Slánúchán na n-idirbheart airgid

Réamhrá

Tugadh slánú isteach le haghaidh bhearta airgid thirim in Éirinn in 2015. Ciallaíonn slánú go ndéanfar méid iomlán bille a shlánú suas nó síos go dtí an 5 cent is gaire.

Ní bhaineann sé ach le híocaíochtaí in airgead tirim agus ní bhaineann sé le billí a íoctar go leictreonach, mar shampla, le cárta dochair, le cárta creidmheasa nó le cárta siopa.

Tá sé mar aidhm ag slánú an gá atá le boinn 1 agus 2 cent a laghdú a chosnaíonn níos mó le táirgeadh ná mar is fiú iad. Leanfaidh boinn 1 agus 2 cent de bheith ina airgead dlíthairgthe, áfach.

Is deonach é slánú do mhiondíoltóirí agus do chustaiméirí. Is féidir leis an miondíoltóir slánú a chur i bhfeidhm go huathoibríoch gan ceist a chur ort ach is féidir leat an rogha a dhéanamh gan slánú a chur i bhfeidhm agus sóinseáil beacht a úsáid.

Rialacha

Sa chás nach bhfuil deireadh nialas ná cúig leis líon cent a íocfar agus go bhfuiltear ag íoc an bhille iomláin le hairgead tirim - rud a chuireann iallach ar an gcustaiméir chun leas a bhaint as boinn 1 agus 2 cent mar íocaíocht nó iallach ar an miondíoltóir chun leas a bhaint as na boinn úd agus sóinseáil á tabhairt ar ais - is amhlaidh a shlánófar an méid sóinseála a íocfar chuig an 5 nó 10 cent is gaire:

  • Shlánófaí 1 agus 2 síos chuig nialas
  • Shlánófaí 3 agus 4 suas chuig 5
  • Shlánófaí 6 agus 7 síos chuig 5
  • Shlánófaí 8 agus 9 suas chuig 10

Samplaí

Is féidir bille a shlánú suas nó síos de réir mar seo a leanas faoin slánúchán:

  1. Idirbheart arbh fhiú €10.21 nó €10.22 é; shlánófaí chuig €10.20 é
  2. Idirbheart arbh fhiú €10.23 nó €10.24 é; shlánófaí chuig €10.25 é
  3. Idirbheart arbh fhiú €10.26 nó €10.27 é; shlánófaí chuig €10.25 é
  4. Idirbheart arbh fhiú €10.28 nó €10.29 é; shlánófaí chuig €10.30 é

Trí mhír ar leithligh leis na praghsanna €2.99, €4.49 agus €8.18 faoi seach; fanfaidh siad ag na praghsanna úd, cé go slánófaí an bille iomlán (€15.66) síos chuig €15.65.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Banc Ceannais na hÉireann

Bosca Phoist 559
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 224 6000
Lóghlao: 1890 777 777
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Iúil 2017