agus seirbhísí a d’fhéadfá a cheannach ar líne nó ar an nguthán. Glactar le cártaí creidmheasa chun íoc as earraí agus seirbhísí nó chun airgead tirim a fháil.

Níl siad oiriúnach d’iasachtú fadtéarmach mar gheall go mbíonn na rátaí úis ard.

Cuireann an CICT uirlis chomparáide cártaí creidmheasa ar fáil a thaispeánann na rátaí úis a ghearrtar do chártaí creidmheasa éagsúla atá ar fáil.

Iasachtaí pearsanta ó bhainc

Cuireann bainc iasachtaí pearsanta ar tairiscint do chustaiméirí. Bíonn na hiasachtaí sin oiriúnach do riachtanais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha, mar shampla, iasacht do ghluaisteán nó iasacht chun feabhas a chur ar an áit chónaithe. D’fhéadfadh bainc táillí agus muirir eile a ghearradh chomh maith. Go ginearálta, íocann tú suim sheasta ar ais gach mí. Más iasacht ráta athraithigh í d’iasacht, b’fhéidir go mbeifeá in ann níos mó ná an tsuim sheasta seo a íoc ar ais nuair a bhíonn sé agat. Tugann sé sin deis duit an iasacht a íoc ar ais níos túisce. Ní mholtar iasacht phearsanta a fháil chun íoc as costais laethúla.

Iasachtaí comhar creidmheasa

Cuireann comhair chreidmheasa iasachtaí ar tairiscint freisin do thomhaltóirí. Caithfidh tú a bheith i do bhall de chomhar creidmheasa sular féidir leat iasacht a fháil uaidh. Bíonn comhair chreidmheasa bunaithe sa phobal nó sa láthair oibre agus caithfidh tú a bheith i do chónaí nó ag oibriú i gceantar áirithe nó ag oibriú d’fhostóir áirithe le bheith i do bhall. B’fhéidir go mbeadh ort airgead a bheith i dtaisce agat i gcomhar creidmheasa sula bhfaigheann tú iasacht.

Bíonn iasachtaí ó chomhar creidmheasa oiriúnach do riachtanais ghearrthéarmacha agus níos fadtéarmaí, cosúil le hiasachtaí do laethanta saoire nó gluaisteáin. Tá siad áisiúil freisin chun iasachtaí eile a athmhaoiniú.

Cuireann roinnt comhair chreidmheasa an iasacht ‘Luíonn sé le Ciall’ ar fáil. Tá an iasacht seo dírithe ar dhaoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu a aisíocann an iasacht tríd an Scéim Buiséad Teaghlaigh. Cuireann sé iasachtaí suimeanna beaga ar tairiscint ar rátaí ísle úis.

Fruilcheannach

Comhaontú fruilithe é seo a chuireann siopaí ar tairiscint chun gur féidir leat earraí ar leith a fhruiliú agus a cheannach ar deireadh thiar. Is gnách gurb earraí costasacha, cosúil le gluaisteán nó troscán nó trealamh leictreonach iad na hearraí a cheannaítear ar fruilcheannach. Déantar úinéir an earra díot i gcomhaontú fruilcheannaigh nuair a íoctar an tráthchuid dheireanach.

Pleananna Conartha Pearsanta (PCPanna)

Saghas comhaontú fruilcheannaigh é seo a chuireann déileálaithe gluaisteán ar fáil mar bhealach chun íoc as gluaisteán. I gconradh PCP, íocann tú éarlais agus leanann tú le tráthchodanna rialta a dhéanamh, i rith 3 bliana, de ghnáth. Is gnách go mbíonn íocaíocht mhór chnapshuime le híoc ag deireadh an chonartha.

Bíonn rogha agat ag deireadh an chonartha:

  • An chnapshuim dheireanach a íoc agus an gluaisteán a choimeád, nó
  • An gluaisteán a thabhairt ar ais don díoltóir

Níl úinéireacht agat ar an ngluaisteán go dtí go bhfuil an íocaíocht dheireanach déanta agat. Má thugann tú an gluaisteán ar ais don díoltóir, is féidir leat PCP nua a fháil ar ghluaisteán eile.

D’fhéadfadh rialacha a bheith i gceist faoin ngluaisteán a úsáid, cosúil le teorainneacha míleáiste agus riachtanais chun seirbhís a dhéanamh ar an ngluaisteán.

D’fhéadfadh go bhfuil an dealramh air go bhfuil PCPanna an-mhealltach mar gheall gur gnách go mbíonn aisíocaíochtaí an-ísle le déanamh ach d’fhéadfaidís a bheith an-chasta i gcomparáid le saghsanna eile d’airgeadas gluaisteáin. Is tábhachtach na téarmaí agus coinníollacha go léir a thuiscint sula gcuireann tú d’ainm le PCP. Is féidir eolas breise a fháil faoi PCPanna ón CICT.

Creidmheas ar an láthair

Cuireann roinnt siopaí an rogha ar fáil earra a cheannach agus íoc as i dtráthchodanna. Tugtar ‘Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí’ air seo, amanna.

Nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhísí ó ghnólacht, d’fhéadfadh rogha a bheith ar fáil Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí. D’fhéadfadh gnólacht éagsúil, a dtugtar soláthraí creidmheasa air, é seo a sholáthar. Iontrálann tú isteach i gcomhaontú leis an soláthraí creidmheasa a aisíoc. Is tábhachtach téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe, na táillí agus na muirir san áireamh, cosúil le hús nó táillí ar íocaíocht dhéanach, a sheiceáil. Cuireann an CICT eolas breise ar fáil ar Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí.

Morgáistí agus morgáistí breisithe

Iasacht fhadtéarmach é morgáiste chun ceannach réadmhaoine a mhaoiniú agus is iondúil go mbíonn sé daingnithe ar d’áit chónaithe. Bealach é morgáiste breisithe chun do mhorgáiste a shíneadh chun d’fhiachais a chomhdhlúthú nó chun íoc as gluaisteán nó ceannach mór eile. Cé go mbíonn RCBanna íseal, d’fhéadfadh an saghas seo iasachta i bhfad níos mó a chosaint ort má íocann tú as i rith téarma níos faide. Daingnítear morgáistí agus morgáistí breisithe ar d’áit chónaithe agus tá sé an-tábhachtach, dá bharr, go leanann tú le haisíocaíochtaí a dhéanamh mar gheall go mbeidh d’áit chónaithe i mbaol mura leanann.

Cuireann an CICT uirlis chomparáide morgáistí ar fáil a thaispeánann an ráta úis, aisíocaíochtaí míosúla agus an méid iomlán atá le haisíoc do mhorgáistí éagsúla atá ar fáil.

Iasachtaí ó iasachtóir airgid

Cuireann iasachtóirí airgid suimeanna níos lú ar ardráta úis ar feadh tréimhse ghearr ar iasacht, de ghnáth. Ní mheastar bainc, cumainn foirgníochta, comhlachtaí árachais ná comhair chreidmheasa a bheith ina n-iasachtóirí airgid. D’fhéadfadh roinnt siopaí a bheith cláraithe mar iasachtóirí airgid má chuireann siad creidmheas ar tairiscint ar ráta úis RCB 23% nó níos airde. Is daoine aonair nó cuideachtaí arb é a bpríomhghnó airgead a thabhairt ar iasacht iad iasachtóirí airgid, den chuid is mó. Ba cheart duit a chinntiú i gcónaí go bhfuil d’iasachtóir airgid á rialáil. Caith súil ar Chlár Gnóthas Údaraithe an Bhainc Cheannais. Is féidir níos mó a léamh faoi iasachtóirí airgid.

Creidmheas agus do chearta tomhaltóra

Tá rialacha sonracha ann a bhaineann le comhaontú creidmheasa sa reachtaíocht um chreidmheas tomhaltóirí - an tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhaontuithe Creidmheasa Tomhaltóirí), 2010.

Caithfidh iasachtóirí atá á rialáil ag an mBanc Ceannais an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 a shásamh. Tá rialacha sonracha ann freisin d’iasachtóirí airgid.

Tá rialacha sonracha ann sa reachtaíocht agus i gcóid um chreidmheas tomhaltóirí a bhíonn i gceist nuair a fhógraíonn iasachtóirí iasachtaí agus nuair a dhíolann siad iad. Mar shampla, ní mór d'iasachtóirí tástálacha a dhéanamh féachaint an féidir leat na haisíocaíochtaí a dhéanamh sula dtabharfaidh siad iasacht nó morgáiste duit. Ní ceadmhach d'iasachtóirí iasacht nó morgáiste réamhcheadaithe nár iarr tú a thairiscint duit. Ní ceadmhach d'iasachtóirí teorainn do chárta creidmheasa a mhéadú, ach amháin má iarrann tú orthu sin a dhéanamh.

Ní féidir le hiasachtóir glaoch gutháin a chur ort maidir le d'iasacht gan do thoiliú idir 9 pm agus 9 am, ó Luan go Satharn, nó ag aon am ar an Domhnach nó ar lá saoire poiblí. Ní féidir leo ach cuairt a thabhairt ort i bpearsan má d’aontaigh tú leis an gcuairt.

Níl cead ag an iasachtóir glaoch ort ná cuairt a thabhairt ort ag d'ionad oibre murach go bhfuil tú i do chónaí ann freisin, nó murach gur theip ar gach iarracht teagmháil a dhéanamh leat in áiteanna eile. Ní féidir teagmháil a dhéanamh ach leis an duine a bhfuil baint aige/aici leis an iasacht. Ciallaíonn sé seo nach féidir le d'iasachtóir teagmháil a dhéanamh le d'fhostóir nó duine muinteartha leat faoi d’iasacht.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi do chearta nuair a cheannaíonn tú táirge airgeadais.

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie

An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid

Teach Tráchtála
Sráidbhaile Tráchtála an Chinn Thiar
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
Éire

Teil: 0818 07 2020
Láithreán Gréasáin: https://www.mabs.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Meán Fómhair 2022