Roghanna um Dhócmhainneacht Phearsanta

Réamhrá

Tá 3 nós imeachta réitigh fiachais ann le cabhrú le sealbhóirí morgáiste agus le daoine eile a bhfuil fiachas neamh-inbhuanaithe acu comhaontú a bhaint amach lena gcreidiúnaithe. Cuireann na nósanna imeachta seo réitigh dhifriúla ar fáil do dhaoine i gcásanna éagsúla. Baineann a rialacha agus nósanna imeachta féin le gach rogha.

Saincheist thábhachtach amháin is ea cibé acu an bhfuil d’fhiachais urraithe nó nach bhfuil. Iasacht atá i bhfiachas urraithe ar a bhfuil fáil ar réadmhaoin nó earraí mar urrús i leith neamhíocaíochta. Is iad morgáistí na hiasachtaí is coitianta d’iasachtaí urraithe. Go ginearálta, is fiachais neamhurraithe iad iasachtaí cosúil le hiasachtaí bainc agus fiachas cárta creidmheasa, ach má bhíonn siad in éineacht le do mhorgáiste, déantar iasachtaí urraithe díobh.

Is iad na 3 nós imeachta réitigh fiachais:

•Fógra um Fhaoiseamh Fiachais (FFF), a cheadaíonn fiachas (fiachas neamhurraithe, de ghnáth, agus fiachas urraithe, i gcásanna áirithe) a mhéid le €35,000 a dhíscríobh, faoi réir tréimhse mhaoirseachta 3 bliana.

•Socrú Réitigh Fiachais (SRF), chun fiachas neamhurraithe a réiteach ar chomhaontú, nach mbíonn aon teorainn i gceist, agus is gnách go maireann seo i rith tréimhse 5 bliana

•Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (SDP), chun fiachas urraithe a mhéid le €3 milliún a réiteach ar chomhaontú (cé gur féidir an uasteorainn seo a mhéadú), agus fiachas neamhurraithe, nach mbíonn aon teorainn i gceist, agus is gnách go maireann seo i rith tréimhse a fhaide le 6 bliana

Tugadh na nósanna imeachta seo isteach san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 agus déantar cur síos níos mionsonraithe orthu thíos.

Má rinne tú iarracht d’fhadhbanna fiachais a réiteach leis na nósanna imeachta seo ach mura n-oireann siad duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fhéimheacht. Próiseas foirmiúil Ard-Chúirte é féimheacht do dhaoine a bhfuil fiachas níos mó ná €20,000 acu.

Rialacha ginearálta

Baineann a rialacha agus a nósanna imeachta féin le gach ceann de na 3 nós imeachta réitigh fiachais ach baineann na príomhrialacha le gach ceann díobh.

Teorainneacha ar úsáid

Ní féidir leat a bheith bainteach ach i gceann amháin de na 3 nós imeachta (FFF, SRF nó SDP) nó sa phróiseas féimheachta ag aon tráth amháin. Má úsáideann tú ceann amháin de na 4 phróiseas seo, is gnách go mbeidh ort fanacht cúpla bliain sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar cheann eile a úsáid.

Ní féidir leat gach ceann de na 3 nós imeachta a úsáid ach uair amháin i do shaol. (Ní chuirtear an teorainn sin ar fhéimheacht, ach b’annamh a dhéanfaí duine féimheach faoi dhó.)

Fiachais a chruthú

Níor cheart duit stopadh ag íoc (nó gan dóthain a íoc) d’aon turas le do chuid creidiúnaithe fad atá na nósanna imeachta seo á mbunú, mar gheall go bhféadfadh go ndéanfaí iarratas neamh-incháilithe de d'iarratas dá dheasca.

Eolas a sholáthar

Beidh ort Ráiteas Forordaithe Airgeadais a chomhlíonadh, ina dtugtar eolas iomlán agus ionraic faoi do chuid cúinsí airgeadais. Leagtar amach an t-eolas a theastaíonn don ráiteas sna Rialacháin an Achta um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (Ráiteas Airgeadais Forordaithe), 2014. Ní mór duit dearbhú a shíniú go bhfuil tú ag gníomhú le hintinn mhaith agus ag comhoibriú go hiomlán leis an bpróiseas.

Beidh ort do thoiliú scríofa a thabhairt gur féidir teacht ar roinnt sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag bainc agus ag institiúidí airgeadais eile ionas gur féidir do staid airgeadais a fhíorú. Beidh sé de chumhacht ag ranna agus gníomhaireachtaí an Rialtais faisnéis áirithe fút a scaoileadh.

Cláir phoiblí

Má úsáideann tú aon cheann de na 3 nós imeachta seo, foilseofar d’ainm agus do shonraí ar chlár, a bhfuil teacht ag an bpobal air ar láithreán gréasáin SDÉ. Déanfar an rath nó an teip a bheidh ar an bpróiseas a chur i gcuntas freisin.

