Is bealach é FIN-NET (Nasc Gearán Trasteorann Taobh Amuigh den Chúirt do Sheirbhísí Airgeadais) le deis a thabhairt teacht ar réiteach taobh amuigh den chúirt ar easaontas idir tú féin agus soláthraí seirbhísí airgeadais atá lonnaithe i dtír eile Eorpach. Nasc é FIN-NET atá déanta suas de scéimeanna náisiúnta gearáin atá faoi láthair ann do sheirbhísí airgeadais san Eoraip. Tá sé mar aidhm ag FIN-NET:
Rogha é FIN-NET teacht ar réiteach in áit sásaimh a lorg faoin dlí agus ní féidir aon chinneadh ná moltaí a dhéanann údaráis taobh amuigh den chúirt a chur i bhfeidhm sa bhealach céanna le cinneadh cúirte. Ach, sa chuid is mó cásanna, leanann údaráis airgeadais na moltaí a dhéanann an t-údarás gearáin fiú muna bhfuileadar ceangailte leo de réir an dlí.
Tá córas FIN-NET curtha le chéile ionas gur féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás gearáin i do thír dhúchais féin fiú nuair a bhaineann an gearán le comhlacht airgeadais thar lear. Cuidíonn an córas seo leat an scéim chuí ghearáin a roghnú agus tugann sé duit an t-eolas cuí maidir leis an scéim agus a córas gearáin. Is féidir eolas cuimsitheach maidir le gach scéim rannpháirteach náisiúnta a fháil ar bhanc sonraí FIN-NET. Is féidir leat eolas a fháil freisin maidir leis na scéimeanna cuí gearáin thar lear i do theanga féin ó bhaill FIN-NET i do thír dhúchais féin.
Nuair a fhaigheann tú an t-eolas cuí ar fad maidir leis an scéim chuí ghearáin agus nuair atá cinneadh déanta agat gearán a dhéanamh le scéim, is féidir leat do ghearán a thabhairt chuig ball FIN-NET i do thír dhúchais. Muna ndéanann ball FIN-NET i do thír dhúchais an gearán a phlé é féin, cuirfidh sé ar aghaidh é chuig an scéim chuí i dtír do sholáthraí seirbhísí airgeadais. I gcásanna faoi leith b'fhéidir go mbeadh sé níos éifeachtaí teagmháil a dhéanamh go díreach leis an scéim chuí ghearáin agus sna cásanna sin iarrfaidh ball FIN-NET i do thír dhúchais ort é sin a dhéanamh.
Tá sé mar aidhm ag scéimeanna FIN-NET deis a thabhairt duit do ghearán a dhéanamh ar a laghad sa teanga ina bhfuil do chonradh airgeadais déanta nó sa teanga ina mbíodh plé agat go hiondúil leis an soláthraí seirbhísí airgeadais.
Bíonn ballscéimeanna FIN-NET ag plé le gearáin trasteorann leis an inniúlacht chéanna agus an leibhéal céanna cúraim a thugann siad do ghearáin ina dtíortha féin. Má theastaíonn aon eolas nó cáipéisí breise ón scéim ghearáin uaitse déanfar teagmháil díreach leat. Má theastaíonn eolas níos ginearálta ón scéim, mar shampla eolas maidir le reachtaíocht chosanta do thomhaltóirí i do thír, déanfar plé go díreach le ball FIN-NET i do thír dhúchais féin.
Tá ceangail idir ballscéimeanna FIN-NET tríd Meabhrán Tuisceana a leagann síos próiséas don chomhoibriú trasteorann agus bunphrionsabail le heasaontas a réiteach taobh amuigh den chúirt. San áireamh sa Mheabhrán Tuisceana tá dearbhú cuspóra ó na húdaráis ghearáin atá rannpháirteach na caighdeáin cháilíochta a chur i bhfeidhm atá leagtha síos i Moltaí Choimisiún na hEorpa 98/257 maidir le prionsabail a bhaineann le húdaráis atá freagrach as réiteach taobh amuigh den chúirt ar easaontas tomhaltóirí.
Tá seacht bprionsabal ag baint leis an Moladh seo, ina measc:
Iarraidh ar Rialtais i mBallStáit an AE eolas a chur chuig Coimisiún na hEorpa maidir le húdaráis réitigh taobh amuigh den chúirt ina dtíortha féin atá ag cloí leis na prionsabail atá sa Moladh.
Ní féidir ach le scéimeanna a bhfuil fógra curtha chuig Coimisiún na hEorpa ina dtaobh ag a mBallStáit a bheith páirteach i FIN-NET.
Tá eolas ar fáil ar bhanc sonraí idirghníomhach FIN-NET duit maidir le húdaráis réitigh easaontais taobh amuigh den chúirt i ngach tír AE/CEE. Go sonrach is féidir eolas a fháil ar an mbanc sonraí maidir le:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.