Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta

Réamhrá

Tá Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (SDP) ar cheann de thrí mheicníocht réitigh fiachais a tugadh isteach faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 do dhaoine nach bhfuil an acmhainn acu a bhfiachais phearsanta a íoc. Cuireann na meicníochtaí seo réitigh dhifriúla ar fáil do dhaoine i gcásanna éagsúla.

Baineann an Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta leis an réiteach comhaontaithe agus/nó le hathstruchtúrú fiachas faoi urrús a mhéid le €3 milliún (mar aon le fiachas gan urrús) thar thréimhse 6 bliana. Féadtar an uasteorainn €3 milliún a mhéadú tar éis comhaontú a bhaint amach le do chreidiúnaithe urraithe agus féadtar an uasteorainn 6 bliana a mhéadú go dtí 7 mbliana i gcásanna áirithe.

Déantar cur síos sa cháipéis seo ar conas cáiliú do SDP agus conas a oibrítear an SDP.

D’fhoilsigh Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) eolas mionsonraithe faoi SDPanna, cásanna féideartha, Ceisteanna Coitianta agus treoirleabhar san áireamh. Cuireann sé eolas breise ar SDPanna ar fáil freisin, mearthreoir (pdf) san áireamh, ar a láithreán gréasáin backontrack.ie, atá dírithe ar dhaoine a bhfuil ag streachailt leo le fiachas.

Is féidir leat léargas ginearálta ar roghanna dócmhainneachta pearsanta a léamh anseo.

Soláthar d’athbhreithniú cúirte

Nuair a dhiúltaíonn iasachtóir morgáiste togra an iasachtaí do SDP, is féidir iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú cúirte ar an diúltú sin. Ón 25 Meitheamh 2021 ar aghaidh, is féidir leis na morgáistí go léir a bhfuil riaráistí acu nó atá faoi réir socrú malartach íocaíochta athbhreithniú cúirte a lorg ar an diúltú. Roimh an 25 Meitheamh 2021, níor bhain an rogha athbhreithnithe seo ach le morgáistí a raibh riaráistí acu an 1 Eanáir 2015, nó le morgáistí a raibh riaráistí cruthaithe acu roimhe sin agus inar iontráil an t-iasachtaí i socrú malartach aisíocaíochta.

Mar chuid de Abhaile, an tSeirbhís Náisiúnta Réitigh Riaráistí Morgáiste, cuireann scéim cúnaimh agus comhairle do dhaoine a bhfuil riaráistí tromchúiseacha morgáiste acu ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil d’iasachtaithe incháilithe a bhfuil athbhreithniú cúirte den saghas sin á lorg acu.

Déanfaidh an chúirt athbhreithniú ar an iarratas, aon aighneachtaí san áireamh a rinne creidiúnaithe. A fhad agus a shásaítear critéir áirithe a leagtar amach sa reachtaíocht, is féidir leis an mbreitheamh buntogra an SDP a chur i bhfeidhm ar an gcreidiúnaí/na creidiúnaithe.

An bhfuil mé incháilithe?

Déanann Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta foráil do shocrú agus/nó athstruchtúrú comhaontaithe fiachas i gcás daoine a bhfuil fiachais atá faoi urrús acu a mhéid le €3 milliún (anuas ar aon fhiachais nach bhfuil faoi urrús) agus nach bhfuil aon ionchas acu go mbeidh siad ábalta a bhfiachais a íoc sna 5 bliana romhainn.

Ní féidir leat SDP a fháil ach uair amháin i do shaol. Ní féidir leat SDP a fháil má tá baint agat i gceann de na próisis eile réitigh fiachais a thugtar isteach san Act, nó sa phróiseas féimheachta, nó má chríochnaigh tú ceann de na próisis seo le 5 bliana anuas (3 bliana i gcás Fógra um Fhaoiseamh Fiachais).

Faoin reachtaíocht bhunúil, ní fhéadfá SDP a fháil ach trí chomhaontú a fháil ó fhormhór sonraithe do chreidiúnaithe nach bhfuil faoi urrús – féach Príomhghnéithe SDP thíos. Faoi mar a luaitear thuas, áfach, is féidir leat anois athbhreithniú cúirte a lorg má dhiúltaíonn iasachtóir morgáiste do thogra um dhócmhainneacht phearsanta. Féach ‘Cruinniú creidiúnaithe’ thíos chun teacht ar níos mó sonraí.

