Rialacha a bhaineann le fiacha sonracha

Réamhrá

Tá rialacha agus cleachtais shonracha i bhfeidhm maidir le fiacha áirithe. Is iad seo al leanas na fiacha sin:

  • Fiachais atá dlite don Stát nó do chomhlacht Stáit agus a bhaineann le muirir agus tobhaigh reachtúla (ciallaíonn sin muirir atá leagtha amach le dlí)
  • Fiacha ata dlite do sholáthraithe seirbhísí riachtanacha, mar shampla cuideachtaí fóntais
  • Fiachais mar gheall ar oibleagáidí reachtúla, amhail an oibleagáid cothabháil a íoc le céilí agus leanaí

Athróidh an tAcht um Fhiachas Sibhialta (Nósanna Imeachta), 2015 na cleachtais maidir le fiachas sibhialta a fhorfheidhmiú. Níl sé i bhfeidhm go fóill.

Cánacha agus muirir

Go ginearálta, táthar ag súil go n-íocfaidh tú do chánacha in am agus ina n-iomláine. Má theipeann ort é seo a dhéanamh, tá raon roghanna ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cáin atá dlite a bhailiú.

Ionchúiseamh

Má theipeann ort do cháin a íoc in am, is féidir thú a ionchúiseamh agus a chiontú i gcion. D'fhéadfadh fíneáil agus/nó príosúnacht a bheith mar thoradh air seo. D'fhéadfadh leibhéal na bhfíneálacha agus fad na príosúnachta a bheith éagsúil i gcomhréir le tromchúis na gcionta éagsúla faoin dlí ioncaim. Beag beann ar thoradh an ionchúisimh, beidh ort an ganníocaíocht a aisíoc fós.

Is iad seo na príomhbhealaí a mbailíonn na Coimisinéirí Ioncaim cánacha atá thar téarma ó dhaoine aonair:

  • Socruithe íocaíochta céimithe
  • Bailiúchán ag Sirriam
  • Caingean cúirte
  • Attachment of a debt

Socruithe íocaíochta de réir a chéile

Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha neamhíoctha, d'fhéadfá a bheith in ann socrú aisíocíochta a aontú. Mar sin féin, i gcoitinne, bíonn ús le híoc ar chánacha déanacha ar bith agus mar sin caithfidh tú é seo a íoc chomh maith. I roinnt cásanna, d'fhéadfadh pionóis a ghearradh ort freisin.

Má tá tú ag íoc cháin ioncaim trí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT_ agus má ghearríocann tú in aon bhliain ar leith, d'fhéadfá a bheith in ann an méid atá dlite a íoc trí do chreidmheasanna cánach sa bhliain ina dhiaidh sin a laghdú. Go ginearálta, ní chuirtear ús ar an íocaíocht sna cásanna áirithe seo.

I gcásanna eile nach bhfuil do cháin íoctha agat nó má tá sí gearríoctha, d'fhéadfá a bheith in ann socrú íocaíochta céimithe a aontú. Go ginearálta baineann íocaíocht úis leis seo, chomh maith leis an méid atá dlite.

Bailiúchán ag Sirriam

Má fhaigheann tú éileamh deiridh ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha dlite a íoc agus mura bhfreagraíonn tú, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gníomhú i do choinne. Féadfaidh siad do chás a tharchur chuig an Sirriam chun é a fhorfheidhmiú. Ní gá ordú cúirte a fháil.

Tugtar barántas, ar cáipéis dlíthiúil é chun bailiúcháin fiacha atá dlite do na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorfheidhmiú, más gá, trí earraí a urghabháil. Tá barántas bailí ar feadh 12 mhí. Mar sin féin, má theipeann ar an Sirriam aon chuid den dliteanas a bhailiú laistigh de 6 mhí, ní mór an deimhniú a chur ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Tá an t-údarás ag an Sirriam idirbheartaíocht íocaíochta a shocrú leat, nach mairfidh níos mó ná dhá bhliain.

