Socruithe Réitigh Fiachais

Réamhrá

Tá Socrú Réitigh Fiachais (SRF) ar cheann de 3 mheicníocht réitigh fiachais do dhaoine nach bhfuil d’acmhainn acu a bhfiachais phearsanta a íoc. Cuireann na meicníochtaí seo réitigh dhifriúla ar fáil do dhaoine i gcásanna éagsúla.

Baineann an Socrú Réitigh Fiachais le réiteach comhaontaithe fiachas nach bhfuil faoi urrús, mar shampla, iasachtaí pearsanta, rótharraingtí, iasachtaí cárta creidmheasa nó iasachtaí comhar creidmheasa. Is gnách go mbíonn an socrú i gceist i gcaitheamh tréimhse 5 bliana. Is féidir an teorainn 5 bliana a mhéadú go 6 bliana i gcásanna áirithe. Nuair a chuirtear an SRF i gcrích go rathúil, urscaoilfear na fiachais a chlúdaíonn sé agus beidh an féichiúnaí sócmhainneach athuair.

Déantar cur síos sa cháipéis seo ar conas cáiliú do SRF agus conas a oibrítear an próiseas SRF.

D’fhoilsigh Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) eolas mionsonraithe faoi SRFanna, cásanna féideartha, Ceisteanna Coitianta agus leabhrán san áireamh. Cuireann sé eolas breise ar SRFanna ar fáil freisin, mearthreoir (pdf) san áireamh, ar a láithreán gréasáin backontrack.ie, atá dírithe ar dhaoine a bhfuil ag streachailt leo le fiachas.

Is féidir leat léargas ginearálta ar roghanna dócmhainneachta pearsanta a léamh anseo.

An bhfuil mé incháilithe?

Déanann Socruithe Réitigh Fiachais foráil do shocrú comhaontaithe fiachas i gcás daoine a bhfuil fiachais nach bhfuil faoi urrús acu agus nach bhfuil aon ionchas acu go mbeidh siad ábalta a bhfiachais a íoc sna 5 bliana romhainn. Féadfaidh tú SRF a roghnú má tá fiachais faoi urrús agat freisin, ach ní chumdóidh an SRF d’fhiachais faoi úrrús. Féach ‘Fiachais faoi urrús agus nach bhfuil urrús’ thíos le haghaidh míniú ar na téarmaí sin a fháil.

Ní féidir leat SRF a fháil ach uair amháin i do shaol. Ní féidir leat SRF a fháil má tá baint agat i gceann de na próisis eile réitigh fiachais a tugadh isteach san Acht, nó sa phróiseas féimheachta. Ní fhéadfaidh tú SRF a fháil ach oiread más rud é gur chuir tú Socrú Dócmhainneachta Pearsanta nó féimheacht i gcrích le 5 bliana anuas nó gur chuir tú Fógra um Fhaoiseamh Fiachais i gcrích le 3 bliana anuas.

Ní fhéadfaidh tú SRF a fháil ach trí chomhaontú a fháil ó fhormhór do chreidiúnaithe nach bhfuil faoi urrús – féach Príomhghnéithe SRF thíos.

Sula ndéanann tú d’iarratas, caithfidh go bhfuil sainchónaí ort sa Stát nó, laistigh de bhliain, go raibh tú i do chónaí sa Stát nó go raibh áit ghnó agat sa Stát.

Fiachais faoi urrús agus nach bhfuil urrús

Ní chumhdaíonn Socrú Réitigh Fiachais ach fiachais nach bhfuil faoi urrús, mar sin, is tábhachtach fios a bheith agat cibé acu an bhfuil d’fhiachais faoi urrús nó nach bhfuil.

Iasacht atá i bhfiachas faoi urrús ar a bhfuil fáil ar réadmhaoin nó earraí mar urrús i leith neamhíocaíochta. Is iad morgáistí agus iasachtaí gluaisteáin na hiasachtaí is coitianta d’iasachtaí faoi urrús.