Caithfidh go bhfuil sainchónaí ort sa Stát nó caithfidh go raibh tú i do chónaí sa Stát, nó go raibh áit ghnó agat sa Stát laistigh de thréimhse bhliana sula ndearna tú d’iarratas.

Fiachais cháilitheacha

Ní cháileofar thú do SDP ach má tá fiachas le híoc le creidiúnaí urraithe amháin, ar a laghad, a bhfuil urrús acu ar réadmhaoin nó ar shócmhainní Éireannacha (fiachas urraithe). Mura bhfuil aon fhiachais urraithe agat, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shocrú Réitigh Fiachais nó ar Fhógra um Fhaoiseamh Fiachais. Go ginearálta, caithfidh iomlán an fhiachais atá le híoc agat le do chreidiúnaithe faoi urrús a bheith ionann le €3 milliún, ar a mhéid. Is féidir an uasteorainn seo a tharscaoileadh, áfach, má chomhaontaíonn do chreidiúnaithe urraithe go léir leis i scríbhinn.

Is gá gur cruthaíodh ar a laghad trí cheathrú (75%) de d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús 6 mhí ar a laghad sula ndéanann tú iarratas ar SDP – is é sin le rá, ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar SDP má tabhaíodh 25% de d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús le 6 mhí anuas.

Fiachais faoi urrús agus nach bhfuil faoi urrús

Ní chuirtear Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta ar fáil ach do dhaoine a bhfuil fiachas faoi urrús acu (cé gur féidir fiachas nach bhfuil faoi urrús a áireamh – féach thíos), mar sin, is tábhachtach fios a bheith agat cibé acu an bhfuil d'fhiachas faoi urrús nó nach bhfuil.

Iasacht atá i bhfiachas faoi urrús ar a bhfuil fáil ar réadmhaoin nó earraí mar urrús i leith neamhíocaíochta. Is iad morgáistí agus iasachtaí gluaisteáin na hiasachtaí is coitianta d’iasachtaí faoi urrús.

Roinnt samplaí d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús iad: riaráiste bille fóntais (gás, leictreachas, etc.); fiachas cárta creidmheasa; rótharraingtí bainc; iasachtaí comhar creidmheasa. Má tá siad in éineacht le do mhorgáiste, áfach, déantar iasachtaí faoi urrús díobh.

Fiachais eisiata agus in-eisiata

Sonraítear san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 saghsanna áirithe d’fhiachas nach féidir a dhíscríobh leis na nósanna imeachta réitigh fiachais a tugadh isteach san Acht, a n-áirítear an Socrú um Dhócmhainneacht Pearsanta leo. Tugtar fiachas eisiata orthu seo.

Sonraítear san Acht saghsanna áirithe eile d’fhiachas atá in-eisiata ó SDP. Ciallaíonn seo gur féidir leis an SDP iad a chumhdach má iarrtar ar an gcreidiúnaí agus má aontaíonn sé/sí le hiad a áireamh – agus sa chás sin, déantar fiachas ceadaithe astu – arb ionann sin agus fiachas a cheadaíonn an creidiúnaí a chumhdach. Más rud é go n-iarrtar ar an gcreidiúnaí déanamh amhlaidh agus nach bhfreagraíonn sé/sí, meastar gur thug an creidiúnaí toiliú le cur san áireamh na bhfiachas. Is fiachas in-eisiata an chuid is mó den fhiachas atá le híoc leis an Stát.

Is iad na saghsanna fiachais a eisítear agus nach féidir a chumhdach le SDP:

•Fiachas faoi orduithe dlí teaghlaigh, ar nós orduithe cothabhála do chéilí agus leanaí

•Fiachas atá le híoc faoi dhámhachtain chúirte mar gheall ar ghortú pearsanta nó bás

•Fiachas a eascraíonn ó iasacht (nó staonadh iasachta) a fuarthas mar gheall ar chalaois nó éagóir dá samhail sin

•Fiachas a eascraíonn faoi orduithe cúirte a rinneadh faoi na hAchtanna um Fháltais ó Choireacht nó fíneálacha a ghearrann na cúirteanna mar gheall ar chionta coiriúla

Is iad na saghsanna fiachais atá in-eisiata agus a bhféadfar iad a chumhdach má chomhaontaíonn an creidiúnaí:

•Cánacha, dleachtanna. muirir nó tobhaigh atá le híoc leis an Stát, ar nós cáin ioncaim, Cáin Mhaoine Áitiúil, CBL, cánacha caipitil

•Muirir sheirbhíse atá le híoc le húdaráis áitiúla

•Rátaí

•Airgead atá le híoc faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (i dtaca le hiasacht a réamhíoc FSS le cónaitheoir i dteach altranais chun íoc as an méid atá le híoc ón áit chónaithe phríobháideach phríomha)

•Airgead atá le híoc leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, cosúil le ró-íocaíochtaí.

