Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Faoiseamh cánach ar tháillí don tríú leibhéal > Idirbheartaíochtaí airgeadais le tíortha AE eile

Print Page Send to a Friend

Idirbheartaíochtaí airgeadais le tíortha AE eile

Eolas

Baineann rialacháin an Aontais Eorpaigh um Bhearta Airgeadais Trasteorann (2560/2001) le híocaíochtaí suas le euro 12,500 taobh istigh den Chrios Eorpach go dtí Eanáir 2006. Ón dáta sin ar aghaidh, bainfidh na rialacháin le bearta suas le euro 50,000.

Is í aidhm na Rialachán seo ná iachall a chur ar na bainc a dtáillí ar bhearta airgeadais trasteorann euro a laghdú ionas go mbeidh siad cothrom le bearta áitiúla airgeadais.

Rialacha

Faoi na Rialacháin:

  • Caithfidh na bainc na táillí céanna a ghearradh ar aistriú trasteorann agus ar aistriú intíre
  • Caithfear tomhaltóirí a chur ar an eolas roimh ré faoi tháillí a ghearrtar ar bhearta airgeadais náisiúnta agus trasteorann
  • D'fhéadfadh sé tarlú go gcaithfidh tomhaltóirí úsáid a bhaint as Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (UICB) an duine nó an chomhlachta a mbeidh an t-airgead á sheoladh chuige agus Cód Aitheantais Bainc (CAB) an tairbhí chun a bheith cinnte go gcuirfear an beart i gcrích.

Tá na rialacháin seo i bhfeidhm ó Iúil 2002 i dtaobh íocaíochtaí leictreonacha ar nós aistarraingtí ó UMB suas le euro 12,500 agus i dtaobh úsáide cártaí bainc (cártaí creidmheasa agus cártaí dochair) le haghaidh beart náisiúnta agus trasteorann suas le euro 12,500. Cuireadh na Rialacháin i bhfeidhm ó Iúil 2003 i dtaobh aistrithe creidmheasa idir cuntais bhainc le bearta náisiúnta agus trasteorainn suas le €12,500.

Ó Eanáir 2006 cuirfear na Rialacháin i bhfeidhm ó i dtaobh aistarraingtí €50,000 le bearta cártaí bainc, aistriú creidmheasa, agus aistarraingtí ó UMB.

Ní bhainfidh na Rialacháin seo le bearta seiceanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Easaontas airgeadais trasteorann a réiteach taobh amuigh den
    Is bealach é FIN-NET le deis a thabhairt teacht ar réiteach simplí agus tapaidh ar easaontas trasteorann idir tú féin agus soláthraí seirbhísí airgeadais.
  • Ag obair san AE
    Breathnú ar chearta agus teidlíochtaí maidir le bogadh san AE chun oibriú. Go háirithe scrúdú treoracha de chuid an AE maidir le saorghluaiseacht lena n-áirítear rochtain ar fhostaíocht, aitheantas ar cháilíochtaí, lorg ar phost, cearta fostaíochta agus árachais sóisialach.
  • Ciandíolachán
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na rialacha a bhaineann le ciandíolachán, bíodh sin ina dhíolachán ar an Idirlíon, tríd ríomh-phost, facs, orduithe tugtha ar an nguthán &rl.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.