Is fiacha atá i chuile chinéal creidmhis. Mar sin, muna n-íocann tú i gcomhair chuile rud le hairgead tirim, tá fiacha ort. Ní bhíonn fadhb ann ach nuair nach bhfuil tú ábalta coinneáil suas le do chuid íocaíochtaí.
Muna bhfuil tú in ann an ceann is fearr a fháil ar chúrsaí, tá sé an-tábhachtach cúnamh a fháil. Mura ndéileálann tú le d’fhiachais, d’fhéadfadh do theach a athshealbhú nó d’fhéadfadh go dtitfeá i bhféimheacht. Is féidir leis an Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) cúnamh a thabhairt duit.
Má tá tú sa staid seo, d'fhéadfadh na deacrachtaí seo leanas a bheith i gceist:
Is féidir le MABS cabhrú leat.
Is seirbhís rúnda agus saor in aisce í an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir le fiachas agus airgead a bhainistiú. Déanfaidh an comhairleoir airgid MABS an méid seo a leanas:
D’fhorbair MABS agus Cónaidhm Bhaincéireachta na hÉireann (IBF) IBF/MABS Operational Protocol: Working Together to Manage Debt (pdf) chun cabhrú le daoine atá i bhfiacha plean inbhuanaithe i leith aisíocaíochtaí a chomhaontú lena n-iasachtóir agus an gá le haon chaingean dlí a sheachaint. Má chomhaontaítear plean aisíocaíochta, cuirfear aon chaingean dlí atá ann cheana féin ar fionraí a fhad is a leanann tú an plean aisíocaíochta comhaontaithe.
Oibríonn na hinstitiúidí creidmheasa a shínigh an prótacal le comhairleoirí airgid MABS chun cabhrú le custaiméirí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna fiachais agus iad a bhainistiú.
Is féidir le MABS cabhrú leat plean inbhuanaithe i leith aisíocaíochtaí a chomhaontú le creidiúnaithe eile freisin.
Tá sé fíor-thabhachtach dul i dteangmháil le do chreidiúnaithe agus fios a chur orthu go bhfuil fadhbanna agat. Ansin beidh tú in ann obair in éineacht leo chun dul i ngleic le do chuid fadhbanna. Seachas sin, rachadh na fadhbanna agus an brú ó do chreidiúnaithe in ndonas.
Is féidir treoir féin-chabhrach MABS a úsáid chun na céimeanna seo a leanúint:
Ba cheart chuile chostas maireachtála a bheith clúdaithe anseo, nó beidh tú ag tairiscint íocaíochtaí nach mbeidh ar do chumas a dhéanamh i gcónaí. Mar shampla, tá an gheimhreadh níos daoire ná an samhradh (breis teasú, éadaí agus coisbheart níos daoire, Nollaig, srl.).
Ba cheart duit costaisí oideachais, sláinte, taistil, lorg poist, éadaí agus coisbheart a chur san áireamh agus é a bhriseadh síos go méid seachtainiúil.
Ní chaithfidh tú an méid seo chuile sheachtain ach tabharfaidh sé tuairim níos fearr duit céard atá ar do chumas a íoc. Bheadh íontas ar go leor daoine faoin gcostas a chuireann na bunrudaí seo ar chlann i rith tréimhse bliana.
Déan comparáid idir an méid seo agus d'ioncam.
Áit le fanacht, teas, solas agus bia iad na rudaí is tabhachtaí. Ina ndiaidh seo, caithfidh tú do chuid costaisí a liostáil in ord tábhacht. Ní mór duit a bheith ionraic leat féin faoi chostaisí mar toitíní, alcól, pacáistí teilifíse, fón póca srl. Breathnaigh céard iad na costaisí gur féidir leat a laghdú.
Nuair atá buiséad déanta amach agat agus tú réasúnta cinnte de do chostaisí, déan amach liosta de do chreidiúnaithe agus cén méid atá ag dul agat dóibh. Labhair le na creidiúnaithe agus mínigh do dheacrachtaí. Inis dóibh go bhfuil creidiúnaithe eile agat agus go bhfuil tú ag iarraidh a bheith cóir leo ar fad.
Más fadhbanna sealadach atá agat, tabhair tuairim éigin dóibh den am gur féidir leo a bheith ag súil le íocaíochtaí iomlána. Muna féidir leat a bheith cinnte cén uair a dtárlóidh sé seo, inis é sin dóibh.
