Eolas faoin Euro

Réamhrá

Is é an euro an t-aonad amháin airgeadais a mbaintear úsáid as i 19 mballstát an AE, Éire san áireamh.

Is iad na 19 dtír i limistéar an Euro: an Ostair, an Bheilg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn.

Tháinig an euro i bhfeidhm i bhfoirm gan airgead tirim an 1 Eanáir 1999 nuair a rinne 11 de na ballstáit seo ráta malairte a n-airgeadraí a chur faoi ghlas buan in aghaidh an euro.

Ghlac an Ghréig páirt i Limistéar an Euro in 2001 agus scaipeadh nótaí agus boinn euro sna 12 stát AE an 1 Eanáir 2002. Ghlac seacht stát eile leis an euro sna blianta dá éis sin:

  • An tSlóivéin - 2007
  • Málta agus an Chipir - 2008
  • An tSlóvaic - 2009
  • An Eastóin - 2011
  • An Laitvia - 2014
  • An Liotuáin - 2015

Nótaí bainc agus boinn Éireannacha a mhalartú

Déanfaidh Banc Ceannais na hÉireann sean-nótaí bainc agus seanbhoinn Éireannacha (Puint Éireannacha) a mhalartú ina euro. Is é an ráta tiontaithe idir an euro agus an Punt Éireannach €1 = £0.787564.

Is féidir leat buaileadh isteach sa Bhanc Ceannais nó is féidir leat seol nótaí bainc Éireannacha a sheoladh chuig an mBanc Ceannais sa phost cláraithe. Eisíonn an Banc Ceannais an luach in euro trí aistriú chuig cuntas bainc.

Is féidir leat léamh faoi conas seirbhís an Bhainc Cheannais a úsáid chun seanairgead a mhalartú.

Nótaí bainc agus boinn limistéar an Euro a mhalartú

Má tá airgead tirim agat in iarairgeadra náisiúnta tíre eile i limistéar an euro, b’fhéidir go mbeidh tú in ann é a mhalartú do euro. Ní dhéantar seo ach sna bainc cheannais náisiúnta. Cuireann roinnt tíortha teorainneacha ama ar iarairgeadra náisiúnta a mhalartú do euro.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Iúil 2021