Roinnt samplaí d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús iad: riaráiste bille fóntais (gás, leictreachas, etc.); fiachas cárta creidmheasa; rótharraingtí bainc; iasachtaí comhar creidmheasa. Má tá siad in éineacht le do mhorgáiste, áfach, déantar iasachtaí faoi urrús díobh.

Fiachais cháilitheacha

Faoi mar a luaitear thuas, is iad an t-aon fhiachais is féidir le SRF a chumhdach fiachais nach bhfuil faoi urrús. Níl aon teorainn ar an méid iomlán fiachais is féidir a chumhdach. Mar sin féin, más rud é nach bhfuil d’fhiachas iomlán bhfuil faoi urrús agus go bhfuil sé cothrom le €35,000 nó níos lú, féadfaidh tú Fógra um Fhaoiseamh Fiachais a roghnú in ionad SRF.

Má tá roinnt fiachas faoi urrús agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Shocrú um Dhócmhainneacht Phearsanta, rud a fhéadann fiachais faoi urrús agus fiachais nach bhfuil faoi urrús a chumhdach. Mar sin féin, más féidir leat d’fhiachais faoi urrús a bhainistiú, trí aisíocaíochtaí iomlána a dhéanamh nó trí shocrú a chomhaontú le do chreidiúnaithe faoi urrús (ar nós aisíocaíochtaí úis amháin a dhéanamh in aghaidh do mhorgáiste), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Shocrú um Dhócmhainneacht Fiachais le d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús a chumhdach ar leithligh.

Is gá gur cruthaíodh ar a laghad trí cheathrú (75%) de d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús 6 mhí ar a laghad sula ndéanann tú iarratas ar SRF – is é sin le rá, ní fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar SRF má tabhaíodh 25% de d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús le 6 mhí anuas.

Fiachais eisiata

Sonraítear san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 saghsanna áirithe d’fhiachas nach féidir a dhíscríobh leis na nósanna imeachta nua réitigh fiachais, a n-áirítear an Socrú Réitigh Fiachais leo. Tugtar fiachas eisiata orthu seo.

Is iad na saghsanna fiachais a eisítear agus nach féidir a chumhdach le SRF:

•Fiachas faoi orduithe dlí teaghlaigh, ar nós orduithe cothabhála do chéilí agus leanaí

•Fiachas atá le híoc faoi dhámhachtain chúirte mar gheall ar ghortú pearsanta nó bás éagórach

•Fiachas a eascraíonn ó iasacht (nó staonadh iasachta) a fuarthas mar gheall ar chalaois nó éagóir dá samhail sin

•Fiachas a eascraíonn faoi fhíneálacha a ghearr na cúirteanna i ngeall ar chionta coiriúla nó orduithe cúirte a rinneadh faoi na hAchtanna um Fháltais ó Choireacht

Fiachais in-eisiata

Sonraítear san Acht saghsanna áirithe eile d’fhiachas atá in-eisiata ó SRF. Ciallaíonn seo gur féidir leis an SRF iad a chumhdach má iarrtar ar an gcreidiúnaí agus má aontaíonn sé/sí le hiad a áireamh – agus sa chás sin, déantar fiachas ceadaithe astu – arb ionann sin agus fiachas a cheadaíonn an creidiúnaí a chumhdach. Más rud é go n-iarrtar ar an gcreidiúnaí déanamh amhlaidh agus nach bhfreagraíonn sé/sí, measfar gur thug an creidiúnaí toiliú le cur san áireamh na bhfiachas. Is fiachas in-eisiata an chuid is mó den fhiachas atá le híoc leis an Stát.