Fógraí um Fhaoiseamh ó Fhiachas

Cuireann próiseas an Fhógra um Fhaoiseamh Fiachais (an FFF) faoiseamh fiachais ar fáil do dhaoine arb éigean a bhfuil aon ioncam indiúscartha nó sócmhainní acu agus nach dócha go mbeidh siad in ann an fiachas a íoc sna 3 bliana amach romhainn. Má eisítear FFF duit, ceadóidh sé díscríobh do chuid fiachais cháilithigh a mhéid le €35,000, faoi réir tréimhse mhaoirseachta 3 bliana.

I rith na tréimhse seo, ní bheidh do chreidiúnaithe in ann dul sa tóir ort chun íocaíocht a fháil, ach má fheabhsaíonn do chúinsí i rith na 3 bliana, b’fhéidir go mbeidh ort cuid de d’fhiachais a íoc dá réir sin. Ag deireadh na 3 bliana, déanfar na fiachais go léir a chumhdaíonn an FFF a dhíscríobh, fiú murar éirigh leat aon rud a íoc astu.

Conas a fhaigheann tú FFF?

Caithfear d’iarratas a dhéanamh trí Idirghabhálaí Faofa (IF) – féach Conas iarratas a dhéanamh thíos. Duine é seo atá údaraithe ag SDÉ cabhrú leat le d’iarratas.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar Fhógraí um Fhaoiseamh Fiachais (FFFanna) agus ar láithreán gréasáin SDÉ.

Socrú Réitigh Fiachais

Cuireann Socrú Réitigh Fiachais (SRF) réiteach comhaontaithe fiachais neamhurraithe ar fáil do chreidiúnaí amháin nó níos mó i rith tréimhse 5 bliana, agus d’fhéadfaí síneadh a fhaide le 6 bliana a chur leis, má chomhaontaítear leis sin.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar SRF mura bhfuil tú incháilithe d’Fhógra um Fhaoiseamh Fiachais mar gheall ar leibhéil d’ioncaim, do shócmhainní agus d’fhiachais. Caithfidh gur féidir leat roinnt aisíocaíochtaí a dhéanamh le do chreidiúnaithe mar chúiteamh ar lascaine a fháil ar d’fhiachais. Socrú deonach é an SRF agus ní mór tacaíocht a fháil ó chreidiúnaithe a dhéanann ionadaíocht do 65% ar a laghad den fhiachas iomlán a chumhdaíonn sé.

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is gairmí é sin atá údaraithe ag agus cláraithe le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann chun SRFanna agus Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta a oibriú – féach Conas iarratas a dhéanamh thíos.

Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse lena gcomhaontaítear, agus má oibríodh do SRF go rathúil, scaoilfear thú ó na fiachais a chumhdaigh sé. Ciallaíonn seo go ndéanfar na fiachais a dhíscríobh.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar Shocruithe Réitigh Fiachais (SRFanna) agus ar láithreán gréasáin SDÉ.

Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta

Déanann Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (SDP) socrú chun fiachas urraithe a mhéid le €3 milliún a réiteach ar chomhaontú (cé gur féidir an uasteorainn seo a mhéadú nuair a chomhaontaíonn na creidiúnaithe urraithe go léir eile leis), agus fiachas neamhurraithe, nach mbíonn aon teorainn i gceist, a réiteach. Cuirfear SDP ar siúl i rith tréimhse a fhaide le 6 bliana, agus d’fhéadfaí síneadh a fhaide le 7 mbliana a chur leis, má chomhaontaítear leis sin.

Oibríonn an SDP cosúil le Socrú Réitigh Fiachais ar na bealaí seo a leanas:

•Caithfidh tú iarratas a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP) – féach Conas iarratas a dhéanamh thíos.

•Caithfidh gur féidir leat roinnt aisíocaíochtaí a dhéanamh le do chreidiúnaithe mar chúiteamh ar lascaine a fháil ar d’fhiachais.

•Socrú deonach é agus ní mór tacaíocht a fháil ó chreidiúnaithe – idir creidiúnaithe urraithe agus neamhurraithe – a dhéanann ionadaíocht do 65% ar a laghad de d’fhiachas iomlán.

Anuas air sin, caithfidh breis agus 50% de do chreidiúnaithe urraithe agus 50% de do chreidiúnaithe neamhurraithe vótáil ina fhabhar. Má dhiúltaíonn iasachtóir morgáiste an togra um dhócmhainneacht phearsanta, áfach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú cúirte ar an diúltú.

Cuireann Abhaile, scéim cúnaimh agus comhairle do dhaoine a bhfuil riaráistí tromchúiseacha morgáiste acu ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil d’iasachtaithe incháilithe a bhfuil athbhreithniú den saghas sin á lorg acu.

Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse lena gcomhaontaítear, agus má oibríodh do SRF go rathúil, scaoilfear thú ó na fiachais a chumhdaigh sé ach ní scaoilfear ach an méid a shonraítear san SDP den fhiachas urraithe.

Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar Shocruithe Réitigh Fiachais (SRFanna) agus ar láithreán gréasáin SDÉ.