•Fiachas atá le híoc le cuideachtaí bainistíochta úinéirí maidir le muirir nó le ranníocaíochtaí bliantúla seirbhíse atá le híoc le haghaidh forbairtí ilaonaid (seo an t-aon fhiachas neamh-Stáit sa chatagóir seo)

Riaráistí morgáiste ar do bhaile

Go ginearálta, caithfidh tú a dhearbhú gur chomhoibrigh tú le d’iasachtóir morgáiste ar feadh 6 mhí, ar a laghad maidir le d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (do theach) i gcomhréir le Cód Iompair Riaráistí Morgáiste an Bhainc Cheannais; agus, in ainneoin an chomhoibrithe seo, nárbh fhéidir leat comhaontú a dhéanamh ar shocrú eile aisíocaíochta nó gur dheimhnigh an t-iasachtóir i scríbhinn nach mian leo a leithéid de shocrú a iontráil.

Ní bhíonn an riail seo i gceist má dhearbhaíonn do Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP) – féach thíos – gur mídhóchúil fós féin go mbeifeá dócmhainneach faoi cheann 5 bliana dá nglacfá lena leithéid de shocrú eile aisíocaíochta.

Tá eolas breise ar fáil do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste i ndán dóibh.

Príomhghnéithe SDP

Ní mór duit do thogra le haghaidh SDP a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP) – féach an próiseas SDP thíos.

A luaithe a chomhaontaigh tú le téarmaí an togra SDP le do CDP, teastaíonn cead ansin uait ó chruinniú creidiúnaithe nó, ina éagmais sin, is féidir do thogra a chur i bhfeidhm ar do chreidiúnaithe i ndiaidh athbhreithniú cúirte. Féach ‘Cruinniú creidiúnaithe’ thíos chun teacht ar níos mó sonraí.

Is féidir go mbeidh sé i gceist le SDP go ndéanfaidh tú íocaíochtaí rialta de na méideanna comhaontaithe le do Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta, a dháilfidh iad ar do chreidiúnaithe de réir théarmaí an SDP.

Ní fhéadfaidh do chreidiúnaithe caingean a thionscnamh i d’aghaidh chun an fiachas a fhorghníomhú le linn shaolré an SDP. Má chloíonn tú le téarmaí an SDP, urscaoilfear an chuid eile de d’fhiachas le do chreidiúnaithe neamhurraithe. Nuair a chuirtear deireadh leis an SDP, áfach, beidh tú faoi dhliteanas go fóill íoc as an méid de d’fhiachais urraithe nár íocadh go fóill, cosúil le do mhorgáiste.

Aitheantas trasteorann

Tá an SDP ainmnithe mar imeacht dócmhainneachta ar féidir leis leas a bhaint as aitheantas trasteorann. Fágann sé sin go mbeidh an chosaint chéanna ar chreidiúnaithe i bhformhór na dtíortha eile den AE is atá aige/aici in Éirinn ag féichiúnaí atá ag baint leasa as SDP, faoi réir agus de réir an an Rialacháin maidir le hImeachtaí Dócmhainneachta (CE) Uimh. 1346/2000 (pdf), arna nuashonrú ag Rialachán (AE) Uimh. 663/2014 (pdf).

Téarmaí éigeantacha SDP

Is ann do ghnéithe áirithe nach mór a bheith san SDP:

•Ní mór gurb é 6 bliana uasfhad an chomhaontaithe ach féadfar é sin a shíneadh le bliain amháin ar a mhéid i gcásanna a shonraítear i dtéarmaí an tsocraithe

•Ní mór go ndéanfar idirdhealú soiléir san SDP idir fiachais faoi urrús agus fiachais gan urrús agus soláthar a dhéanamh don bhealach a chaitear leis an urrús a choimeádann an creidiúnaí. Murach go gcomhaontaíonn do chreidiúnaithe faoi urrús ar a mhalairt, féadfaidh said luach iomlán a n-urrúis a fháil, nó suim iomlán an fhiachais má dhíoltar an réadmhaoin. Má chomhaontaíonn siad chun glacadh le luach níos lú ná luach iomlán an urrúis, beidh aisghlámadh i gceist má dhíoltar an t-urrús ar luach a sháraíonn an luach measta ag tráth an tsocraithe.

