Séard is féimheacht ann ná glanadh fhiacha dhuine atá go hiomlán nó go páirteach neamhábalta a gcuid fiacha a aisíoc. Séard is cúis leis an bhféimheacht ná do shócmhainní a dháileadh go cóir i measc do chreidiúnaithe agus tú a chosaint ó na creidiúnaithe seo. Déantar an dáileadh trí oifigeach cúirte, an 'Sannaí Oifigiúil'.
Má tá deacrachtaí airgid tromchúiseacha agat, b'fhéidir go gcinnfidh tú gurb é dearbhú féimheachta an rogha is fearr duit. Mar sin féin, is féidir le dearbhú féimheachta a bheith ina rogha chostasach. Ní mholann an tSeirbhís Bhuiseádta agus Chomhairle Airgid (MABS) an chéim seo a ghlacadh ach amháin má tá machnamh cúramach déanta agat ar an roghanna ar fad atá ar fáil agus go bhfuil tú cinnte gurb í an fhéimheacht an rogha chuí duitse.
Tugann an tSeirbhís Chúirteanna cur síos mionsonraithe ar na gnásanna ar fad a bhaineann le féimheacht.
Déanann an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (pdf) (Alt 30) roinnt de na rialacha lena mbaineann féimheacht a nuashonrú. Foráiltear i bhfo-alt 30(g) den Acht, d’urscaoileadh uathoibríoch féimheachta i ndiaidh 12 bhliain. Foráiltear freisin, gur féidir iarratas a dhéanamh ar urscaoileadh d’fhéimheacht i ndiaidh 5 bliana. Níl an fo-alt seo i bhfeidhm go fóill (Lúnasa 2011).
Is féidir le creidiúnaí achainí ar fhéimheacht a dhéanamh i do choinne má tá gníomh féimheachta déanta agat laistigh den 3 mhí roimhe. Seo a leanas samplaí de ghníomhartha féimheachta:
Is féidir leat iarracht a dhéanamh féimheacht a sheachaint trí shocrú deonach a dhéanamh, más féidir, le do chreidiúnaithe chun d'fhiacha a ghlanadh. Molann MABS duit iarracht a dhéanamh socrú inacmhainne agus inbhuanaithe a idirbheartú le do chreidiúnaithe roimh mhachnamh a dhéanamh ar fhéimheacht.
De rogha air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shocrú faoi choimirce na hArd-Chúirte. Ciallaíonn sé seo go n-iarrann tú ar an Ard-Chúirt tú a cosaint i gcoinne imeachtaí chun am a thabhairt duit tairiscint a thabhairt dod' chreidiúnaithe.
D'fhéadfadh an tairiscint a bheith ann díbhinn ar d'fhiacha (céatadán de ghnáth) a íoc leo. Rogha eile a bheadh ann ná maoin a aistriú chuig an Sannaí Oifigiúil le díol agus na fáltais a dháileadh i measc do chreidiúnaithe.
Chun go n-éireodh le tairiscint dá leithéid, ní mór tacaíocht a fháil ó thromlach sainithe na gcreidiúnaithe neamhurraithe atá ag vótáil air. (Níl aon urrús ag creidiúnaí neamhurraithe. Samplaí is ea creidiúnaithe trádála agus sealbhóirí fhiacha ghnó eile.)
Ní mór costais, táillí cúirt, agus fiacha chuig creidiúnaithe tosaíochta a íoc go hiomlán freisin. (Creidiúnaí tosaíochta is ea creidiúnaí a bhfuil tosaíocht ag a f(h)iacha d'íocaíocht roimh creidiúnaithe eile. Áiríonn na fiacha seo cánacha, rátaí agus éilimh agus leasa fostaithe áirithe.)
Aistrítear do shócmhainní ar fad, ach amháin nithe riachtanacha le luach suas go €3,100, chuig an Sannaí Oifigiúil, a dhíolfaidh iad. Nuair a dhíolfar do mhaoin, íocfaidh an Sannaí Oifigiúil costais, táillí agus fiacha tosaíochta áirithe (ar nós cánacha) agus dáilfidh sé/sí an fuíollach i measc na gcreidiúnaithe.