Is iad na saghsanna fiachais atá in-eisiata agus a bhféadfar iad a chumhdach má chomhaontaíonn an creidiúnaí:

•Cánacha, dleachtanna. muirir nó tobhaigh atá le híoc leis an Stát, ar nós cáin ioncaim, Cáin Mhaoine Áitiúil, CBL, cánacha caipitil

•Muirir sheirbhíse atá le híoc le húdaráis áitiúla

•Rátaí

•Airgead atá le híoc faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais (i dtaca le hiasacht a réamhíoc FSS le cónaitheoir i dteach altranais chun íoc as an méid atá le híoc ón áit chónaithe phríobháideach phríomha)

•Airgead atá le híoc leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, cosúil le ró-íocaíochtaí.

•Fiachas atá le híoc le cuideachtaí bainistíochta úinéirí maidir le muirir nó le ranníocaíochtaí bliantúla seirbhíse atá le híoc le haghaidh forbairtí ilaonaid (seo an t-aon fhiachas neamh-Stáit sa chatagóir seo)

Príomhghnéithe SRF

Ní mór duit do thogra le haghaidh Socrú Réitigh Fiachais a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP) – féach an próiseas SRF thíos.

Ní mór an togra le haghaidh SRF a bheith comhaontaithe agat agus faofa ag cruinniú na gcreidiúnaithe ina dhiaidh sin. Ní mór an SRF molta tacaíocht a fháil ó chreidiúnaithe a dhéanann ionadaíocht do 65% ar a laghad den fhiachas iomlán a chumhdaíonn sé.

Is féidir go mbeidh sé i gceist le SRF go ndéanfaidh tú íocaíochtaí rialta de na méideanna comhaontaithe le do Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta, a dháilfidh iad ar do chreidiúnaithe de réir théarmaí an SRF.

Ní fhéadfaidh do chreidiúnaithe caingean a thionscnamh i d’aghaidh chun an fiachas a fhorghníomhú le linn shaolré an SRF. Má chloíonn tú le téarmaí an SRF, urscaoilfear an chuid eile de d’fhiachas leis na creidiúnaithe a chumhdaigh sé agus beidh tú sócmhainneach athuair.

Aitheantas trasteorann

Tá an SRF ainmnithe mar imeacht dócmhainneachta ar féidir leis leas a bhaint as aitheantas trasteorann. Fágann sé sin go mbeidh an chosaint chéanna ar chreidiúnaithe i bhformhór na dtíortha eile den AE is atá aige/aici in Éirinn ag féichiúnaí atá ag baint leasa as SRF, faoi réir agus de réir an an Rialacháin maidir le hImeachtaí Dócmhainneachta (CE) Uimh. 1346/2000 (pdf), arna nuashonrú ag Rialachán (AE) Uimh. 663/2014 (pdf).

Téarmaí éigeantacha SRF

Is ann do ghnéithe áirithe nach mór a bheith san SRF:

•Ní mór gurb é 5 bliana uasfhad an chomhaontaithe ach féadfar é sin a shíneadh le bliain amháin ar a mhéid i gcásanna a shonraítear i dtéarmaí an tsocraithe

•Má chloíonn tú le téarmaí an chomhaontaithe, urscaoilfear na fiachais eile atá le híoc agat leis na creidiúnaithe a chumhdaítear san SRF

•Leanfaidh tú de bheith faoi dhliteanas íoc as fiachais áirithe mura ndéantar foráil shoiléir sa chomhaontú molta do chomhaontú comhréitigh agus gur chomhaontaigh an creidiúnaí i scríbhinn le glacadh leis - féach ‘Fiachais eisiata’ agus ‘Fiachais in-eisiata’ thuas

•Ní féidir leis an SRF thú a scaoileadh ó fhíneálacha ná ó aon phionóis airgeadaíochta eile a thagann as cionta coiriúla

•Ní féidir leis éileamh ort aon sócmhainní atá riachtanach go réasúnach le haghaidh d’fhostaíochta nó do ghnó a dhíol mura gcomhaontaíonn tú leis an díol sin

•Níor mhór go bhfágfar leat dóthain ioncaim le caighdeán réasúnta maireachtála a choimeád duit féin agus do do chuid cleithiúnaithe

