Cuireann roinnt gníomhaireachtaí éagsúla eolas faoi fhéichiúnaithe le chéile. Tugtar clár creidmheasa, gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa nó biúrónna creidmheasa orthu. Tá siad le fáil d’iasachtóirí chun dul i gcomhairle leo chun a mheas má tá tú, mar iasachtaí féideartha, tar éis loiceadh ar iasachtaí riamh.
Is í aidhm ghinearálta na ngníomhaireachtaí seo cabhrú le hiasachtóirí measúnú a dhéanamh ar do chumas chun aon fhiachas a aisíoc amach anseo. Déanann na gníomhaireachtaí é seo trí rochtain a thabhairt dá gcuid comhaltaí ar do stair fiachais agus an stair atá agat i leith na fiachais sin a aisíoc.
Féadann gníomhaireachtaí creidmheasa liostaí na mbreithiúnas cláraithe i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte a fhoilsiú (mar shampla, foilsítear liostaí den sórt sin sa Stubbs Gazette agus i roinnt nuachtán). Tá an t-eolas seo poiblí. Níl aon smacht agat ar a fhoilsiú nó an úsáid a bhaintear as.
Bailíonn gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa eolas diúltach agus eolas dearfach faoi thomhaltóirí. Is é eolas diúltach eolas maidir le loiceadh ar bith ar aisíocaíochtaí creidmheasa, ar nós riaráistí, íocaíochtaí caillte agus féimheachta. Is é eolas dearfach eolas a bhaineann le do sheasamh airgeadais ar an iomlán, mar shampla do theorainn rótharraingthe, an teorainn ar do chárta creidmheasa agus taifid ar do chuid aisíocaíochtaí.
Is í an príomhghníomhaireacht tagartha creidmheasa do dhaoine aonair in Éirinn Biúró Creidmheasa na hÉireann (BCÉ) ach tá roinnt gníomhaireachtaí eile ann, a dhéanann plé le gnólachtaí den chuid is mó. Bailíonn an BCÉ bunachar sonraí príobháideach den eolas a sholáthraíonn a chomhaltaí. Cuimsíonn sé eolas ar réimse leathan iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí pearsanta, morgáistí agus iasachtaí cárta chreidmheasa. Níl an t-eolas sin ar fáil ach do chomhaltaí an Bhiúró.
Is iad baill BCÉ na príomh-institiúidí airgeadais, lena n-áirítear roinnt comhair chreidmheasa. Tá údaráis áitiúla ina gcomhaltaí freisin. Ní féidir le cuideachtaí fóntais ná siopaí miondíola a bheith ina mbaill.
Ní dhéanann an BCÉ cinneadh ar na daoine a fhaigheann nó nach bhfaigheann iasacht. Ach, tugann an t-eolas atá le fáil ón mBiúró cúnamh d‘institiúidí airgeadais chun cinneadh a dhéanamh cé acu ar chóir dóibh iasacht a thabhairt duit nó nár chóir.
Níl aon eolas fút féin sa bhunachar sonraí seo mura raibh iasacht ghníomhach agat le cúig bliana anuas, nó murar sholáthair d'iasachtóir an t-eolas sin don bhunachar sonraí. Má tá eolas fút féin sa bhunachar sonraí, tá sé coinnithe i dtuarascáil chreidmheasa aonair. Cuimsíonn an t-eolas i do tuarascáil creidmheasa:
Déanann an córas taifead air nuair a úsáideann iasachtaí an bunachar, ionas gur féidir leat a fháil amach ar tharla sé seo i do chás. Tá ar gach institiúid airgeadais atá ina ball BCÉ mionsonraí a chur ar fáil duit maidir le haon ghníomhaireacht tagartha creidmheasa a d’úsáid sí nuair a rinne sí d'iarratas ar iasacht a mheasúnú.
Tá do thoiliú ag teastáil chun faisnéis faoi do stair chreidmheasa a thabhairt do BCÉ. Mar sin féin, de ghnáth, tá an toiliú sin ina chuid lárnach de do chomhaontú creidmheasa agus tá gach seans ann nár thug tú faoi deara gur thug tú do thoiliú.
