Ar an 1ú Eanáir 2002, tabharfar isteach na seacht nótaí bainc Euro (5,10,20,50,100,200 agus 500) go dtí 12 mballstát an Aontas Eorpaigh. Tá teicneolaíocht nua- aimseartha in ann cóipeanna sách maith de aon phictiúr priondáilte a aththáirgeadh, mar sin caithfidh nótaí bainc a bheith an-dhiongbháilte le cosaint i gcoinne airgid bhréige. Tá cúpla sonra tosaithe ar nótaí bainc Euro ionas go n-aithneoidh an pobal láithreach iad. Tá eolas san áireamh fresin maidir leis na boinn airgid Euro a bheidh ar fáil.
Tá gach nóta banc euro priondáilte ar fhíor phaipéar cadáis ina bhfuil snáithíní soilsithe agus comhartha uisce ilfhoghrach. Tá roinnt codanna ar thosach na nótaí bainc priondáilte i rilíf ionas gur féidir le gach saoránach iad a aithint go h-éasca, daoine le radharc lag sna súile san áireamh.
Tá marcanna uisce ar nótaí bainc euro atá feicéalach nuair a chrochtar suas le solas iad. Taispéanann an marc uisce pictiúr agus léiríonn sé luach an nóta bainc.
Tá snáth slándála ar nótaí bainc euro. Léirítear é seo mar líne dorcha atá feicéalach nuair a chrochtar an nóta suas le solas.
Tá stríoca scragall hologram ar na nótaí le luachanna is ísle (5,10 agus 20 euro), ar thaobh na láimhe deise de thosach an nóta. Nuair a chlaontar an nóta, feictear siombal an euro agus luach an nóta bainc.
Tá píosa scragall hologram ar nótaí le luachanna níos airde(50,100 ,200 agus 500 euro) ar thaobh na láimhe deise de thosach an nóta. Nuair a chlaontar an nóta feictear íomha den móitíf ailtireachta agus luach an nóta bainc.
Tá stríoc ildaite ar chúl nótaí bainc le luachanna ísle (5,10 agus 20 euro). Nuair a chlaontar an nóta bainc faoi sholas gheal, soilsíonn an stríoc ildaite agus athraíonn sé dath beagán.
Tá sonra dúch aistriú-daite ar nótaí le luachanna níos airde (50,100,200 agus 500 euro). Nuair a chlaontar an nóta bainc, athraíonn na h-uimhreacha luacha dath ó chorcra go dath ghlaise na holóige nó donn.
Tagann boinn euro in ocht luach (1, 2, 5, 10 ,20 agus 50 ceint nó 1, 2 boinn euro). Roinntear gach euro i gcéad ceint. Beidh difríocht ó thaobh méid, dath agus tiús iontu de réir a luach.
Ar thaobh amháin de gach bonn beidh ceann de thrí dhearadh atá comónta do gach 12 tír euro, ag taispéaint mapaí éagsúla den Eoraip, timpeallaithe ag 12 réalt den Aontas Eorpach.
Ar chúl gach bonn beidh dearadh ar leith a bhaineann leis an mballstát ( m.sh.Éire) timpeallaithe ag 12 réalt. Is féidir boinn euro a úsaid in aon áit in aon cheann den 16 tír euro.
Tá faobhar eithreach (marc speisialta) ar gach bonn ionas go mbeidh sé níos fusa na luachanna difriúla a aithint. Tá sé seo an-tábhachtach do dhaoine le radharc lag sna súile. Tá teicneolaíocht speisialta dá-mhiotalach inchurtha sna boinn níos mó de 1 agus 2 euro, cuirfidh sé seo cosc ar airgead bréige.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.