Nuair a chuirtear do chás chuig an Sirriam, ní mór duit ansin déileáil leis ansin. Ní féidir leat déileáil le hoifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim a thuilleadh. Is oifigigh na gcúirteanna iad Sirriamaí na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá siad freagrach do na cúirteanna. Tá Cód Cleachtais le haghaidh Sirriamaí na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Caingean cúirte

Tá conarthaí ag na Coimisinéirí Ioncaim le roinnt ghnólachta d'aturnaetha chun cabhrú leo fiacha na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorfheidhmiú. Tá siad páirteach i gcásanna a thógáil trí na cúirteanna. Má tá orduithe breithiúnais deonaithe ag na cúirteanna, cuirtear na horduithe seo i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach.

Fiach a cheangal

Tá cumhachtaí sonracha ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le fiach a astú ar féidir é a fheidhmiú gan ordú cúirte. Léigh tuilleadh ar revenue.ie.

Cáin Mhaoine Áitiúil

Má tá tú faoi dhliteanas íoc as Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) agus mura seolann tú tuairisceán isteach, beidh an meastachán a rinne na Coimisinéirí Ioncaim iníoctha trí mhainneachtain. Baileoidh na Coimisinéirí an tsuim atá dlite ansin ar na gnáthbhealaí, ar nós í a asbhaint ag an bhfoinse nó trí ordú astaithe.

Mura mbailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an méid den CMÁ atá dlite, ar cuirfear muirear ar do mhaoin. Ní bheidh tú in ann do mhaoin a dhíol gan an cháin charnach a íoc, anuas ar an ús agus, ma bhaineann, pionóis.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi Cháin Mhaoine Áitiúil.

An Muirir Teaghlaigh

Gearradh Muirear Teaghlaigh €100 ar mhaoin chónaithe in 2012. Má bhí áit chónaithe agat in 2012 agus murar íoc tú an Muirear Teaghlaigh a bhí le híoc air faoin 1 Iúil 2013, cuireadh €200 an Cháin Mhaoine Áitiúil maidir leis an maoin. Go héifeachtach, iompaíodh na riaráistí ina CMÁ, a bhailítear tríd an gcóras CMÁ agus a dtéann na Coimisinéirí Ioncaim sa tóir orthu. Bainfidh ús agus pionóis faoin gcóras CMÁ ar an €200 sa bhreis.

Muirear um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (dara baile)

Bhí an muirear um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha iníoctha ma bhí an dara áit chónaithe ar bith a bhí agat idir 2009 agus 2013. Má theip ort an muirear a íoc faoin dáta dlite gach bliain, bhí tú faoi réir táille dhéanach €20 in aghaidh na míosa a íoc. Má bhí an muirear le híoc agat ar feadh na tréimhse iomláine agus mura d’íoc tú as (nó mura d’aontaigh tú téarmaí) roimh 31 Lúnasa 2014, tá ort anois €7,230 a íoc. Fanann aon táillí neamhíoctha nó táillí íocaíocht déanacha mar mhuirear ar an maoin agus tá siad iníoctha má dhíoltar an mhaoin nó má thugtar ar aghaidh ina hoidhreacht í.

Ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus íocaíochtaí cothabhála

Ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Go ginearálta, Má fuair tú airgead ón Roinn Coimirce Sóisialaí nár chóir duit a fháil, ní mór duit é a aisíoc. Tá sé le haisíoc cás cibé an dtarlaíonn an ró-íocaíocht de bharr calaoise, de bharr botúin agatsa nó de bharr botúin ag an Roinn.

Léigh tuilleadh faoi conas a ndéileálann an Roinn le ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Íocaíochtaí cothabhála

Má thiteann tuismitheoir, céile nó páirtí sibhialta i riaráistí maidir le híocaíochtaí cothabhála atá dlite faoi ordú cothabhála, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú astaithe tuillimh. Má tá an duine i bhfostaíocht nó ar phinsean príobháideach bainfidh a bhfostóir an méid cothabhála óna bpá nó óna thuarastal.

Má tá an tuismitheoir/céile/páirtnéir sibhialta ina chónaí thar lear, is féidir leat teangmháil a dhéanamh leis an Údarás Lárnach um Aisghabháil Cothabhála. Ní mór go bhfuil seoladh agat don pháirtí eile.

Léigh tuilleadh inár ndoiciméad Orduithe agus comhaontuithe cothabhála.

