Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Iasachtaí agus creidmheas > Ráta Bliantúil Céatadáin (RBC)

Print Page Send to a Friend

Ráta Bliantúil Céatadáin (RBC)

Eolas

An ráta bliantúil céatadáin (RBC) a thugtar ar an ráta úis a thaispeánann an fíorchostas ar iasachtaí don chaiteoir. "An costas iomlán ar chreidmheas don chaiteoir curtha in iúl mar chéatadán bliantúil den chreidmheas atá ceadaithe" is brí leis. Baintear úsáid as luachanna RBC go minic chun comparáid a dhéanamh idir cláir iasachta ó iasachtóirí éagsúla sa mhargadh. Is cosúil go bhfuil tú tar éis luachanna RBC a fheiceáil ar fhógraí ó iasachtóirí, ina léirítear an luach RBC in aice an ráta don iasacht. Ligeann sé seo do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh eatarthu i dtreo is gur féidir leo a chinntiú go roghnaíonn siad an rogha is fearr.

Déantar an RBC a ríomh gach bliain bunaithe ar an bpríomhshuim ar meathlú (iarmhéid ag seasamh amach) den iasacht.

Rialacha

Ní mór go mbeadh an RBC luaite in aon fhógra maidir le creidmheas atá ar fáil. Is é an t-aon ráta úis gur ceart a bheith le feiceáil ar an bhfógra agus ní mór dó a bheith soiléar agus in áit fheiceálach. Tá na riachtanais seo leagtha síos san Alt 21 na hAchta um Chreidmheas don Chaiteoir 1995.

Rataí

Go hiondúil, is é is lú a bhííonn an ráta RBC ar iasacht is é is lú a bhíonn costas na creidmheasa don chaiteoir. Déanann Banc Ceannais na hEorpa rátaí úis a shocrú agus is féidir leo athrú go laethúil.

Sampla:

Má dhéanann institiúid airgeadais ráta úis de 4% in aghaidh na bliana a lua atá iolraithe thar 6 mhí. 'Ráta Ainmniúil' a thugtar ar an 4% sin. Ciallaíonn sé sin go n-íocann an institiúid airgeadais ús iolraithe ag ráta 2% gach 6 mhí. I ndáiríre, tuilleann an t-ús a íoctar ag deireadh na 6 mhí ús don dara 6 mhí den bhliain. Ar an ábhar seo, níl 4% atá iolraithe gach 6 mhí, mar an gcéanna le 4% atá iolraithe go bliantúil.

Déanann tú 500 euro a infheistiú le d’institiúid airgeadais ag ráta 4% gach bliain, atá iolraithe gach 6 mhí.

Tréimhse Ama Ús Luach Carnach
Tar éis 6 mhí €10 €510
Tar éis 12 mhí €10.20 €520.20

Níl san ús 10 euro don chéad 6 mhí ach 2% de €500. Déantar an figiúr seo a chur leis an infheistíocht thosaigh chun €510 a fháil mar iomlán. An t-ús don dara 6 mhí den bhliain ná €10.20 nó 2% de €510. Dá réir sin, an ráta bliantúil úis a chuirtear i bhfeidhm ná 20.20 /500 x 100 = 4.04%.

Conas iarratas a dhéanamh

Fáigh amach faoin RBC ag an institiúid chreidmheasaroimh duit aon chomhaontúú creidmeasa a shíniú.

Má bhíonn gearán le déanamh agat a bhaineann le institiúid airgeadais agus RBC déan teagmháil le Fear an Phobail do na hInstitiúidí Creidmheasa. Má airíonn tú go raibh fógra in Éirinn míthreorach, is féidir leat gearán a dhéanamh le hÚdarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí

4 Bóthar Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:- Línte oscailte Luan - Aoine 9rn - 6in
Teil:(01) 402 5555
Lóghlao:1890 432 432
Facs:(01) 402 5501
Láithreán Gréasáin: http://www.nca.ie/

Biúró an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 662 0899
Lóghlao:1890 882 090
Facs:(01) 662 0890
Láithreán Gréasáin: http://www.financialombudsman.ie/
R-phost: enquiries@financialombudsman.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Comparáid a dhéanamh idir ús ar choigilteas agus ar iasachtaí
    Má thógann tú airgead ar iasacht ó institiúid airgeadais, déanfar ús a ghearradh ort. Má dhéanann tú airgead a choigilt in institiúid airgeadais, déanfaidh tú ús a thuilleamh. Faigh amach faoi théarmaí difriúla a úsáidtear don ús a ghearrtar agus a thuilltear.
  • Ag fáil airgid ar iasacht in Éirinn
    Nuair atá tomaltóirí ag fáil airgid ar iasacht, tugann an reachtaíocht cosaint orthu. Tugtar comhairle do dhaoine an iasacht cheart a oirfidh dá riachtanais a fháil agus tabharfar comhairle ann breathnú i gcúpla áit sula bhfaigheann duine iasacht.
  • Creidmheas a fhógairt
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le creidmheas a fhógairt le caiteoirí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.