Is aonad amháin airgeadais é an euro a mbaintear úsáid as i 16 de bhaill stáit an AE, Éire san áireamh. (Is iad na 16 tír i limistéar an Euro ná: An Ostair, An Bheilg, An Chipir, Éire, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghréig, An Ghearmáin, An Iodáil, Lucsamburg, An Ísiltír, Málta, An Phortaingéil, An tSóivéin, Poblacht na Slóvaice agus An Spáinn. Tháinig an euro i bhfeidhm, i chuile fhoirm ach i nótaí agus boinn, ar an 1 Eanáir 1999 nuair a rinne na baill stáit sin Aontas Eacnamúil agus Airgeadais (AEA) agus nuair a shochraigh siad go buan an ráta malairte idir a gcuid airgid féin agus an Euro. Cuireadh nótaí agus boinn Euro ar fáil sna 12 stáit den AE ar 1 Eanáir 2002. (Chuaigh an tSlóivéin sa limistéar an euro in Eanáir 2007. Glac Málta agus An Chipir an euro an 1 Eanáir 2008. Glac Poblacht na Slóvaice an euro in Eanáir 2009)
Déanfaidh Banc Ceannais na hÉireann malartú idir nótaí bainc agus boinn Éireannacha agus an euro gan ceapadh lae (is é sin le blianta amach romhainn). Má bhuaileann tú isteach ag an mBanc Ceannais, is féidir malartú a dhéanamh ar nótaí bainc suas go £3,000 (€3,800) an bhirt. Má tá tú ag iarraidh níos mó ná £3,000 a mhalartú do euro, cuirfear an luach i euro chugat i bhfoirm seic sa phost. Má tá tú ag iarraidh boinn Éireannacha a mhalartú le euro, is féidir luachanna suas go £500 (€635) a mhalartú ar an bpointe. Má tá níos mó ná £500 i bhfoirm bonn, cuirfear an luach i euro chugat i bhfoirm seic sa phost. (Ní mór na boinn ar fad a scaradh de réir ainmníochta agus a chur isteach i málaí boinn).
Mar rogha ar sin, is féidir leat nótaí bainc Éireannacha a sheoladh chuig an Banc Ceannais ach úsáid a bhaint as post cláraithe agus gheobhaidh tú a luach i euro i bhfoirm seic. (Féach seoladh faoi ‘Cá háit a ndéanfar iarratas’).
Má tá nótaí bainc as tír eile an AE atá anois ina cuid de limistéar an euro fós agat (is é sin má tá franc Francacha, lire Iodálacha, peseta Spáinneacha agus araile agat) tá tú fós in ann na nótaí bainc seo a mhalartú do euro. Chun an t-airgeadra seo a mhalartú, beidh ort na nótaí a sheoladh chuig banc ceannais náisiúnta na tíre cuí. Ba cheart duit d’ainm agus do sheoladh agus sonraí do chuntas bainc más gá a chur isteach leis na nótaí bainc. (Ba cheart duit a thabhairt faoi deara gur féidir le costas an phoist a bheith níos mó ná luach euro na nótaí bainc).
Níl bealach ar bith chun boinn eachtracha a mhalartú ach trí cuairt a thabhart ar an tír atá i gceist agus iad a mhalartú i mbanc ceannais náisiúnta na tíre sin.
Is iad na 16 tír i limistéar an euro ná: An Ostair, An Bheilg, An Chipir, Éire, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, Lucsamburg, An Ísiltír, Málta, An Phortaingéil, Poblacht na Slóvaice, An tSóivéin, An Spáinn, agus an Ghréig. Tá cinneadh tógtha ag an Ríocht Aontaithe (RA) gan páirt a ghlacadh sa euro ach tá sé tugtha le fios acu go bhfuil seans ann go mbeidh siad ag smaoineadh ar pháirt a ghlacadh ann níos deanaí.
Cuireadh nótaí agus boinn Euro ar fáil ar an 1 Eanáir 2002. Cuid de phroiséas an AEA é an euro. Tá na rialacha a bhaineann le AEA leagtha síos i gConradh Maastricht, a tháinig i bhfeidhm in Éirinn tar éis do phobal na tíre glacadh leis i reifreann i mí an Mheithimh 1992. Chomh maith leis an Euro tá Banc Ceannais na hEorpa (BCE) neamhspléach cruthaithe ag AEA.
Baintear úsáid as an euro chomh maith in Andóra, Monacó, San Mairíne agus Cathair na Vatacáine. Baineann críocha thar lear ar leith de chuid na 16 tír i limistéar an euro úsáid as an euro; san áireamh tá Na hOileáin Chanáracha, Maidéara, na hAsóir, agus Críocha Outre-Mer na Fraince (Gúain na Fraince, Martinique, Guadalúip, Réunion agus comhchríocha Mayotte agus St Pierre agus Miquelon).
Is iad seo a leanas na buntáistí atá ann do thomhaltóirí ó tháinig an euro i bhfeidhm:
Ar an 1 Eanáir 1999, socraíodh rátaí malairte airgeadais na dtíortha san AEA go buan i gcoinne an Euro. In Éirinn is fiú £0.787564 an euro nó díreach beagainín níos lú ná 79 pingin. Tugtar an t-idirthréimhse ar an tréimhse idir 1 Eanáir 1999 agus 31 Nollaig 2001. Ar an 1 Eanáir 2002 cuireadh nótaí agus boinn euro ar fáil agus cuireadh tús le nótaí agus boinn náisiúnta a tharraingt siar. Ón 9ú Feabhra 2002 ní raibh duine in ann úsáid a bhaint as an bpunt Éireannach a thuilleadh. Bhí an t-athrú iomlán curtha i gcrích faoin 1 Iúil 2002.
€1 = £0.787564 an ráta malairte idir an Euro agus an punt Éireannach agus ní mór i gcónaí úsáid a bhaint as an sé fhigiúr seo nuair atá puint Éireannacha le malartú go Euro. Tá rialacha ann a bhaineann le praghasanna Éireannacha a mhalartú go Euro. Achomair ar na rialacha atá anseo:
Ghlac an Bord um Athrú chuig an Euro go raibh grúpaí le riachtanais faoi leith taobh istigh den phobal ginearálta, ar nós daoine le míchumais, daoine aosta, an lucht siúil agus daoine a bhfuil deacrachtaí léimh agus scríobh acu, a raibh imní faoi leith orthu maidir le haonad airgeadais nua. Cuireadh grúpa comhairle le chéile ar a raibh baill ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son na ngrúpaí sin ar mhaithe leis na riachtanais speisialta a aimsiú agus a thabhairt chun solais agus le moltaí a dhéanamh maidir le dul i ngleic le aon fhadhbanna agus chun cabhrú le heolas a scaipeadh i measc na ngrúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Bhí ionadaíocht chomh maith ag ranna rialtais agus gníomhaireachtaí éagsúla (Na Ranna Sláinte, Roinn Coimirce Sóisialaí, Roinn Fiontair, Trádála agus Nuálaíochta).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.