Riaráistí údaráis áitiúla

Riaráistí cíosa

Má thiteann tú i riaráistí le do chíos údaráis áitiúla, ní mór don údarás áitiúil an treoirlínte mionsonraithe a leanúint chun déileáil le riaráistí. D'fhéadfadh roinnt scéimeanna cíosa údaráis áitiúla laghdú cíosa i gcásanna cruatain a cheadú.

Iarmhairtí a bhaineann le loiceadh ar chíos a íoc

Má theipeann ort do chuid cíosa a íoc, is féidir:

  • Ús ag ráta de 6% a ghearradh ort ar na riaráistí fad is a bhfanann siad neamhíoctha
  • Fógra fágála, a eisiúint duit agus do theach a athshealbhú ina dhiaidh sin
  • Go mbeidh tú neamhcháilitheacht ar thacaíocht tithíochta sóisialta amach anseo

Léigh tuilleadh faoi conas a ndéileáileann údaráis áitiúla le riaráistí cíosa.

Riaráistí iasachta údaráis áitiúla

Má tá iasacht agat ó údarás áitiúil agus má tá deacracht agat d’aisíocaíochtaí a dhéanamh, b’fhéidir go mbeidh tú in ann socrú a dhéanamh leis an údarás áitiúil. Caithfidh údaráis áitiúla treoirlínte mionsonraithe (pdf) a leanúint maidir le conas déileáil le riaráistí. Tá na treoirlínte seo bunaithe ar Chód Iompair an Bhainc Ceannais um Riaráistí Morgáiste (pdf).

Léigh tuilleadh ar housing.gov.ie.

Muirir dhramhaíola agus fóntas

Muirir dhramhaíola

Má tá muirir neamhíoctha agat ata dlite do d’oibreoir bailithe dramhaíola féadfaidh an t-oibreoir imeachtaí cúirte a thionscnamh i do choinne as an íocaíocht mar fhiach conartha simplí. Féadfaidh siad tú a thabhairt chun cúirte mura n-íocann tú laistigh de 2 mhí ón dáta dlite agus mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh tarscaoilte.

Léigh tuilleadh faoi mhuirir dhramhaíola.

Fóntais: leictreachas, gás, uisce

Caithfidh cóid chleachtais a bheith ag soláthraithe leictreachais, gáis agus uisce chun déileáil le custaiméirí a bhfuil deacrachtaí acu a gcuid billí a íoc agus a charnann riaráistí íocaíochtaí.Tá an riachtanas seo leagtha amach ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) ina Lámhleabhar do Soláthraithe. Caithfidh gach soláthraí na cóid chleachtais seo a fhoilsiú - is féidir leat seiceáil ar Láithreán Gréasáin do sholáthraí leictreachais, do sholáthraí gáis agus Uisce Éireann.

Má tá deacracht agat do bhillí fóntais a íoc, tá sé an-tábhachtach teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí a luaithe is féidir. Féadfaidh do sholáthraí aontú le ceann de na roghanna seo a leanas:

  • Plean buiséid a shocrú
  • Do chuid íocaíochtaí a scaipeadh i rith na bliana
  • Méadar réamhíoctha a shuiteáil nó cárta réamhíoctha a úsáid.

Léigh tuilleadh faoin mhuirir leictreachais, gáis agus uisce agus rialáil fóntais.

Ceadúnais theilifíse agus mhadra

Ceadúnais theilifíse

Caithfidh tú do cheadúnas teilifíse a íoc leis An Post.

Coinníonn Post bunachar sonraí de gach áitreabh ar cheart go mbeadh ceadúnas teilifíse aige. Déantar an bunachar sonraí a nuashonrú go rialta.

Murar íoc tú do cheadúnas teilifíse, féadfaidh tú fógra a fháil ó An Post chun foláireamh a thabhairt duit go bhféadfaí tú a ionchúiseamh mura gceannaíonn tú ceadúnas teilifíse. Tugtar 28 lá duit le híoc. Féadfaidh An Post fógra íocaíochta seasta a sheirbheáil ort mura d’íoc tú fós tar éis 2 fhógra a fháil.

Tá 21 lá agat anois chun do cheadúnas teilifíse a cheannach agus an táille pionóis sheasta a íoc. Tá uasteorainn aon trian den táille ceadúnais ar an táille pionóis.