Achoimre ar nósanna imeachta

Socrú Saghas an fhiachais a chumhdaítear Luach Fad Déantar iarratas air trí
Fógra um Fhaoiseamh ó Fhiachas (FFF) Urraithe (agus neamhurraithe i gcásanna áirithe) A mhéid le €35,000 3 bliana Idirghabhálaí Faofa (IF)
Socrú Réitigh Fiachais (SRF) Neamhurraithe Teorainn ar bith 5 bliana (+1)

(uasmhéid)

Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)
Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP) Urraithe agus neamhurraithe Níl teorainn ar bith ar fhiachas neamhurraithe

Faightear a mhéid le €3 milliún (ach is féidir an uasteorainn a mhéadú má chomhaontaítear)

6 bliana (+1)

(uasmhéid)

Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)
Féimheacht Urraithe agus neamhurraithe Níos mó ná €20,000 1 bhliain Ard-Chúirt (dearbhú deonach nó is féidir le creidiúnaithe achainí a dhéanamh)

Nóta: Ní féidir leat iarratas a dhéanamh leat féin ar FFF, SRF nó SDP. Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh trí Idirghabhálaí Faofa (ar FFF) nó trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (ar SRF nó SDP).

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Tá Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) freagrach as gach ábhar lena mbaineann dócmhainneacht phearsanta. Áirítear lena ról an méid seo a leanas:

•Iarratais a dheimhniú le haghaidh Fógraí um Fhaoiseamh Fiachais

•Iarratais a dheimhniú le haghaidh Socrú Réitigh Fiachais agus Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta

•Treoirlínte a fhorbairt do nósanna imeachta dócmhainneachta

•Cláir a choimeád

•Idirghabhálaithe Faofa (IFanna) a údarú

•Cleachtóirí um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDPanna) a údarú agus a rialú

•Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na socruithe

Tá Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht lonnaithe in SDÉ. Riarann an oifig seo eastát an fhéimhigh tar éis don Ardchúirt Ordú Féimheachta a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh

I gcás Fógra um Fhaoiseamh Fiachais, ní mór d’iarratas a dhéanamh trí Idirghabhálaí Faofa (IF). Is féidir leat Idirghabhálaí Faofa a roghnú ó Chlár na nIdirghabhálaithe Faofa a fhoilsíonn SDÉ. Údaraítear gach Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) mar Idirghabhálaithe Faofa agus bíonn IFanna ar fáil i bhformhór láithreacha an SBCA ar fud an Stáit. Cuireann Líne Chabhrach MABS seirbhís seiceála ar fáil chun a sheiceáil ar dtús an sásaíonn tú na critéir le haghaidh FFF.

Sula gcuireann tú glaoch ar Líne Chabhrach an SBCA le don tseiceáil cháilitheachta seo, beidh ort an t-eolas ábhartha go léir maidir le d'fhiachais, do shócmhainní, d’ioncam agus do chúinsí a bhailiú. Tá líne chabhrach an SBCA ar oscailt ó Luan go hAoine idir 9 am agus 8 pm agus is féidir glaoch air ar 0761 07 2000.

Is féidir níos mó a léamh ag mabs.ie.

I gcás Socrú Réitigh Fiachais nó Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta, ní mór duit iarratas a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is féidir CDP a roghnú ó Chlár na gCleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta a fhoilsíonn SDÉ.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ó líne chabhrach SDÉ, (01) 764 4200 (ó Luan go hAoine, idir 9 am agus 6 pm) agus óna phríomhláithreán gréasáin isi.gov.ie, anuas ar a láithreán gréasáin backontrack.ie do dhaoine a bhfuil ag streachailt leo le fiachas.

Liostaítear sa tábla seo a leanas roinnt de na príomhghníomhartha faoi na socruithe a tugadh isteach san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta agus cén comhlacht nó duine aonair atá freagrach as gach ceann:

Cé a thugann faoin ngníomh do gach nós imeachta?
Gníomh FFF SRF SDP
Iarratas/togra leis an bhféichiúnaí a ullmhú Idirghabhálaí Faofa (IF) Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP) Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)
An t-iarratas a fhíorú Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) SDÉ SDÉ
An deimhniú cosanta a chlárú i ndiaidh faomhadh Cúirte n/b SDÉ SDÉ
FFF a eisiúint Sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda n/b n/b
Athbhreithniú a dhéanamh ar an togra SRF/SDP agus é a cheadú nó a dhiúltú: murab ionann na dliteanais iomlána agus breis agus €2,500,000 n/b Sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda Sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda
Athbhreithniú a dhéanamh ar an togra SRF/SDP agus é a cheadú nó a dhiúltú: más ionann na dliteanais iomlána agus breis agus €2,500,000 n/b An Ard-Chúirt An Ard-Chúirt
FFF/SRF/SDP a chlárú SDÉ SDÉ SDÉ
Téarmaí FFF/SRF/SDP a riar nuair a bhíonn siad i bhfeidhm SDÉ Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP) Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)
Monatóireacht a dhéanamh ar oibriú FFF/SRF/SDP SDÉ Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP) Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2021