•Is gá nach n-éilíonn sé ort d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (d’áit chónaithe) a dhiúscairt ná scor de chónaí ann mura gcomhlíontar coinníollacha ar leith

•Is gá go leagann sé amach conas a dhéileálfar le d’fhiachais i gcás do bháis nó d’éagumais mheabhrach

•Is gá go ndéanann sé foráil go ndéanfaidh an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta athbhreithniú ar do chúinsí go tráthrialta (nach mó ná 12 mhí) le linn thréimhse feidhme an SRF; is éard a bheidh i gceist san athbhreithniú seo ná ullmhú a dhéanamh ar Ráiteas Airgeadais Forordaithe nua nach mór a sheoladh chuig na creidiúnaithe go léir.

•Is gá go ndéanann sé foráil do chostais an Chleachtóra um Dhócmhainneacht Phearsanta

Ioncam pinsin

Má tá tú i dteideal ioncam pinsin nó cnapshuim phinsin a fháil, déileálfar leis/léi mar ioncam/shócmhainn chun críche an tSocraithe Réitigh Fiachais. Féadfaidh téarmaí an SRF foráil a dhéanamh go n-íocfar an chnapshuim phinsin nó an t-ioncam pinsin ar fad, nó cuid di/de, le do chreidiúnaithe le linn don SRF bheith i bhfeidhm.

Ciste pinsin

Eiseofar do chiste pinsean féin ó aon socrú DSA más socrú ábhartha pinsin é chun críche an Achta. Ní socruithe ábhartha pinsin iad Cistí Scoir Formheasta (CSFanna) agus féadfar iad a chur san áireamh i socrú SRF.

Ní mór duit bheith follasach i leith gach ranníocaíochta pinsin a rinne tú roimhe seo. Déanfaidh an CDP athbhreithniú orthu sin agus, sa chás go measann an CDP nó creidiúnaí go ndearna tú ranníocaíochtaí iomarcacha pinsin laistigh de 3 bliana sula ndearnadh iarratas ar dheimhniú cosanta, féadfaidh duine amháin díobh iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar na ranníocaíochtaí sin a aisghabháil lena ndáileadh ar chreidiúnaithe.

Creidmheas

Le linn don SRF a bheith i bhfeidhm, ní fhéadfaidh tú creidmheas a fháil le haghaidh aon mhéid níos mó ná €650 gan eolas a thabhairt don iasachtóir go bhfuil SRF agat. Ní fhéadfaidh tú réadmhaoin os cionn luach áirithe a dhíol ná déileáil léi, seachas de réir théarmaí an SRF. Mar sin féin, ní chuirtear aon srianadh den chineál sin ar do chéile ná ar do pháirtnéir sibhialta.

An próiseas SRF

Ní mór duit do thogra le haghaidh SRF a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is gairmí é sin atá údaraithe ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ) agus a ghníomhóidh thar do cheann fad a bhíonn an Socrú Réitigh Fiachais i bhfeidhm.

D’fhorbair SDÉ prótacal caighdeánach ar féidir CDPanna é a úsáid agus tograí furasta á ndéanamh acu do chreidiúnaithe le haghaidh SRF.

Ní mór duit gach sonra faoi do chúrsaí airgeadais a nochtadh don CDP, a chuirfidh comhairle ort ina dhiaidh sin maidir le cé acu an gcomhlíonann tú nó nach gcomhlíonann tú na coinníollacha le haghaidh SRF, maidir leis na hiarmhairtí a bheidh air agus maidir leis na táillí a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc. Chomh maith leis sin, cuirfidh an CDP comhairle ort maidir le haon roghanna eile atá ar fáil.

Cabhróidh an CDP leat Ráiteas Airgeadais Forordaithe a chomhlíonadh, ina dtugtar faisnéis iomlán agus ionraic faoi do chuid cúinsí airgeadais.