Mura gceannaíonn tú do cheadúnas teilifíse agus mura íocann tú an táille pionóis sheasta, féadfar tú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche. Is cion é gan ceadúnas teilifíse a bheith agat má tá teilifís agat. Má chiontaítear thú, d’fhéadfaí fíneáil €1,000 a ghearradh ort as an gcéad chion agus €2,000 as cionta ina dhiaidh sin.

Féadfaidh Post breithiúnas a lorg maidir leis na híocaíochtaí gan íoc mar fhiach conartha simplí.

Ceadúnais mhadra

Má tá madra agat atá níos mó ná ceithre mhí d'aois, ní mór duit ceadúnas madra a bheith agat dó. Más rud é nach bhfuil ceadúnas agat do do mhadra, d’fhéadfá a bheith faoi dhliteanas fíneáil 'ar an láthair' a fháil. Mura n-íocann tú an fhíneáil seo is féidir thú a ionchúiseamh, le fíneáil uasmhéide de €2,500 agus/nó suas le 3 mhí i bpríosún má chiontaítear thú.

Féadfar an fiach a bhailiú mar fhiach conartha shimplí.

Léigh tuilleadh inár ndoiciméad ar Rialú madraí.

Fíneálacha cúirte a bhailiú

Tugann an tAcht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú) 2014 isteach roinnt gnéithe nua ar an gcaoi a phléitear le fíneálacha cúirte, lena n-áirítear an fhéidearthacht fíneáil a íoc i dtráthchodanna nó go gcaithfear le fíneáil agus go gcuirfear i bhfeidhm é mar fhiach sibhialta.

Tá córas íocaíochta i dtráthchodanna ar fáil i gcás gach fíneála cúirte os cionn €100 cé go bhfuil an rogha fós agat an finéal a íoc le híocaíocht amháin

Baineann an méid seo a leanas:

  • Íocaíocht aonuaire fíneála íoc, is féidir leat a roghnú íoc trí An Post nó go díreach tríd an tSeirbhís Chúirteanna.
  • Tráthchodanna a íoc, ní féidir leat íoc ach trí An Post. Íocann tú i 13 thráthchuid. Is é an chéad tráthchuid ná 10% de mhéid na fíneála agus is é na chéad 12 tráthchuid eile 7.5% de mhéid na fíneála.

Tá amlínte dochta ann má íocann tú i dtráthchodanna:

  • Caithfear an chéad tráthchuid a íoc 42 lá ón dáta a gearradh an fhíneáil
  • Caithfear an dara tráthchuid a íoc laistigh de 72 lá ón dáta a gearradh an fhíneáil
  • Caithfear an tríú tráthchuid a íoc laistigh de 30 lá ó dháta dlite thráthchuid 2
  • Caithfear gach ceann de na 9 dtráthchuid eile a íoc laistigh de 30 lá ó dháta dlite na dtráthchodanna roimhe seo
  • Caithfear an 13ú tráthchuid deiridh a íoc laistigh de 35 lá ó dháta dlite na tráthchoda roimhe sin (12ú)

Glacann an tSeirbhís Chúirteanna airgead tirim, seiceanna, dréachtaí bainc nó le horduithe airgid poist. Má tá tú ag íoc trí An Post, is féidir leat ceann de na modhanna seo a úsáid nó tá an rogha agat é a íoc le cárta creidmheasa nó le cárta dochair. Glacfaidh Post le híocaíochtaí ar an bhfón nó tríd an idirlíon, agus in oifigí poist freisin.

Mura n-íocann tú fíneáil, féadfar tú a thabhairt ar ais chun na cúirte. Féadfaidh an breitheamh:

  • Ordú astaithe nó ordú aisghabhála a dhéanamh, chun an t-airgead a bhailiú uait go díreach
  • Ordú a thabhairt duit Seirbhís Phobail a dhéanamh.

Mura bhfuil aon cheann de na roghanna seo oiriúnach, nó mura gcomhlíonann tú Ordú Seirbhíse Pobail, féadfar tú a chur i bpríosún.

Is é an dlí lena rialaítear é seo ná Na Rialacháin um an Acht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú) 2014 (Alt 6) 2016. Is féidir leat tuilleadha léamh faoin gcóras íocaíochta fíneálacha.

--this section produces the further information bit at the bottom of the document.

Tuilleadh eolais

Text goes here

-->

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2021