Breithiúnais fiachais a fhorfheidhmiú

Réamhrá

Má tá airgead ag duine eile ort, is féichiúnaí tú agus is creidiúnaí an duine eile. Má theipeann ort fiach a íoc, féadfaidh do chreidiúnaí dul chun na cúirte chun breithiúnas a fháil go bhfuil an fiach aige ort. Má tá breithiúnas ag do chreidiúnaí, ciallaíonn sé gur féidir leis bealaí éagsúla a úsáid anois chun an t-airgead a fháil uait. Tugtar breithiúnas a fhorfheidhmiú air seo. Is é an téarma dlíthiúil forghníomhú a breithiúnais.

Roghnaíonn an creidiúnaí conas an breithiúnas a fhorfheidhmiú, agus féadann sé cineálacha éagsúla gníomhaíochta forfheidhmithe a úsáid ag an am céanna. Mínímid iad seo thíos.

Athróidh an t Acht um Fhiachas Sibhialta (Nósanna Imeachta), 2015 an tAcht 2015 na cleachtais maidir le forfheidhmiú fhiachas. Níl se i bhfeidhm go fóill.

Cad a tharlaíonn nuair a bhíonn ordúbreithiúnais ag an gcreidiúnaí?

Go ginearálta, nuair a bhíonn ordú breithiúnais ó chúirt ag an gcreidiúnaí, is féidir an breithiúnas a fhorfheidhmiú trí ordú forfheidhmithe. Is féidir le hoifigí cúirte orduithe forfheidhmithe a eisiúint - ní gá don chreidiúnaí dul ar ais chun na cúirte chun an t-ordú a fháil.

Tá 12 bhliain ag creidiúnaithe ó dháta an ordaithe breithiúnais chun orduithe forfheidhmithe a lorg. De ghnáth bíonn orduithe forfheidhmithe bailí ar feadh bliana agus is féidir iad a athnuachan ansin.

Má tá níos mó ná 6 bliana caite ó eisíodh an t-ordú breithiúnais, is gá Cead na cúirte a fháil chun leanúint ar aghaidh leis.

Cad é Bac ar fhorghníomhú?

Nuair a choisceann cúirt forfheidhmiú ar feadh tréimhse ama, tugtar bac ar fhorghníomhú air.

Féadfar bac ar fhorghníomhú a dheonú, mar shampla, más féidir leat a léiriú nach ortsa atá an locht nach bhfuil tú in ann íoc.

Ní féidir leat bac ar fhorghníomhú a fháil mura raibh tú páirteach i bpróiseas na cúirte.

reidiúnaí breithiúnas mar a mhínímid thíos:

  • Forghníomhú i leith earraí
  • Orduithe tráthchoda, agus orduithe cimithe ina dhiaidh sin (más gá)
  • Astú tuillimh
  • Morgáiste breithiúnais (féach tuilleadh maidir le hathshealbhú tí)

I measc bealaí eile chun breithiúnais a fhorfheidhmiú tá astú fiacha, glacadóir a cheapadh, agus imeachtaí féimheachta. Is annamh a úsáidtear iad seo le haghaidh fiacha tomhaltóirí. Tá siad seo mínithe go hachomair in ‘Bealaí eile chun breithiúnais a fhorfheidhmiú’ thíos.

Forghníomhú i leith earraí

Ciallaíonn forghníomhú i leith earraí go bhfaigheann an creidiúnaí ordú ón gcúirt a ordaíonn don Sirriam nó don Chláraitheoir Contae do chuid earraí a urghabháil. Díoltar na hearraí agus úsáidtear an t-airgead a bhailítear chun an fiach neamhíoctha a íoc.

Seo ceann de na príomhbhealaí is féidir le creidiúnaí breithiúnas a fhorfheidhmiú. Uaireanta tugtar tochsail i leith earraí air. Is féidir foirmeacha éagsúla a bheith ag forghníomhú i leith earraí a braith ar an gcineál cúirte.

