Tá do chreidiúnaí i dteideal iarraidh ort do chuid fiachas a íoc ach níl sé i dteideal tú a chiapadh nó a imeaglú. Baineann rialacha ar leith le bailiú fiachais de réir comhaontuithe atá leagtha síos i reachtaíocht a bhaineann le creidmheas do thomhaltóirí - is í sin an tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhaontuithe Creidmheas Tomhaltóirí) 2010 (IR 281/2010).
In áit dul sa tóir ort, an fhéichiúnaí, go díreach chun fiachas a athshlánú, díolann creidiúnaithe an fiachas do ghníomhaireacht phríobháideach bailiúcháin uaireanta. Tá roinnt de na gníomhaireachtaí príobháideacha bailiúcháin fiachais seo ag feidhmiú in Éirinn. Níl siad rialaithe.
Faoi Chód Cosanta Tomhaltóirí an Bhainc Cheannais (pdf), ní féidir le d'iasachtóir glao a chur ort nó cuairt a thabhairt ort maidir le d'iasacht gan do chead idir 9 i.n. agus 9 r.n. i rith na seachtaine nó tráth ar bith ar an Domhnach ná lá saoire poiblí.
Níl cead ag iasachtóir glao a chur ort nó cuairt a thabhairt ort ag d'ionad oibre, mura bhfuil tú i do chónaí ann freisin, ach amháin sa chás go dteipeann ar gach iarracht réasúnach chun teagmháil a dhéanamh leat in áit éigin eile. Ní féidir teagmháil a dhéanamh maidir le hiasacht ach amháin leis an duine lena mbaineann sé. Ciallaíonn sé seo nach féidir le d'iasachtóir teagmháil a dhéanamh le d'fhostóir nó le baill do theaghlaigh maidir le d'iasacht.
Mura bhfuil tú i dteagmháil le d'iasachtóir, tá gach cosúlacht ann go gcuirfidh d'iasachtóir tús le himeachtaí dlíthiúla chun an fiachas a athshlánú.
Tá gach bailitheoir fiachais, lena n-áirítear daoine aonair príobháideacha agus gníomhaireachtaí bailiúchán fiachais, clúdaithe ag Alt 11 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997. Leagann sé seo amach go bhfuil duine ciontach i gcion má dhéanann sé/sí aon éileamh ar íocaíocht fhiachais agus:
Má tá tú curtha faoi iompar den sórt sin ag do chreidiúnaí nó ag gníomhaireacht bhailiúchán fiachais, ba cheart duit an t-ábhar a chur in iúl do na Gardaí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.