Caithfidh tú freisin dearbhú a dhéanamh nach raibh tú ábalta socrú malartach aisíocaíochta a chomhaontú le do chreidiúnaí/chreidiúnaithe.

Caithfidh tú do thoiliú i scríbhinn a thabhairt chun:

•Cur ar chumas an CDP do shonraí pearsanta a nochtadh do SDÉ

•Cur ar chumas SDÉ d’iarratas a phróiseáil

•Cur ar chumas SDÉ aon fhiosruithe riachtanacha fút a dhéanamh, agus

•Cur ar chumas SDÉ do shonraí pearsanta a nochtadh do na creidiúnaithe lena mbaineann, de réir mar is gá

Ní mór duit gníomhú le hintinn mhaith agus comhoibriú go hiomlán leis an bpróiseas, go ginearálta.

Táillí

Rinne SDÉ a tháillí ar na 3 réiteach fiachais a tharscaoileadh go dtí an 31 Nollaig 2023.

Ní ann d’aon scála socraithe táillí do CDPanna, ach ceanglaítear orthu a dtáillí agus a gcostais ghaolmhara a shonrú sula gceaptar iad chun gníomhú thar do cheann.

Deimhniú cosanta

Seolann an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta d’iarratas chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta. Déanann SDÉ cinnte go bhfuil na sonraí go léir i gceart agus, má tá, eisíonn sé deimhniú chuige sin agus cuireann sé na doiciméid go léir ar aghaidh chuig an gcúirt ábhartha (an Chúirt Chuarda i gcásanna a mhéid le €2.5 milliún agus an Ard-Chúirt i gcásanna níos mó). Déanann an chúirt athbhreithniú ar na doiciméid agus, má tá gach ní i gceart, eiseoidh sí deimhniú cosanta. Taifeadann an tSeirbhís Dócmhainneachta sonraí an deimhnithe cosanta ar a Clár um Dheimhnithe Cosanta.

Cuireann an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta in iúl do gach duine de do chreidiúnaithe ansin go bhfuil deimhniú cosanta ann agus go bhfuil sé beartaithe agat togra le haghaidh SRF a dhéanamh.

Tabharfaidh an deimhniú cosanta 70 lá duit nach féidir le creidiúnaithe na nithe seo a leanas a dhéanamh lena linn:

•Imeachtaí dlí i leith an fhiachais a thosú ná leanúint d’imeachtaí dlí

•Aon bhearta a dhéanamh ná leanúint d’aon bhearta d’fhonn breithiúnas a fhorghníomhú ná dul i dteagmháil leat i dtaobh an fhiachais mura gcomhaontaíonn tú leis sin

•Imeachtaí dlí i d’aghaidh a thosú ná leanúint d’imeachtaí dlí i d’aghaidh

Féadfaidh an chúirt tréimhse an deimhnithe cosanta a shíneadh le 40 lá sa bhreis más deimhin léi:

•Gur ghníomhaigh tusa agus an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta le hintinn mhaith agus le brostú réasúnach, agus

•Gur dócha, sa chás go ndeonaítear an síneadh, go ndéanfar togra le haghaidh SRF ar dóigh go nglacfar na creidiúnaithe leis agus go gcuirfidh tú i gcrích é go rathúil

Féadfaidh an chúirt tréimhse an deimhnithe cosanta a shíneadh le 40 lá sa bhreis, nó le tréimhse bhreise a fhaide le 40 lá, nuair a bhíonn cúinsí eisceachtúla nó cúinsí eile i gceist nach bhfuil aon neart agat féin nó ag an CDP orthu.

Féadfaidh creidiúnaí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar ordú lena dtugtar treoir nach mbeidh feidhm ag an deimhniú cosanta leis nó léi. Ní dheonóidh an chúirt an t-ordú seo ach amháin más deimhin léi go mbeadh sé ina chúis le caillteanas doleasaithe don chreidiúnaí nach dtarlódh ar shlí eile mura dtabharfaí an t-ordú agus nach ndéanfaí dochar éagórach d’aon chreidiúnaí eile ar tugadh fógra dó/di faoin deimhniú cosanta.