•Má chloíonn tú le téarmaí an chomhaontaithe, urscaoilfear an chuid eile de d’fhiachas le do chreidiúnaithe neamhurraithe.

•Leanfaidh tú de bheith faoi dhliteanas íoc as fiachais áirithe mura ndéantar foráil shoiléir sa chomhaontú molta do chomhaontú comhréitigh agus gur chomhaontaigh an creidiúnaí i scríbhinn le glacadh leis - féach ‘Fiachais eisiata agus in-eisiata’ thuas

•Ní féidir leis an SDP thú a scaoileadh ó fhíneálacha ná ó aon phionóis airgeadaíochta eile a thagann as cionta coiriúla

•Ní féidir leis éileamh ort aon sócmhainní atá riachtanach go réasúnach le haghaidh d’fhostaíochta nó do ghnó a dhíol mura gcomhaontaíonn tú leis an díol sin

•Níor mhór go bhfágfar leat dóthain ioncaim le caighdeán réasúnta maireachtála a choimeád duit féin agus do do chuid cleithiúnaithe

•Is gá nach n-éilíonn sé ort d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (d’áit chónaithe) a dhiúscairt ná scor de chónaí ann mura gcomhlíontar coinníollacha ar leith – féach ‘Creidiúnaithe urraithe’ thíos

•Is gá go leagann sé amach conas a dhéileálfar le d’fhiachais i gcás do bháis nó d’éagumais mheabhrach

•Is gá go ndéanann sé foráil go ndéanfaidh an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta athbhreithniú ar do chúinsí go tráthrialta (nach mó ná 12 mhí) le linn thréimhse feidhme an SDP; is éard a bheidh i gceist san athbhreithniú seo ná ullmhú a dhéanamh ar Ráiteas Airgeadais Forordaithe nua nach mór a sheoladh chuig na creidiúnaithe go léir.

•Is gá go ndéanann sé foráil do chostais an Chleachtóra um Dhócmhainneacht Phearsanta

Ioncam pinsin

Caithfear le hioncam leanúnach ó phinsean atá infhaighte agat nó le teidlíocht i leith cnapshuim phinsin nó ioncaim i gcomhréir leis an gcód cánach mar shócmhainn nó, de réir mar is infheidhme, mar ioncam ar mhaithe le cuspóirí SDP. D’fhéadfaí a fhoráil i dtéarmaí an SDP go n-íocfar cuid nó an chuid go léir den phinsean/chnapshuim nó den ioncam sin le creidiúnaithe le linn thréimhse an SDP.

Ciste pinsin

Eiseofar do chiste pinsean ó aon SDP más socrú ábhartha pinsin é chun críocha an Achta. Ní socruithe ábhartha pinsin iad Cistí Scoir Formheasta (CSFanna) agus féadfar iad a chur san áireamh in SDP. Beidh dualgas ort bheith trédhearcach maidir le gach ranníocaíocht phinsin stairiúil agus déanfaidh an CDP athbhreithniú orthu seo.

Má mheasann creidiúnaí nó do CDP go ndearna tú ranníocaíochtaí iomarcacha pinsin laistigh de 3 bliana sula ndearna tú iarratas ar SDP, féadtar iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar na ranníocaíochtaí sin a aisghabháil lena ndáileadh ar do chreidiúnaithe.

Creidmheas

Le linn don SDP a bheith i bhfeidhm, ní fhéadfaidh tú creidmheas a fháil le haghaidh aon mhéid níos mó ná €650 gan eolas a thabhairt don iasachtóir go bhfuil SDP agat. Ní fhéadfaidh tú réadmhaoin os cionn luach áirithe a dhíol ná déileáil léi, seachas de réir théarmaí an SDP. Mar sin féin, ní chuirtear aon srianadh den chineál sin ar do chéile ná ar do pháirtnéir sibhialta.

Próiseas an SDP

Ní mór duit do thogra le haghaidh SDP a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is gairmí é sin atá údaraithe ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) agus a ghníomhóidh thar do cheann fad a bhíonn an Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta i bhfeidhm.

