Tugtar scíuradh airgid ar an mbealach ina ndéanann coirpigh iarracht airgead tirim agus sócmhainní a bhfuair siad ó ghníomhaíochtaí coiriúla a athrú chun sócmhainní dleathacha tríd an gcóras airgeadais. Is fadbh í ar fud an domhain agus le blianta beaga anuas tá rialtais ag déanamh iarrachtaí láidre dul i ngleic léi. I 1991 d'fhoilsigh an A.E. reachtú a chuireann iachall ar bhallstáit dlithe láidre a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar choirpigh a bheith ag scíuradh airgid.
In Éirinn is coir thromchúiseach í a bheith ag scíuradh airgid ó ghlacadh leis an Acht um Dhlí Choiriúil i 1994.
Tá iachall ar institiúidí airgeadais coinníollacha ar leith a chomhlíonadh chun cosc a chur ar scíuradh airgid. Ceann de na coinníollacha seo ná an riachtanas atá ar institiúidí airgeadais aitheantas a gcustaiméirí a chruthú agus tuairisc a chur ar aghaidh láithreach chuig an nGarda Síochána má tá aon amhras acu faoi scíuradh airgid.
Ón 15 Meán Fómhair 2003, beidh ar ghairmithe ainmnithe eile úsáid a bhaint as na bearta céanna is a úsáideann institiúidí airgeadais chun dul i ngleic le sciúradh airgid. I measc na ngairmithe seo tá:
* Cé go bhfuil casino neamhdhleathach in Éirinn, cuireadh san áireamh ar an liosta iad mar thoradh ar bhreithiúnais a rinne an Chúirt Eorpach le déanaí. Fuair na breithiúnais seo cé go bhfuil casino neamhdhleathach in Éirinn, ní mór do bhallstáit an AE a chinntiú go leagtar síos forálacha uile na treorach um sciúradh airgid ina ndlí náisiúnta).
I gcás roinnt de na gairmithe thuas, tá teorannú ar idirbhearta a thuairisciú curtha san áireamh. Mar shampla, ní bhaineann na riachtanais tuairiscithe le cuntasóirí, iniúchóirí, aturnaetha ná comhairleoirí cánach maidir le heolas a fhaigheann siad ó chliant nó faoi chliant in imthosca áirithe, ina measc sin tá:
(a) nuair atá staid dhlíthiúil an chliaint sin á fhionnadh
(b) nuair atá cliant á chosaint nó ionadaíocht á dhéanamh orthu in imeachtaí breithiúnacha nó maidir leo nó
(c) nuair atá comhairle á cur ar chliant maidir le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh, a sheachaint nó a chosaint, cibé an bhfuil a leithéid d’eolas faighte roimh, le linn nó dá éis na himeachtaí sin.
Má tá tú ag iarraidh cuntas a oscailt le hinstitiúid airgeadais (mar shampla oifig an phoist, banc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa) don chéad uair, ní foláir duit fianaise a bheith agat a thaispeánann cé thú féin (griangraf san áireamh) agus fianaise a dhearbhaíonn do sheoladh buan. Má tá tú ag iarraidh gnó airgid a dhéanamh le hinstitiúid airgeadais (de ghnáth níos mó ná euro 13,000) gan cuntas a oscailt, ní foláir duit fianaise a thaispeáint ó dhá fhoinse éagsúil a chruthaíonn do sheoladh agus cé thú féin. Tá roinnt samplaí thíos:
Cáispéisí a dhearbhaíonn d'ainm :
Ní ghlactar le cárta aitheantais idirnáisiúnta mac léinn (ISIC) de chuid USIT ná le pas bus.
Cáipéisí a dhearbhaíonn do sheoladh:
Tá bealaí eile ag na hinstitiúidí airgeadais le cruthú cé thú féin muna bhfuil na cáipéisí thuasluaite agat – téigh i dteagmháil leis an institiúid chuí chun tuilleadh eolais a fháil.
Is féidir leis an gCúirt suas le 14 bliain príosúnachta agus fineáil gan teorann a ghearradh ar dhuine atá ciontaithe i leith scíuradh airgid
Is coir í chomh maith de réir an Acht um Dhlí Choiriúil 1994 comhairle nó cabhair a thabhairt d'aon duine atá i mbun scíuradh airgid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.