Togra SRF a cheapadh

A luaithe is a dheonaítear an deimhniú cosanta, ní mór don PIP iarraidh ar na creidiúnaithe lena mbaineann tograí a dhéanamh faoin dóigh a bhféadfaí déileáil leis na fiacha mar chuid de SRF. Ní mór do Ráiteas Airgeadais Forordaithe a thabhairt do na creidiúnaithe.

D’fhonn cabhrú leis an CDP an togra a cheapadh, éileofar ort cuntas ionraic cruinn a chur ar fáil ar do chostais mhaireachtála, ar do phleananna saoil agus ar aon chúinsí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don mhéid de d’fhiachais a fhéadann tú a íoc faoi láthair agus a fhéadfaidh tú a íoc sa todhchaí.

Agus an togra le haghaidh SRF á cheapadh, cinnteoidh an CDP, a oiread is féidir go réasúnach, nach n-éileofar ort d’áit chónaithe phríobháideach phríomha (do theach) a dhíol ná bogadh amach as. Más mian leat bogadh amach, nó má chreideann an CDP gur mór go díréireach atá na costais reatha chun fanacht i do theach, féadfaidh an SRF foráil a dhéanamh duit chun bogadh amach as.

Cruinniú na gcreidiúnaithe

Nuair a thoilíonn tú leis an togra le haghaidh SRF a cheap do CDP, ní mór don CDP cruinniú na gcreidiúnaithe a ghairm. Más rud nach bhfuil ach creidiúnaí amháin ann, féadfaidh sé nó sí scríobh chuig an CDP chun comhaontú nó diúltú a chur in iúl. Vótálann na creidiúnaithe ar cé acu an nglacfaidh siad nó nach nglacfaidh siad leis an socrú beartaithe. Tá gach vóta i gcomhréir leis an méid fiachais atá dlite leis an gcreidiúnaí sin. Le go nglacfar leis an socrú, ní mór do chreidiúnaithe a dhéanann ionadaíocht do 65% nó níos mó de luach iomláin d’fhiachais nach bhfuil faoi urrús vótáil i bhfabhar an togra.

Má dhiúltaíonn na creidiúnaithe don togra, ní bheidh éifeacht ag an deimhniú cosanta a thuilleadh agus beidh deireadh le cur leis an bpróiseas SRF.

Má ghlactar leis an togra, caithfidh an CDP fógra a thabhairt don tSeirbhís Dócmhainneachta agus insint do chreidiúnaithe faoina gceart chun agóid a dhéanamh chuig an gcúirt ábhartha (an Chúirt Chuarda i gcásanna a mhéid le €2.5 milliún agus an Ard-Chúirt i gcásanna níos mó). Tugann an tSeirbhís Dócmhainneachta fógra don chúirt. Más rud é go bhfuil aon agóid ann, beidh an deimhniú cosanta i bhfeidhm go dtí go gcinnfear an t-ábhar.

Agóidí a dhéanann creidiúnaithe

Is teoranta atá na forais ar a bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh theacht in éifeacht an tSocraithe Réitigh Fiachais agus áirítear na nithe seo a leanas leis:

•D’eagraigh tú do chúrsaí sa 2 bhliain roimhe go príomha d’fhonn éirí incháilithe le haghaidh Socrú Réitigh Fiachais nó Socraithe um Dhócmhainneacht Phearsanta

•Níor cloíodh leis na ceanglais nós imeachta

•Tá míchruinneas ábhartha nó easnamh i do Ráiteas Airgeadais Forordaithe atá mar chúis le dochar ábhartha don chreidiúnaí