 
Cineál cúirte Eolas uathúil
Breithiúnas Ard-Chúirte Ar a dtugtar ordú fieri facias nó fifa
Breithiúnas Cúirte Cuarda Ar a dtugtar ordú forghníomhaithe i leith earraí
Breithiúnas Cúirte Dúiche Cuirtear an breithiúnas nó foraithne cúirte chun an tSirriam nó Cláraitheoir Contae lena fhorfheidhmiú

Sirriamaí agus Cláraitheoirí Contae

Forfheidhmíonn Sirriamaí breithiúnais i gcontaetha Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath agus forfheidhmíonn Cláraitheoirí Contae iad in áiteanna eile.

Is daoine féinfhostaithe iad Sirriamaí atá íoctha as a gcuid obair fhorfheidhmithe ar bhonn coimisiúin. Tá na táillí a fhaigheann siad leagtha amach sa dlí. Faoin dlí, faoi láthair faigheann sirriamaí táillí socraithe éagsúla agus scála táillí a bhaineann leis an méid atá i gceist. Is é seo 5% den chéad €5,500 agus 2.5% den iarmhéid. Ina theannta sin, clúdaítear na costais éagsúla a íocann sirriam mar chuid den phróiseas forfheidhmithe.

Is é Ordú Táillí agus Costais Sirriam (IR644/2005) an dlí reatha, a rinneadh faoin Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926.

s státseirbhísigh iad Cláraitheoirí Contae a bhfuil eagrú gnó na Cúirte Cuarda mar phríomhphost acu in a gceantair féin.

Chomh maith le Sirriamaí Contae i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath tá Sirriamí Ioncaim a fhorfheidhmíonn fiacha atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Tá an chumhacht acu fiacha cánach a bhailiú. Ní ní gá ordú cúirte a bheith acu chun fiacha cánach a bhailiú. Tá cumhachtaí ar leith ag Sirriam Ioncaim socrú tráthchoda a dhéanamh leat.

Do chuid earraí a urghabháil

Féadfaidh an creidiúnaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt iniúchadh a dhéanamh ar do chúrsaí airgeadais ionas gur féidir a fháil amach céard iad na sócmhainní atá ar fáil agat lena n-úsáid chun an bhreithiúnais a fheidhmiú.

Cumhachtaí Sirriam nó Cláraitheora Contae

Ní chaithfidh an Sirriam nó an Cláraitheoir Contae fógra a thabhairt go bhfuil se ar intinn acu do mhaoin nó do chuid earraí a urghabháil chun breithiúnas a fhorghníomhú. Luíonn dualgas an tSirriam/Chláraitheoir a Contae leis an gcreidiúnaí agus ní féidir leo do chúinsí a thógáil san áireamh.

Tá an chumhacht ag Sirriam/Cláraitheoir Contae dul ar do réadmhaoin chun do chuid earraí a urghabháil. Caithfidh siad iarrachtaí réasúnta a dhéanamh é seo a dhéanamh go síochánta. Tá siad i dteideal dul isteach i do mhaoin trí fhórsa a úsáid.

Caithfidh na Sirriamaí/Cláraitheoirí Contae cuntas a thabhairt don chúirt ar s na hearraí urghafa. Más rud é nach n-aimsítear earra ar bith, déanann siad nulla bona a thuairisciú, a chiallaíonn, go litriúil, “earraí ar bith”.

Má dhéanann an Sirriama/Cláraitheoir Contae do chuid earraí a urghabháil, caithfidh sé liosta mionsonraithe agus sínithe na n-earraí a urghabhadh a thabhairt duit laistigh de 24 uair an chloig. Féadfaidh siad na hearraí a dhíol ansin trí cheant poiblí – d’fhéadfadh sé seo tarlú ag am ar bith ó dhá lá tar éis na gabhála. De ghnáth, is e an gnáthnós ná tugtar rabhadh duit faoin gceant.

Rudaí nach féidir le Sirriam nó Cláraitheoir Tíre a dhéanamh

De réir an dlí, ní féidir leis an Sirriam nó an Cláraitheoir Contae earraí áirithe a urghabháil. Ní féidir leo na héadaí agus na leapacha riachtanacha agus uirlisí do cheirde a ghabháil, más lú luach iomlán earraí den sórt sin ná €19. Go praiticiúil, ní dócha go n-urghabhfar earraí le luach íseal athdhíola. Is dóigh go dtógfaidh sé earraí leictreacha, seodra nó do charr (mura bhfuil sé ag teastáil uait le haghaidh oibre).