D’fhorbair SDÉ prótacail chaighdeánacha ar féidir CDPanna iad a úsáid agus tograí furasta á ndéanamh acu do chreidiúnaithe le haghaidh SDP nó Socrú Réitigh Fiachais.

Ní mór duit gach sonra faoi do chúrsaí airgeadais a nochtadh don CDP, a chuirfidh comhairle ort ina dhiaidh sin maidir le cé acu an gcomhlíonann tú nó nach gcomhlíonann tú na coinníollacha le haghaidh SDP, maidir leis na hiarmhairtí a bheidh air agus maidir le haon roghanna eile, agus na táillí a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc. Ní mór duit gníomhú le hintinn mhaith agus comhoibriú go hiomlán leis an bpróiseas.

Cabhróidh an CDP leat Ráiteas Airgeadais Forordaithe a líonadh mar chuid de d’iarratas, ina dtugtar faisnéis iomlán agus ionraic faoi do chuid cúinsí airgeadais.

Caithfidh tú freisin dearbhú a dhéanamh nach raibh tú ábalta socrú malartach aisíocaíochta a chomhaontú le do chreidiúnaí/chreidiúnaithe nó gur dheimhnigh do chreidiúnaí/chreidiúnaithe i scríbhinn nach bhfuil siad toiliúil socrú eile aisíocaíochta a iontráil maidir le d’áit chónaithe phríobháideach phríomha. Féach ‘Riaráistí morgáiste ar do bhaile’ thuas chun teacht ar rialacha ar leith faoi fhiachas morgáiste.

Caithfidh tú do thoiliú i scríbhinn a thabhairt chun:

•Cur ar chumas an CDP do shonraí pearsanta a nochtadh do SDÉ

•Cur ar chumas SDÉ d’iarratas a phróiseáil

•Cur ar chumas SDÉ aon fhiosruithe riachtanacha fút a dhéanamh, agus

•Cur ar chumas SDÉ do shonraí pearsanta a nochtadh do na creidiúnaithe lena mbaineann, de réir mar is gá

Ní mór duit gníomhú le hintinn mhaith agus comhoibriú go hiomlán leis an bpróiseas, go ginearálta.

Táillí

Rinne SDÉ a tháillí ar na 3 réiteach fiachais a tharscaoileadh go dtí an 31 Nollaig 2023.

Ní ann d’aon scála socraithe táillí do CDPanna, ach ceanglaítear orthu a dtáillí agus a gcostais ghaolmhara a shonrú sula gceaptar iad chun gníomhú thar do cheann.

Deimhniú cosanta

Déanann an Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta d’iarratas a sheoladh chuig SDÉ. Déanann SDÉ cinnte go bhfuil na sonraí go léir i gceart agus, má tá, eisíonn sé deimhniú chuige sin agus cuireann sé na doiciméid go léir ar aghaidh chuig an gcúirt ábhartha (an Chúirt Chuarda i gcásanna a mhéid le €2.5 milliún agus an Ard-Chúirt i gcásanna níos mó). Déanann an chúirt athbhreithniú ar na doiciméid agus, má tá gach ní i gceart, eiseoidh sí deimhniú cosanta. Taifeadann SDÉ sonraí an deimhnithe cosanta ar a Chlár um Dheimhnithe Cosanta.

Cuireann an CDP in iúl do gach duine de do chreidiúnaithe ansin go bhfuil deimhniú cosanta ann agus go bhfuil sé beartaithe agat togra le haghaidh SDP a dhéanamh.

Tabharfaidh an deimhniú cosanta 70 lá duit nach féidir le creidiúnaithe na nithe seo a leanas a dhéanamh lena linn:

•Imeachtaí dlí i leith an fhiachais a thosú ná leanúint d’imeachtaí dlí

•Aon bhearta a dhéanamh ná leanúint d’aon bhearta d’fhonn breithiúnas a fhorghníomhú ná dul i dteagmháil leat i dtaobh an fhiachais mura gcomhaontaíonn tú leis sin

•Imeachtaí dlí i d’aghaidh a thosú ná leanúint d’imeachtaí dlí i d’aghaidh

Féadfaidh an chúirt tréimhse an deimhnithe cosanta a shíneadh le 40 lá sa bhreis más deimhin léi:

•Gur ghníomhaigh tusa agus an CDP le hintinn mhaith agus le brostú réasúnach, agus

•Gur dócha, sa chás go ndeonaítear an síneadh, go ndéanfar togra le haghaidh SDP ar dóigh go nglacfaidh na creidiúnaithe leis agus go gcuirfidh tú i gcrích é go rathúil

Féadfaidh an chúirt tréimhse an deimhnithe cosanta a shíneadh le 40 lá sa bhreis, nó le tréimhse bhreise a fhaide le 40 lá, nuair a bhíonn cúinsí eisceachtúla nó cúinsí eile i gceist nach bhfuil aon neart agat féin nó ag an CDP orthu.