•Níor chomhlíon tú na riachtanais nuair a beartaíodh an socrú

•Déanann an socrú dochar éagórach do leasanna creidiúnaí

•Rinne tú coir faoin reachtaíocht um dhócmhainneacht phearsanta

•D’iontráil idirbheart ar ghannluach nó thug tú tosaíocht do dhuine sna trí bliana roimhe sin a chuir, ar bhealach ábhartha, le do neamhábaltacht chun d’fhiachais a íoc

Socrú Réitigh Fiachais a eisiúint

Mura ndéantar aon agóid nó mura seastar le hagóid, ceadóidh an chúirt an Socrú Réitigh Fiachais más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha go léir. Taifeadann an tSeirbhís Dócmhainneachta an SRF ina Clár Socruithe Réitigh Fiachais agus cuirtear i bhfeidhm é.

Cáin Mhaoine Áitiúil a chur siar

A luaithe a d’iontráil isteach i Socrú Réitigh Fiachais, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a chur siar fad a bhíonn an SRF i bhfeidhm. Is féidir níos mó a léamh ar revenue.ie.

Socrú Réitigh Fiachais a athrú nó deireadh a chur leis

Féadfar Socruithe Réitigh Fiachais a athrú má tá athrú ábhartha ar chúinsí féichiúnaí a rachadh i bhfeidhm ar a (h)ábaltacht aisíocaíochtaí a dhéanamh faoin SRF – tá na nósanna imeachta cosúil leo sin le haghaidh an socrú a bhunú.

Féadfaidh creidiúnaí nó CDP iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt tráth ar bith le linn an tSocraithe Réitigh Fiachais ar dheireadh a chur leis. Is teoranta a bheidh na forais le haghaidh iarratais den chineál sin agus áirítear na nithe seo a leanas leis:

•Tá míchruinneas ábhartha nó easnamh i do Ráiteas Airgeadais Forordaithe atá mar chúis le dochar ábhartha don chreidiúnaí

•Níor chomhlíon tú na critéir cháilitheachta nuair a thosaigh tú an próiseas

•Níor chloígh tú le téarmaí an tSocraithe Réitigh Fiachais

•Rinne tú cion faoin reachtaíocht um dhócmhainneacht phearsanta ó tháinig an socrú in éifeacht

•Níor íoc tú d’íocaíochtaí ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 mhí

Tá an liosta iomlán foras in Alt 83 den Acht um Dócmhainneacht Phearsanta, 2012.

Má tá riaráistí le d’íocaíochtaí ar feadh níos mó ná 6 mhí, measfar gur theip ar an SRF. Taifeadtar é sin sa Chlár um Shocruithe Réitigh Fiachais.

Nuair atá deireadh curtha le Socrú Réitigh Fiachais

Más é rud ar bith eile seachas cur i gcrích rathúil is cúis le deireadh an tsocraithe, beidh tú faoi dhliteanas iomlán as gach fiachas sonraithe, lena n-áirítear riaráistí, muirir agus ús a fabhraíodh le linn thréimhse an SRF, lúide aon íocaíochtaí a rinne tú le linn na tréimhse sin, mura sonraítear a mhalairt i dtéarmaí an SRF nó murar ordaigh an chúirt a mhalairt.

Má chuirtear an socrú i gcrích go rathúil, urscaoilfear thú ó na fiachais a chumhdaíonn an SRF. Taifeadtar an cur i gcrích rathúil sa Chlár um Shocruithe Réitigh Fiachais. Tá tú sócmhainneach anois.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór d’iarratas ar Shocrú Réitigh Fiachais a dhéanamh trí Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP). Is féidir Cleachtóir a roghnú ó Chlár na gCleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta a fhoilsíonn SDÉ.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ó líne chabhrach SDÉ, (01) 764 4200 (ó Luan go hAoine, idir 9 am agus 6 pm) agus óna phríomhláithreán gréasáin isi.gov.ie, anuas ar a láithreán gréasáin backontrack.ie do dhaoine a bhfuil ag streachailt leo le fiachas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Feabhra 2022