Cuntas caighdeánach bainc

Réamhrá

Mura bhfuil cuntas bainc reatha agat, is féidir leat saghas ar leith cuntais a oscailt ar a dtugtar cuntas bainc bunúsach. Cuntas reatha é cuntas bainc bunúsach atá saor in aisce do bhaincéireacht laethúil ar feadh na chéad bhliana, ar a laghad.

Is féidir leat cuntas bainc bunúsach a oscailt le ceann de na príomhbhainc Éireannacha má tá cónaí ort san AE agus mura bhfuil íocaíocht nó cuntas reatha eile agat in Éirinn.

Seirbhísí agus táillí

Nuair a osclaíonn tú cuntas bainc bunúsach, ní ghearrtar aon táillí ar bhaincéireacht laethúil nó ar tháillí cothabhála don chéad bhliain.

I ndiaidh bliana, déanfaidh an banc athbhreithniú ar do chuntas. Is féidir leat leanúint de bhaincéireacht saor in aisce a fháil ar feadh a fhaide le 5 bliana, ar an iomlán, más lú an méid a íoctar isteach i do chuntas gach bliain ná an pá íosta.

I measc na seirbhísí atá saor in aisce, tá an méid seo a leanas:

  • Airgead a thabhairt amach ag Uathmheaisín Bainc (meaisín airgid)
  • Cárta dochair a úsáid i siopa chun íoc as rud éigin agus aisairgead a fháil i siopa
  • Cárta dochair a úsáid chun íoc as rud éigin ar líne
  • Airgead a aistriú go cuntas bainc eile
  • Airgead a aistriú chun bille agus íocaíochtaí eile a íoc (cosúil le do leictreachas nó téamh nó do ghuthán póca a bhreisiú)
  • Ordú seasta a shocrú agus a athrú (seo nuair a bhíonn suim rialta á baint as do chuntais agus á haistriú isteach i gcuntas coigiltis nó chun billí a íoc)
  • Dochar díreach a shocrú chun íocaíochtaí a dhéanamh go huathoibríoch nuair is féidir leis an méid athrú, mar shampla, i gcás billí
  • Airgead a thaisceadh isteach sa chuntas (taisceadh a dhéanamh)
  • Ráiteas rialta a fháil a insíonn duit an méid atá i do chuntas agus an méid a ghlac tú amach agus do stair idirbheart
  • Baincéireacht gutháin agus baincéireacht ar líne a úsáid (ní ghearrtar aon táillí bainc ach d’fhéadfaí táillí ar ghlaonna gutháin nó ar shonraí a ghearradh)

Iarr an mbanc liosta de tháillí a ghearrtar a thabhairt duit. Is féidir a áireamh leo seo, mar shampla, táillí ar chárta a caillte a athsholáthar nó ar chárta a úsáid thar lear.

Cén srianta atá i bhfeidhm?

Níl gach seirbhís cuntais reatha ar fáil le cuntas bunúsach. Ní féidir leat rótharraingt nó seicleabhar a fháil. B’fhéidir nach mbeidh gné íocaíochta gan tadhall ag do chárta dochair.

Ní féidir leat ach cuntas amháin a bheith agat.

Conas is féidir liom cuntas bainc bunúsach a fháil?

Chun cuntas bainc bunúsach a fháil, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Caithfidh tú a bheith ar a laghad 18 mbliana d’aois (nó ar a laghad 16 bliana i gcás Bhainc-Aontas Éireann (AIB))
  • Caithfidh go bhfuil cónaí dlíthiúil ort san AE
  • Caithfidh nach bhfuil cuntas reatha eile agat le banc in Éirinn

Má tá cuntas reatha agat ach má d’inis do bhanc duit go ndúnfar é, is féidir leat cuntas bunúsach a oscailt. Le cuntas a oscailt, déan teagmháil le do rogha bainc. Tá na cuntais bhainc bhunúsacha seo a leanas ar fáil:

Banc Ainm an chuntais
Bainc-Aontas Éireann (AIB) Cuntas Bainc Bunúsach
Banc Uladh Bonnchuntas
KBC Cuntas Reatha Bunúsach
Permanent TSB Cuntas Íocaíochta Bunúsach
Banc na hÉireann Cuntas Bainc Bunúsach

Tá cuntas Bainisteoir Airgid (Money Manager) EBS cosúil le cuntas bainc bunúsach ach is féidir leat é a oscailt má bhíonn cuntas bainc eile agat. Ní ghearrtar táillí ar bhaincéireacht laethúil agus ní chuireann sé rótharraingtí nó seicleabhair ar fáil.

Eolas breise

Is féidir leat níos mó a léamh in Treoir na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid (an SBCA) maidir le cuntas bainc a oscailt.

Tá Treoir maidir leis an gCuntas Bainc Bunúsach ar fáil i 9 dteanga ó Bord Chultúr Baincéireachta na hÉireann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Feabhra 2022