Print Page Send to a Friend

Cuntais Díomhaoine

Eolas

Tá sé mar aidhm ag Acht na gCuntas Díomhaoin 2001, a tháinig i bhfeidhm in Aibreán 2002, an t-airgead atá suite i gcuntais díomhaoine, in institiúidí éagsúla airgeadais, a thabhairt ar ais dóibh siúd ar leo é nó dá muintir. Tá cuntas díomhaoin munar cuireadh airgead isteach nó munar tógadh airgead amach as an gcuntas ón 31ú Márta 1987 nó roimhe sin.

Faoin acht nua beidh ar na hinstitiúidí airgeadais dul i dteangmháil leat munar úsáid tú do chuntas le 15 bliain anuas nó níos mó. Má theipeann ar na hinstitiúidí teangmháil a dhéanamh le duine rachaidh an t-airgead chuig ciste an Stáit.

Cuirfear aon airgead a bhíonn i gcuntais díomhaoine ar an 31ú Márta 2003 agus nach bhfuil tugtha ar ais do na húinéirí nó a muintir, isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin. Is é an tÚdarás Náisiúnta Bainistiú Airgid (NTMA) a dhéanfaidh an ciste seo a bhunú agus a riaradh.

Úsáidfear an farasbarr airgid atá sa chiste seo chun tacú le tionscadail atá dírithe ar laghdú na bochtaine agus na díothachta sóisialta, chun tacú le daoine atá faoi mhíchumas, nó chun cabhrú le daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.

Thug an tAcht um Chuntais Díomhaoine (Leasú) 2005 athruithe isteach sa chaoi ina ndéantar riaradh ar an gciste. Tá freagracht iomlán ag an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil i gcomhair íocaíochtaí ón gciste. Tá Bord na gCuntas Díomhaoin ceaptha ag an Aire chun plean eis-íocaíochtaí a chur ar fáil i gcomhair fhaomhadh an rialtais. Leagann an plean seo amach cuspóirí an mhaoinithe agus conas mar atá siad le baint amach.

Sa chás go bhfaigheann duine bás, gan uacht a bheith déanta aige/aici agus nach féidir a mhuintir/a muintir a fháil, ag deireadh an lae, rachaidh maoin nó/agus airgead an té úd chuig an stát. Rachaidh an teacht isteach iomlán as seo isteach i gcuntas do chiste eastát díthiomnach. Rachaidh an t-airgead seo, freisin, isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin agus úsáidfear é chun cuidiú le tionscnaimh éagsúla.

Rialacha

Cad iad na cineál cuntas a chlúdaíonn an tAcht?

Baineann an tAcht le cuntais taisce agus cuntais reatha, teastais choigiltis, bannaí coigiltis agus rl atá i lámha na n-institiúidí airgeadais - bainc, cumainn fhoirgníochta, An Post & rl. I láthair na huaire ní thiteann cuntais chomharcreidmheasa faoin Acht ach tá súil go dtitfidh amach anseo.

An Tréimhse Díomhaoine

Tréimhse ama nach bhfuil níos lú ná 15 bliain ag críochnú ar an 31ú Márta 2002 agus ar an 30 Meán Fómhair i ngach bliain ina dhiaidh sin ag tosnú ar an 30 Meán Fómhair 2003 atá i gceist leis an Tréimhse Díomhaoine.

Conas Iarratas a dhéanamh

Má cheapann tú go bhfuil cuntas díomhaoin agat, déan teangmháil leis an institiúid ina bhfuil do chuntas agat.

Muna bhfuil an institiúid ag feidhmiú níos mó, agus má theastaíonn uait a fháil amach cén áit gur ceart duit fiosrúchán nó éileamh a dhéanamh, déan teangmháil le Cónaidhm Baincéirí na hÉireann/Cumann Morgáistí na hÉireann, Teach Nassau, Sráid Nassau, Baile Átha Cliath 2, Teileafón (01) 6715311.

Níl teorann ama ar bith ar úinéirí na gcuntas díomhaoin ná ar a muintir, rud a chiallaíonn gur féidir leo a n-éileamh ar an airgead a dhéanamh ag aon am mar go bhfuil a gcearta sábháilte. Fiú má tá an mhaoin nó an t-airgead curtha isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin is féidir leo féin nó a muintir é a fháil ar ais.

I gcomhair eolais faoin maoiniú atá á sholáthar ag Bord na gCuntas Díomhaoin, téigh i dteagmháil le hAonad na gCuntas Díomhaoin de chuid na Roinne.

Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 August 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Polasaithe árachais saoil nár héilíodh
    Faoin Acht um Pholasaithe Árachais Saoil nár hÉilíodh, 2003 ní mór polasaithe árachais saoil in Éirinn atá díomhaoin a aistriú isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin.
  • Rochtain ar airgead i ndiaidh an bháis
    Níl sé éasca airgead duine éagtha a rochtain ar an bpointe in Éirinn, ach amháin i gcás comh-chuntais. Cliceáil anseo chun breis faisnéise a fháil.
  • Cosaint thomhaltóirí na seirbhísí airgeadais
    Má tá cuntas nó iasacht bainc agat le hinstitiúid airgeadais; is tomhaltóir seirbhísí airgeadais tú dá réir. Tá reachtaíocht ann a rialaíonn na déileálacha a bhíonn ag institiúidí airgeadais le tomhaltóirí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.