Print Page Send to a Friend

Banc Ceannais na hÉireann

Eolas

Feidhmíonn Banc Ceannais na hÉireann mar ghníomhaire ar son an rialtais agus mar bhaincéir don rialtas. Tá an Banc Ceannais freagrach as nótaí euro a phriontáil agus as boinn airgid euro a mhúnlú – tarlaíonn sé seo san Ionad Airgid sa Bhanc.

Ball de Chóras Eorpach na mBanc Ceannais (CEBC) é an Banc anois. Banc Ceannais na hEorpa agus bancanna ceannais náisiúnta na 12 stát san Aontas Eorpach a bhfuil an euro mar aonad airgeadais acu é an CEBC. I measc na ndualgas atá ar an CEBC déanann sé oibreacha aistrithe maidir le hairgead eachtrannach a chur i gcrích do na tíortha sa cheantar euro, déanann sé bainistíocht ar airgeadra cúltaca oifigiúil taobh istigh de gach tír agus cuireann sé chun cinn dea-oibriú na n-institiúidí airgeadais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Banc Ceannais na hÉireann

Bosca Phoist 559
Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 224 6000
Lóghlao:1890 777 777
Facs:+353 (0)1 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie
R-phost: enquiries@centralbank.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cosaint thomhaltóirí na seirbhísí airgeadais
    Má tá cuntas nó iasacht bainc agat le hinstitiúid airgeadais; is tomhaltóir seirbhísí airgeadais tú dá réir. Tá reachtaíocht ann a rialaíonn na déileálacha a bhíonn ag institiúidí airgeadais le tomhaltóirí.
  • Rialachán airgeadais
    Is é an Banc Ceannais na hÉireann rialtóir do gach seirbhís airgeadais in Éirinn.
  • Eagrais Chosanta Tomhaltóirí
    Tá roinnt eagras reachtúil agus deonach do thomhaltóirí in Éirinn chun túa chur ar an eolas faoi do chearta mar thomhaltóir. Tuairiscítear sa roinn seo ar na príomheagrais a fhéadann comhairle a thabhairt duit faoi do chearta mar thomhaltóir.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.