Tá na gnáthchearta agat faoin reachtaíocht um chosaint sonraí chun rochtain ar na taifid atá coinnithe maidir leat ag gníomhaireachtaí creidmheasa agus chun eolas mícheart a bheith ceartaithe. Is féidir leat iarraidh ar an mgníomhaireacht cóip den eolas pearsanta fút féin atá aici a chur ar fáil duit. Má tá sé míchruinn, is féidir leat iarraidh ar an ngníomhaireacht é sin a cheartú. Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéileálann an ghníomhaireacht leat, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.
Tá sonraí teagmhála BCÉ le fáil sa chuid den cháipéis seo dar teideal 'Cóip de do thaifead creidmheasa a fháil' thíos).
Forálann treoir an AE maidir le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóra (Treoir 2008/48/EC) atá i bhfeidhm in Éirinn faoi IR 281/2010 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Creidmheas Tomhaltóirí Comhaontuithe) 2010, go bhfuil sé de dhualgas ar chreidiúnaithe, sula n-aontaíonn siad le hiasacht a thabhairt duit, measúnú a dhéanamh ar d’acmhainneacht creidmheasa bunaithe ar eolas leorga a fhaightear uait, agus, nuair is gá, ó bhunachar sonraí an eolais sin. Forálann sé chomh maith, má dhiúltaítear creidmheas duit mar gheall ar an eolas a fuarthas ar bhunachar sonraí, ní mór don chreidiúnaí é seo a insint duit go láithreach agus sonraí maidir leis an mbunachar sonraí a úsáideadh a thabhairt duit. Baineann an reachtaíocht seo le comhaontuithe pearsanta creidmheasa do thomhaltóirí ar shuimeanna idir €200 agus €75,000, agus ní bhaineann sé le morgáistí. In Éirinn, ní bhainfidh sé seo le comhair chreidmheasa go dtí Nollaig 2011.
Faoi láthair, níl na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa faoi réir rialacháin. Ach, tá togra ann ag leibhéal an AE i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a rialú.
Is teicníc í scóráil chreidmheasa a d’fhorbair na hinstitiúidí airgeadais a chuireann iarratasóirí ar chreidmheas i gcatagóirí éagsúla. Déanann institiúidí airgeadais agus gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa an scóráil chreidmheasa. I gcás na ngníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa, tugtar scór biúró creidmheasa do do thuarascáil chreidmheasa. Cuirfear é seo ar fáil d’iasachtóir ar iarratas (má tá an t-iasachtóir ina bhall den ghníomhaireacht tagartha creidmheasa).
Má tá taifead maith agat ar iasachtaí a aisíoc, gheobhaidh tú scór ard. Gheobhaidh tú scór íseal má tá do thaifead aisíoca go dona. Is é an t-aon bhealach amháin chun feabhas a chur ar do scór creidmheasa (ar a dtugtar rátáil chreidmheasa níos minice) ná feabhas a chur ar do thaifead aisíoca.
De ghnáth, déanann gníomhaireachtaí idirnáisiúnta rátála creidmheasa (mar shampla, Moody's, Fitch's, Standard and Poor's) measúnú ar fhiachais gnólachtaí agus ní bhaineann siad le tomhaltóirí. Tá roinnt gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa eile in Éirinn, atá dírithe ar ghnólachtaí den chuid is mó freisin. Mar sin féin, is é BCÉ an ceann is mó a bhaineann le tomhaltóirí.
Is féidir leat cóip de do thaifead creidmheasa a fháil trí teagmháil a dhéanamh le BCÉ ag (01) 260 0388, nó an fhoirm iarratais a íoslódáil. Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh, in éineacht le híocaíocht de €6, chuig:
Biúró Creidmheasa na hÉireann, Teach BCÉ, Newstead, Bóthar Chluain Sceach, Baile Átha Cliath 14
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.