Féadfaidh creidiúnaí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar ordú lena dtugtar treoir nach mbeidh feidhm ag an deimhniú cosanta leis nó léi. Ní dheonóidh an chúirt an t-ordú seo ach amháin más deimhin léi go mbeadh sé ina chúis le caillteanas doleasaithe don chreidiúnaí nach dtarlódh ar shlí eile mura dtabharfaí an t-ordú agus nach ndéanfaí dochar éagórach d’aon chreidiúnaí eile ar tugadh fógra dó/di faoin deimhniú cosanta.

Teagmháil a dhéanamh le do chreidiúnaithe

A luaithe is a dheonaítear an deimhniú cosanta, ní mór don CDP iarraidh ar na creidiúnaithe lena mbaineann tograí a dhéanamh faoin dóigh a bhféadfaí déileáil leis na fiacha mar chuid de SDP. Ní mór do Ráiteas Airgeadais Forordaithe a thabhairt do na creidiúnaithe.

Creidiúnaithe urraithe

Caithfear soláthar a dhéanamh sa SDP don bhealach a chaitear le hurrús atá á choimeád ag do chreidiúnaithe. Murach go gcomhaontaíonn lena mhalairt, féadfaidh said luach iomlán a n-urrúis a fháil, nó suim iomlán an mhéid atá le híoc agat leo má dhíoltar an t-urrús (cosúil leis an dara réadmhaoin).

Agus an togra le haghaidh SDP á cheapadh, cinnteoidh an CDP, a oiread is féidir go réasúnach, nach n-éileofar ort d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (do theach) a dhíol ná bogadh amach as. Más mian leat bogadh amach, nó má chreideann an CDP gur mór go díréireach atá na costais reatha chun fanacht i do theach, féadfaidh an SDP foráil a dhéanamh duit chun bogadh amach as.

Cruinniú na gcreidiúnaithe

Nuair a thoilíonn tú leis an togra le haghaidh SDP a cheap do CDP, ní mór don CDP cruinniú na gcreidiúnaithe a ghairm. Más rud nach bhfuil ach creidiúnaí amháin ann, féadfaidh sé nó sí scríobh chuig an CDP chun comhaontú nó diúltú a chur in iúl. Vótálann na creidiúnaithe ar cé acu an nglacfaidh siad nó nach nglacfaidh siad leis an socrú beartaithe. Tá gach vóta i gcomhréir leis an méid fiachais atá dlite leis an gcreidiúnaí sin. Caithfidh creidiúnaithe arb ionann iad agus 65% nó níos mó de luach iomláin an fhiachais – nach bhfuil agus atá faoi urrús – vótáil i bhfabhar glacadh leis an socrú. Anuas air sin, caithfidh breis agus 50% de do chreidiúnaithe urraithe agus 50% de do chreidiúnaithe neamhurraithe vótáil ina fhabhar.

Déantar foráil san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015 d’athbhreithniú cúirte a dhéanamh nuair a dhiúltaíonn iasachtóir morgáiste togra dócmhainneachta pearsanta an iasachtaí. Is féidir níos mó a léamh faoin bpróiseas seo i bpreaseisiúint SDÉ (pdf).

Cuireann scéim cúnaimh agus comhairle Abhaile do dhaoine a bhfuil riaráistí tromchúiseacha morgáiste acu ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil d’iasachtaithe incháilithe a bhfuil athbhreithniú cúirte den saghas sin á lorg acu.

Má ghlactar leis an togra, caithfidh an CDP fógra a thabhairt don tSeirbhís Dócmhainneachta agus insint do chreidiúnaithe faoina gceart chun agóid a dhéanamh chuig an gcúirt ábhartha (an Chúirt Chuarda i gcásanna a mhéid le €2.5 milliún agus an Ard-Chúirt i gcásanna níos mó). Tugann an tSeirbhís Dócmhainneachta fógra don chúirt. Más rud é go bhfuil aon agóid ann, beidh an deimhniú cosanta i bhfeidhm go dtí go gcinnfear an t-ábhar.