Ní mór duit €650 tosaigh a lóisteáil i dtreo chostais an tSannaí Oifigiúil agus i dtreo chostais na cúirte agus na fógraíochta. Cé nach n-aistrítear sa ghnáthchúrsa ach na sócmhainní atá agat nuair a déantar féimhithe tú chuig an Sannaí Oifigiúil, is féidir leis an Sannaí Oifigiúil sócmhainní a fhaigheann tú i ndiaidh an dáta sin (mar shampla, trí oidhreacht) a éileamh agus a dhíol chun leasa do chreidiúnaithe.
Má tá áit chónaithe teaghlaigh i do sheilbh, agat féin nó le duine eile, ní féidir leis an Sannaí Oifigiúil í a dhíol ach le cead ón gcúirt roimh ré. Nuair a lorgaítear an cead seo, déanfaidh an chúirt leasa do chreidiúnaithe a mheá i gcoinne leasa do theaghlaigh agus b'fhéidir go gcinnfidh sé díol d'áit chónaithe a chur ar athló.
Má tá comhsheilbh agat ar mhaoin (mar shampla, le do chéile) déanfaidh d'fhéimheacht an chomh-úinéireacht a roinnt idir an Sannaí Oifigiúil agus do chomh-úinéir neamh-fhéimhithe. Tá tú i dteideal na nithe seo a leanas a choinneáil mar 'nithe eisiata' ó fhéimheacht go luach €3,100 (cé gur féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gcúirt an tsuim sin a ardú):
Is féidir leis an gcúirt do thuarastal agus/nó pinsean a úsáid chun leasa do chreidiúnaithe, faoi réir socrúchán ar bith a dhéanfaidh sé chun soláthar a dhéanamh dod' dhualgais teaghlaigh agus do chúinsí pearsanta.
Ní dhéanfar asbhaint ar bith ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Ón uair a dhearbhaítear féimhithe tú, beidh tú ciontach as más rud é:
Tá pionós uasta ag na cionta seo de 5 bliana sa phríosún agus fíneáil €1,270.
Torthaí eile ar an bhféimheacht is ea:
Má tá do shócmhainní díolta agus má tá do chostais, táillí agus fiacha tosaíochta ar fad (ar nós fiacha cánach áirithe) íoctha, is féidir tú a scaoileadh ón bhféimheacht i ndiaidh 12 bhliain gan d'fhiacha ar fad a bheith íoctha.
Is féidir tú a scaoileadh ón bhféimheacht ar bhealach ar bith díobh seo a leanas:
Nuair a scaoiltear ón bhféimheacht thú, tugtar airgead nó maoin ar bith atá fágtha ar ais duit.
Foráiltear i bhfo-alt 30(g) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (pdf), d’urscaoileadh uathoibríoch féimheachta i ndiaidh 12 bhliain. Foráiltear freisin gur féidir iarratas a dhéanamh ar urscaoileadh d’fhéimheacht i ndiaidh 5 bliana. Níl an fo-alt seo i bhfeidhm go fóill (Lúnasa 2011).
Féadfaidh féimheacht a bheith costasach. Tógtar imeachtaí san Ard-Chúirt agus de ghnáth beidh aturnaetha agus abhcóidí páirteach.
Má tá iarratas á dhéanamh agat a bheith fógartha féimhithe, ní mór duit €650 tosaigh a lóisteáil i dtreo chostais an tSannaí Oifigiúil agus i dtreo chostais na cúirte agus na fógraíochta.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Scrúdaitheora den Ard-Chúirt tú féin nó is féidir le creidiúnaí iarratas a dhéanamh leis an gcúirt tú a fhógairt féimhithe. Ní féidir imeachtaí féimheachta a thógáil ach san Ard-Chúirt amháin.
Más mian leat a bheith scaoilte ón bhféimheacht, déanann tú iarratas chuig Oifig an Scrúdaitheora freisin.
15 / 24 Sráide na Foinn Uisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8886000
Láithreán Gréasáin: http://www.courts.ie
Aimsigh an oifig MABS is cóngaraí duit nó glaoigh ar an líne chabhrach ag Íosghlao 1890 283 438 (9am - 8pm, Luan - Aoine) nó seol ríomhphoist chuig: helpline@mabs.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.