Orduithe tráthchoda

Is éard atá i gceist le hordú tráthchoda ná nuair a ordaítear duit an t-airgead atá dlite a aisíoc thar thréimhse ama le tráthchodanna a mheastar a bheith inacmhainne bunaithe ar do chúinsí.

Féadfaidh do chreidiúnaí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú go freastalóidh ar an gcúirt d’fhonn do staid airgeadais agus do chumas íoctha a mheas. Ansin féadfaidh an breitheamh íocaíocht iomlán nó íocaíocht i dtráthchodanna a ordú, agus do staid airgeadais á cur san áireamh.

Den chuid is mó is iad creidiúnaithe beaga mar shampla siopaí agus comhair chreidmheasa a úsáideann an nós imeachta um ordú tráthchoda. Is féidir é a úsáid le haghaidh breithiúnais a thugtar sa Dúiche, sa Chuarda nó san Ard-Chúirt.

Úsáideann creidiúnaithe é freisin in imeachtaí dlí teaghlaigh, go príomha chun orduithe cothabhála a fhorfheidhmiú. Más féichiúnaí dlí teaghlaigh tú, is féidir le do chreidiúnaí ordú astaithe tuillimh a fháil. Sampla d’fhéichiúnaí dlí teaghlaigh is ea má tá ordú cothabhála tugtha i do choinne nach bhfuil comhlíonta. Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas seo.

Rialaítear orduithe tráthchoda leis na hAchtanna um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 - 2009 agus Ordú 53 de Rialacha na Cúirte Dúiche

Má theipeann ort ordú tráthchoda a chomhlíonadh

Mura gcomhlíonann tú an t-ordú tráthchoda, féadfaidh an creidiúnaí ordú cimithe a lorg, a chuirfeadh chun príosúin tú.

Athruithe atá le teacht: Cuireann an tAcht um Fhiachas Sibhialta (Nósanna Imeachta) 2015 deireadh le príosúnacht féichiúnaithe as gan fiacha sibhialta a íoc. Níl sé seo i bhfeidhm go fóill

Córas reatha

De réir an dlí reatha, ní fhéadfar tú a chur i bpríosún ach amháin sa chás más féidir leat fiacha a íoc ach go ndiúltaíonn tú é sin a dhéanamh.

Is é an dlí a leagann amach an nós imeachta le haghaidh orduithe cimithe an tAcht um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte (Leasú) 2009.

Ar an gcéad dul síos, iarrann an creidiúnaí ar chléireach na Cúirte Dúiche toghairm a eisiúint ort láithriú sa Chúirt Dúiche le haghaidh éisteachta. Caithfidh an toghairm a leagan amach go soiléir:

  • Na roghanna atá ar fáil don bhreitheamh ag an éisteacht
  • Na hiarmhairtí mura mbeidh tú i láthair sa sa chúirt, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ngabhfar nó go gcuirfear i bpríosún tú

Roimh an éisteacht, ní mór duit:

  • Ráiteas maoine a ullmhú ag leagan amach d’ioncaim agus do chaiteachais ar bhonn seachtainiúil nó míosúil (Foirm: 51A.02).
  • An ráiteas seo a thaisceadh leis an gcúirt seachtain ar a laghad sula reáchtálfar an éisteacht.

Ag an éisteacht, féadfaidh tú féin agus an creidiúnaí fianaise a thabhairt. Ní mór don chreidiúnaí a chruthú thar amhras réasúnach go bhfuil sé de chumas agat aisíoc (maoin), ach go bhfuil tú ag diúltú an fiach a íoc as do stuaim féin.

Tá roinnt roghanna ag an gcúirt:

  • Féadfaidh sí an t-ordú tráthchoda a athrú.
  • Féadfaidh sí iarraidh ort dul i mbun idirghabhála. Féadfar an tSeirbhís Comhairle agus Buiséadaithe Airgid (MABS) a úsáid le haghaidh idirghabhála den sórt sin.
  • Féadfaidh sí ordú cimithe a dhéanamh (ar feadh 3 mhí ar a mhéad). Is éard is ordú cimithe ann ná ordú do na Gardaí tú a ghabháil agus a chur i bpríosún. Féadfaidh sé seo teacht i bhfeidhm láithreach, nó níos déanaí.