Agóidí a dhéanann creidiúnaithe

Is teoranta atá na forais ar a bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh theacht in éifeacht an tSocraithe um Dhócmhainneacht Phearsanta agus áirítear na nithe seo a leanas leis:

•D’eagraigh tú do chúrsaí sa 2 bhliain roimhe go príomha d’fhonn éirí incháilithe le haghaidh Socrú Réitigh Fiachais nó Socraithe um Dhócmhainneacht Phearsanta

•Níor cloíodh leis na ceanglais nós imeachta

•Tá míchruinneas ábhartha nó easnamh i do Ráiteas Airgeadais Forordaithe atá mar chúis le dochar ábhartha don chreidiúnaí

•Níor chomhlíon tú na riachtanais nuair a beartaíodh an socrú

•Déanann an socrú dochar éagórach do leasanna creidiúnaí

•Rinne tú cion faoin reachtaíocht um Dhócmhainneacht Phearsanta

•D’iontráil idirbheart ar ghannluach nó thug tú tosaíocht do dhuine sna trí bliana roimhe sin a chuir, ar bhealach ábhartha, le do neamhábaltacht chun d’fhiachais a íoc

Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta a eisiúint

Mura ndéantar aon agóid nó mura seastar le hagóid, ceadóidh an chúirt an Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha go léir. Taifeadann an tSeirbhís Dócmhainneachta an SDP ina Clár Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta agus cuirtear i bhfeidhm é.

Cáin Mhaoine Áitiúil a chur siar

A luaithe a d’iontráil isteach i Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a chur siar fad a bhíonn an SDP i bhfeidhm. Is féidir níos mó a léamh ar revenue.ie.

Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta a athrú

Féadfar Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta a athrú – tá na nósanna imeachta cosúil leo sin le haghaidh an socrú a bhunú.

Féadfaidh creidiúnaí nó CDP iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt tráth ar bith le linn an tSocraithe um Dhócmhainneacht Phearsanta ar dheireadh a chur leis. Is teoranta do na forais le haghaidh iarratais den chineál sin agus áirítear na nithe seo a leanas leo:

•Tá míchruinneas ábhartha nó easnamh i do Ráiteas Airgeadais Forordaithe atá mar chúis le dochar ábhartha don chreidiúnaí

•Níor chomhlíon tú na riachtanais nuair a thosaigh tú an próiseas

•Níor chloígh tú le téarmaí an tSocraithe um Dhócmhainneacht Phearsanta

•Rinne tú cion faoin reachtaíocht um dhócmhainneacht phearsanta ó tháinig an socrú in éifeacht

•Níor íoc tú d’íocaíochtaí ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 mhí

Tá an liosta iomlán foras in Alt 122 den Acht um Dócmhainneacht Phearsanta, 2012.

Má tá riaráistí le d’íocaíochtaí ar feadh níos mó ná 6 mhí, measfar gur theip ar an SDP. Taifeadtar é sin sa Chlár Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta.

Deireadh a chur le Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta

Más é rud ar bith eile seachas cur i gcrích rathúil is cúis le deireadh an tsocraithe, beidh tú faoi dhliteanas iomlán as gach fiachas sonraithe, lena n-áirítear riaráistí, muirir agus ús a fabhraíodh le linn thréimhse an SDP, lúide aon íocaíochtaí a rinne tú le linn na tréimhse sin, mura sonraítear a mhalairt i dtéarmaí an SDP nó murar ordaigh an chúirt a mhalairt.

Má chuirtear an socrú i gcrích go rathúil, urscaoilfear thú ó na fiachais neamhurraithe a chumhdaíonn an socrú. Urscaoilfear thú ó na fiachais urraithe, seachas nuair a rinneadh soláthar go sainráite dó seo san SDP. Taifeadtar an cur i gcrích rathúil sa Chlár um Shocruithe Réitigh Fiachais.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór d’iarratas ar Shocrú Réitigh Fiachais a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is féidir Cleachtóir a roghnú ó Chlár na gCleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta a fhoilsíonn SDÉ.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ó líne chabhrach SDÉ, (01) 764 4200 (ó Luan go hAoine, idir 9 am agus 6 pm) agus óna phríomhláithreán gréasáin isi.gov.ie, anuas ar a láithreán gréasáin backontrack.ie do dhaoine a bhfuil ag streachailt leo le fiachas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Meitheamh 2022