Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Airgeadas pearsanta > Fiacha > Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid a úsáid

Print Page Send to a Friend

Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid a úsáid

Eolas

Ag déanamh do chéad choinne

Cuir glaoch ar Líne Chabhrach na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) agus labhróidh comhairleoir oilte na Líne Chabhrach leat faoi do chúrsaí airgid agus cuirfear comhairle ort. Cuirfear roinnt eolais chugat saor in aisce a chabhróidh leat plé le do chuid fadhbanna airgid.

Más mian leat fós labhairt le Comhairleoir Airgid in oifig áitiúil, tabharfaidh Líne Chabhrach SBCA an t-eolas atá riachtanach duit le coinne a dhéanamh le d’oifig áitiúil.

Is féidir leat dul chuig d’oifig áitiúil SBCA chun coinne a dhéanamh freisin.

Nuair a théann tú chuig d’oifig SBCA áitiúil labhróidh tú le riarthóir na hoifige de ghnáth. Tógfaidh sé/sí sonraí áirithe uait agus déanfar coinne duit. Ba chóir duit a rá ag an gcéim seo más cás éigeandála atá ann. Má tá fíor-eagla ort faoi do chás, ba chóir duit é seo a rá freisin.

Tá liosta feithimh ag oifigí áirithe do choinní agus d’fhéadfaidís daoine a fheiceáil ar bhonn tosaíochta. Fad is atá tú ag feitheamh ar do choinne is féidir leat dul i dteagmháil le Líne Chabhrach SBCA agus cabhróidh Comhairleoir Líne Chabhrach SBCA leat ullmhú le haghaidh do chéad choinne.

Ag dul go dtí do chéad choinne, ba cheart iad seo a leanas a thabhairt leat

  • Aon litreacha a fuair tú ó do chreidiúnaithe nó a gcuid dlídóirí (má bhí tú ró-eaglach iad a oscailt, tabhair leat iad dúnta , agus osclóidh an comhairleoir airgid iad).
  • Má tá cuntas comhar creidmheasa agat, tabhair leat do leabhar agus na ráitis is déanaí.
  • Má tá cuntas agat le díoltóir ó dhoras-go-doras nó úsairí airgid, tabhair leat do chuid leabhra (fiú muna bhfuil siad suas-chun-dáta).
  • Aon pháipéirí nó ráitis cíosa, gáis, leictreachais, guthán nó cuntais cábla.
  • Ráitis Bhainc agus sonraí faoi aon fhiacha eile.
  • Sonraí d'ioncam - do dhuillín phá má tá tú ag obair nó do leabhar íocaíocht Leasa Shóisialaigh nó admháil ó óifig an phoist má tá tú dí-fhostaithe.
  • Aon chonradh morgáiste nó airgeadais chairr atá sínithe agat.

Muna bhfuil aon cheann de na páipéir seo agat nó má dhéanann tú dearmad ar aon cheann acu agus tú ag dul go dtí an coinne, glac leis an gcoinne ar aon nós, níl aon dochar ann. Déarfaigh do Chomhairleoir Airgid leat iad a sheoladh ina dhiaidh sin nó iad a thabhairt leat go dtí an chéad choinne eile. Má tá deacracht agat an t-eolas seo a fháil, tabharfaidh an Comhairleoir Airgid cúnamh duit.

Ná bíodh eagla ort labhairt faoi do chuid fiacha. Ní chuirfidh sé isteach ná amach ar an gComhairleoir Airgid an méid fiacha atá ort ná an chaoi a ndeacha tú i bhfiacha. Níl suim aige/aice ach cabhrú leat.

An chaoi a n-oibríonn an tseirbhís

D'fhéadfadh an chéad choinne uair a chloig nó níos mó a thógáil, ag brath ar do chuid riachtanaisí.

Beidh an Comhairleoir Airgid in ann:

  • D'ioncam a scrúdú agus déanamh cinnte de go bhfuil tú ag fáil gach ní atá dlite duit agus go bhfuil tú freagrach as na fiacha.
  • Cabhrú leat na riachtanaisí laethúil a dhéanamh amach agus comhairle a thabhairt duit maidir le láimhsiú an airgid.
  • Tuairisc airgeadais a dhéanamh amach a bhéas ag teastáil nuair a bheidh tú ag socrú le do chreidiúnaithe.
  • Cúnamh a thabhairt duit do chuid fiacha a réiteach in ord tosaíochta (tithíocht, teas, solas agus bia na príomh thosaíochtaí atá agat) agus cúnamh a thabhairt duit teacht ar phlean íocaíochta.
  • Socú leis na creidiúnaithe, má's mian leat.
  • Tacaíocht a thabhairt duit, fad a bhíonn tú ag déileáil le do chuid fiacha.
  • Teagmháil a dhéanamh le seirbhisí eile agus tú a chur chucu, má's mian leat.

An fad a thógann an próiseas

Braitheann an méid coinní a bheidh agat leis an tseirbhís agus an fhad a fhanann tú leis an seirbhís, ar do chuid riachtanaisí. Tabharfaidh an Comhairleoir Airgid misneach agus tacaíocht duit agus tú ag dul chun cionn agus ag déileáil le do chuid deacrachtaí tú féin, ach níl aon am áirithe leagtha síos chun é seo a dhéanamh.

Is seirbhís rúnda í seo. Ní dhéanfaidh an Comhairleoir Airgid plé ar do chás le aon duine gan do chomhaontú sínithe.

Cuirfidh an tseirbhís an t-eolas agus tacaíocht atá ag teastáil uait chun socraithe a dhéanamh ar fáil,ach caithfidh tusa aon socraithe nó roghanna faoi do chuid fiacha agus íocaíochtaí a dhéanamh tú féin.

Ag íoc do chreidiúnaithe

Tá SBCA agus na comhair chreidmheasanna ag obair le chéile chun córas íocaíochta a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí buiséadachta acu. Glaotar Cúntas Speisialta ar seo.

Tabharfaidh an Comhairleoir Airgid cúnamh duit do bhuiséad a scrúdú agus an méid a chaithfidh tú a íoc go seachtainiúil, a dhéanamh amach, chun coinneáil suas le do chuid fiacha (fiú an chuid nach n-íoctar go seachtainiúil, go hiondúil).

Osclóidh an comhar creidmheasa cuntas duit (scartha ó do chuntas iasachta).

Íocfaidh tú an méid atá aontaithe, isteach sa gcuntas ar lá do phá, a chlúdóidh na billí uile.

Ag deireadh gach mí, cuirfidh SBCA sonra chuig an gComhar creidmheasa agus íocfar do chuid creidiúnaithe le seic comhar chreidmheasa.

Tá sé fíor thabhachtach cuimhniú nach noibreoidh an córas seo muna n-íocann tú an t-airgead isteach go rialta.

Déanfaidh an Comhairleoir Airgid plé leat ar mhodhanna íocaíochta eile freisin.

Rátaí

Is seirbhís saor in aisce é SBCA agus níl aon táille maidir le faisnéis, comhairle nó cúnamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’oifig Seirbhís Bhuiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) áitiúil chun comhairle agus cúnaimh a fháil.

Is féidir leat freisin ghlao a chur ar an tSeirbhís Chabhrach SCBA: 0761 07 2000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) nó ríomhphoist a sheol: helpline@mabs.ie.

An tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid

Teach Tráchtála
Sráidbhaile Tráchtála an Chinn Thiar
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
Éire

Teil:(01) 812 9500
Láithreán Gréasáin: http://www.mabs.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 April 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.