Mura bhfreastalaíonn tú ar éisteacht

Mura mbeidh tú i láthair, gan leithscéal réasúnach, féadfaidh an breitheamh an éisteacht a chur ar atráth nó barántas gabhála a eisiúint. Ordaíonn barántas gabhála do na Gardaí tú a thabhairt os comhair na cúirte a luaithe is féidir.

Má ghabhtar tú níos déanaí agus má thugtar os comhair cúirte tú, socrófar dáta don éisteacht. Caithfidh an breitheamh a chur i iúl duit go soiléir, i nghnáth-theanga:

  • Go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil, agus
  • Na hiarmhairtí mura gcomhlíonann tú an t-ordú tráthchoda nó mura mbeidh tú i láthair don éisteacht ar an dáta socraithe - lena n-áirítear dul chun príosúin

Tá sé de chumhacht ag an gcúirt cúnamh dlíthiúil a dheonú duit de réir na rialacha lena rialaítear an scéim um chúnamh dlíthiúil coiriúil.

Astú tuillimh

Seo nuair a asbhaintear an t-airgead atá le híoc agat díreach ó do phá trí dhochar díreach. Lorgaíonn an creidiúnaí ordú ón gcúirt a sheirbheáiltear é ansin ar fhostóir an fhéichiúnaí, a eagraíonn dochar díreach.

Faoi láthair ní úsáidtear astú tuilleamh ach le haghaidh orduithe cothabhála céilí agus leanaí.

Faoin Acht um Fhiach Sibhialta (Nósanna Imeachta) 2015 (nach bhfuil i bhfeidhm fós) ceadófar do chreidiúnaithe astú tuillimh nó asbhaintí ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh a úsáid mar ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin le haghaidh cineálacha eile fiacha. Leanfaidh sé an próiseas céanna agus atá thuasluaite.

Beidh feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le fiacha:

  • A bhfuil a luach an fhéich idir € 500 agus € 4,000
  • A bhfuil breithiúnas cúirte ann chun an fiach a aisghabháil.

Modhanna eile chun breithiúnais afhorfheidhmiú

Morgáiste breithiúnais

Is féidir leis an gcreidiúnaí muirear a chlárú i gcoinne réadmhaoine ar leatsa é. Tá éifeacht morgáiste breithiúnais mar an gcéanna le gnáthmhorgáiste. Caithfidh tú an morgáiste breithiúnais a íoc nuair a dhíolann tú an teach. Faigh tuilleadh eolais inár gcáipéis ar athshealbhú baile.

Astú féich/nó Ordú Gairnisí

Má tá airgead ag chreidiúnaí ort agus tá airgead agat ar dhuine eile, ansin is féidir le do chreidiúnaí ordú cúirte a fháil a cheanglaíonn an duine eile an t-airgead a íoc leis. Tugtar ordú gairnisí air seo.

Go ginearálta, ní úsáidtear é ach amháin nuair nach bhfuil aon earraí le hurghabháil chun an breithiúnas a shásamh. Tá sé sách annamh a úsáidtear é i gcásanna fhiachas tomhaltóra. Tá cumhachtaí astaithe sonracha ag na Coimisinéirí Ioncaim agus is féidir iad a fheidhmiú gan ordú cúirte.

Ceapadh glacadóra

Is féidir le glacadóir a bheith ceaptha thar roinnt de do shócmhainní nó thar ioncam sa todhchaí mar chíos, ioncam ó chiste iontaobhais nó pinsean. Tá an dlí sa réimse seo casta ach is cosúil nach féidir le glacadóir a bheith ceaptha thar thuilleamh sa todhchaí.

Féimheacht

Mura féidir leat do chuid fiacha a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun a dhearbhú go bhfuil tú féimheach. De rogha air sin, féadfaidh do chreidiúnaí iarratas a dhéanamh go ndearbhófar tú féimheach má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Léigh tuilleadh faoi fhéimheacht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Feabhra 2021