Más fadhbanna fad-téarmacha agat, bí ionraic agus inis dod' chreidiúnaithe nach gá go mbeifeá ábalta iad a íoc ar ais go brách. Má tá ús dhá chur leis agus go gciallaíonn sé seo nach mbeidh tú go deo in ann do fhiacha a ghlanadh, iarr orthu an ús a chur ar fionraí.
Is in olcas a rachaidh na fadhbanna muna ndéanann tú tada. Má fhaigheann tú litir dleathúil faoi fhiacha agus nach gcloiseann tú uathu arís ar feadh tamaill, ná glac leis go bhfuil dearmad déanta acu - níl an fhadhb chun imeacht ar an mbealach sin. Tá sé rí-thábhachtach go ndéanfá teangmháil le na creidiúnaithe nó le dlíodóir.
Tá roinnt seisiúin cúirte i gceist sa bpróiséas bailiúchán fiacha. Tabharfaidh an cúirt deis duit insint cén méid gur féidir leat a íoc - má thagann tú ann. Seachas sin, socróidh an breitheamh ar shuim seachtainiúil gan aon tuairim aige céard gur féidir leat a íoc. Má tá tú chun a bheith sa gcúirt, déan amach ráiteas airgeadais (ioncam, costaisí agus fiacha) agus fág isteach i dteach na cúirte don breitheamh é cupla lá roimh an cás a bheith sa gcúirt. Seol cóip chuig dlíodóir an chreidiúnaí chomh maith.
Tá cineálacha éagsúla fiachais, lena n-áirítear morgáistí, iasachtaí, rótharraingtí, cártaí creidmheasa agus comhaontuithe fruilcheannaigh. Tá roinnt fiachais, mar shampla, morgáistí, 'urraithe' - ciallaíonn sé sin go n-úsáidtear earraí nó maoin, do theach de ghnáth, mar urrús sa chás nach n-íoctar an fiachas. Faigh tuilleadh eolais faoi na cineálacha fiachais agus téarmaíocht a bhaineann le fiachas inár ngluais téarmaí a bhaineann le fiachas.
Baineann rialacha agus nósanna imeachta ar leith le roinnt fiachas maidir leis an gcaoi a mbainistítear agus a mbailítear iad. Is fiachais iad seo den chuid is mó atá dlite don Stát nó comhlacht an Stáit. Tá rialacha agus nósanna imeachta ar leith ag cánacha, ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh, cíosanna údaráis áitiúla agus iasachtaí tithíochta, táillí dramhaíola, billí fóntais, ceadúnais teilifíse, ceadúnais mhadra agus muirear ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha go háirithe. Faigh tuilleadh eolais faoi na rialacha maidir le fiachais ar leith.
Tá rialacha ann maidir le bailiú fiachas faoi reachtaíocht chreidmheasa tomhaltóirí chomh maith, lena n-áirítear rialacha maidir le príobháideachas, pointí teagmhála agus ciapadh agus imeaglú.
Mura ndéanann tú teagmháil le d'iasachtóir, tá gach cosúlacht ann go gcuirfidh sé tús le himeachtaí dlíthiúla chun an fiachas a aisghabháil. Is féidir an cás a thógáil sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, ag brath ar an méid airgid atá i gceist. Nuair a dhéantar breithiúnas sa chúirt ina leagtar amach an fiachas, is féidir an breithiúnas seo a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear imeachtaí féimheachta i gcásanna tromchúiseacha. D’fhéadfadh go mbeadh iarmhairtí eile i gceist nuair atá tú i riaráiste ar aisíocaíochtaí fiachais chomh maith, mar shampla, d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar do ráta creidmheasa, rud a chiallódh go mbeadh sé deacair creidmheas a fháil sa todhchaí.
Tá tuilleadh eolais ar fáil in ár gcáipéis ar Freagairtí
maidir le riaráistí morgáiste agus fiachas pearsanta.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’oifig MABS áitiúil chun comhairle agus cúnaimh a fháil.
Is féidir leat freisin glao a chur ar an Líne Chabhrach MABS: 0761 07 2000
(Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) nó ríomhphost a sheoladh chuig: helpline@mabs.ie.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.