Ní foláir d'institiúidí airgeadais a dhearbhú dóibh féin cé hiad a gcustaiméirí. Tá sé seo amhlaidh ionas gur féidir cúbláil airgid a sheachaint agus na cumhachtaí atá leagtha síos san Acht um Chearta Coiriúla 1994 a chomhlíonadh.
Má tá tú ag oscailt cuntais don chéad uair, nó más duine thú nach bhfuil cuntas agat san institiúid ar leith ach más mian leat beart a dhéanamh tríd an institiúid (de ghnáth os cionn €10,000), ní foláir duit an fhianaise seo a leanas a thaispeáint chun a dhearbhú cé thú féin:
Tá socruithe eile do dhaoine nach bhfuil an doiciméadú thuas acu. D'fhéadfadh na socruithe seo a athrú ó institiúid go hinstitiúid agus déantar gach cás a iniúchadh ann féin. Tá samplaí de fhoirmeacha eile aitheantais thíos:
Ní foláir cóipeanna de na cáipéisí uilig a úsáideadh chun a dhearbhú cérbh é an custaiméir a choinneáil le haghaidh cúig bliana tar éis dó/di an cuntas a dhúnadh. Ní foláir, chomh maith, cóipeanna de bhearta a choinneáil le haghaidh cúig bliana tar éis an dáta gur cuireadh an beart i gcrích.
Tá sé riachtanach d'fhoireann an bhainc eolas a bheith acu ar an gcineál gnó atá ag a gcustaiméirí agus is féidir leo eolas a iarraidh ar an méid agus cineál gnó a bhéas ag dul tríd an gcuntas. D'fhéadfaí iarraidh ar chustaiméirí foinse a gciste a dhearbhú agus cúiseanna a thabhairt faoin fáth a ndéantar bearta áirithe.
Chun sonraí a fháil ar na foirmeacha aitheantais atá inghlactha, téigh i dteagmháil le do bhanc nó institiúid airgeadais. Tá liosta iomlán institiúidí airgeadais ar fáil i d'eolaire teileafóin áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.