Gheobhaidh tú amach go mbeidh cuntas bainc éigin riachtanach má tá tú i do chónaí in Éirinn agus ag obair in Éirinn. Tugann cuntas bainc deis duit airgead a chur i dtaisce, idirbheartaíochtaí airgeadais a dhéanamh, do phá a fháil srl.
Tairgeann soláthróirí seirbhíse airgeadais cuntais difriúla. Mar shampla, soláthraíonn bainc, comhair chreidmheasa, cumainn foirgníochta agus An Post réimse cuntas. Tá dhá chatagóir cuntais ann, tríd is tríd; cuntas reatha agus cuntas taisce:
Ba chóir duit dul ag cuardach thart chun an cineál cuntais is oiriúnaí do do chuid riachtanas féin a fháil. Nuair a osclaíonn tú cuntas déan iarracht a dhéanamh amach cad iad na riachtanais atá agat agus conas a theastaíonn uait do chuid airgid a stóráil agus rochtain a fháil air.
Nuair a osclaíonn tú cuntas reatha ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi na seirbhísí a bheidh agat ar an gcuntas seo. Ba chóir duit a bheith ar an eolas freisin faoi na táillí agus muirir a bhaineann leis an gcuntas. Nuair a osclaíonn tú cuntas taisce ba chóir go mbeadh fios agat cén céatadán den airgead a bheidh i dtaisce agat a mbeidh tú ag saothrú úis air. Ba chóir duit freisin a fháil amach conas a bheidh tú in ann teacht ar do chuid airgid sa chás go dteastódh sé uait.
Tá bealaí eile seachas cuntais taisce a úsáid chun airgead a chur i dtaisce.
Tá oibleagáid ar an institiúid airgeadais d’ainm a fháil agus do sheoladh a dheimhniú sula bhféadfaidh tú cuntas bainc a oscailt.
B’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh do chuntas a athrú ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:
Más ann d'aon cheann de na cúinsí thuas is féidir leat rogha a dhéanamh cuntas a athrú. B’fhéidir go mbreathnaíonn an próiseas chun cuntais a athrú idir soláthróirí casta ach tá cúnamh le fáil.
Tugann an Gníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí faoi shuirbhéanna ar chostais institiúidí airgeadais agus tá Suirbhé Costais i gcás Cuntas Reatha Pearsanta foilsithe aige. B’fhéidir go gcabhródh sé sin leat fáil amach an bhfaighidh tú margadh níos fearr ó sholáthróir seirbhíse airgeadais eile. Má dhéanann tú cinneadh soláthróirí seirbhíse a athrú, tá cód cleachtais maidir le cuntaís reatha institiúidí creidmheasa a athrú (pdf) eisithe ag Cónaidhm Baincéirí na hÉireann. Tugann an cód cleachtais sin treoir do bhainc agus do chustaiméirí chun go n-éireoidh leo sa phróiseas le cuntais a athrú.
Sula n-osclaíonn tú cuntas le soláthraí seirbhíse airgeadais, beidh orthu d’aitheantas agus do sheoladh a chinntiú. Tá an ceanglas seo leagtha síos i reachtaíocht in aghaidh sciúradh airgid san Acht um Cheartas Coiriúil 1994.
Is éard is sciúradh airgid ná an próiseas ina gcuirtear foinse airgid a fuarthas go mídhleathach faoi cheilt. Faoin dlí, is iad na híoscheanglais chun cuntas a oscailt ná fíor-ainm agus dáta breithe an iarratasóra a fháil amach agus seoladh an iarratasóra a fháil amach.
Ní féidir leat an doiciméad céanna a úsáid mar chruthúnas de d’aitheantas agus do sheoladh. Is iad seo na híoscheanglais agus tá sé de lánrogha ag an mbanc tuilleadh eolais a lorg.
Is féidir do chéannacht a chruthú le haon cheann díobh seo a leanas:
Ní mór doiciméid Rialtais a bheith dearbhaithe ag ráiteas ó dhuine i bpost freagrachta cosúil le aturnae, cuntasóir, dochtúir, maoirseoir scéim fostaíochta pobail nó oibrí sóisialta. Ní mór don duine sin teacht chuig an mbanc iad féin le cruthúnas dá n-aitheantas féin.
Seo a leanas liosta de dhoiciméid a nglactar leo mar fhianaise ar do sheoladh:
Má osclaíonn tú cuntas a íocann ús ar do chuid airgid, ní mór duit
d’uimhir PSP (uimhir phearsanta seirbhíse poiblí) a sholáthar, nó
fianaise de do dháta agus áit bhreithe, cosúil le teastas breithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.