Go hiondúil is daoine iad a d'fhulaing coir nó a bhí ina bhfinnéithe ag coir iad leanaí agus daoine óga gur gá dóibh freastal ar an gcúirt mar fhinnéithe. Don chuid is mó daoine tá sé scanrúil dul chuig an gcúirt agus tá gach seans ann go mbeidh imní ar leanaí agus ar dhaoine óga faoi agus teastóidh tacaíocht bhreise uathu agus a bheith curtha ar a suaimhneas ag a tuismitheoirí, caomhnóirí nó cúramóirí roimh agus le linn an ama seo.
Is féidir cásanna inár féidir le leanaí agus le daoine óga fianaise a thabhairt a éisteacht sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Choiriúil Lárnach.
Tá sé tábhachtach cur síos a dhéanamh don leanbh nó don duine óg atá le fianaise a thabhairt sa chúirt céard go díreach atá i gceist le cás a thabhairt chun na cúirte.
Déantar gearán leis an nGarda ina ainmnítear an leanbh nó an duine óg mar an té a d'fhulaing nó a chonaic coir ag tarlú. Cuireann oifigeach den Gharda agallamh ansin ar an leanbh nó ar an duine óg.
Tar éis machnaimh a dhéanamh ar na líomhaintí atá déanta, d'fhéadfadh an Garda cinneadh a dhéanamh:
Cuireann an Garda tuairisc maidir leis an gcás chuig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí (SIP) agus cuirtear eolas ar fáil freisin maidir leis an dearcadh atá ag an leanbh nó duine óg agus ag a t(h)uismitheoirí/c(h)aomhnóirí/c(h)úramóirí maidir leis an leanbh nó an duine óg a bheith glaoite chun na cúirte le fianaise a thabhairt.
Déanann SIP cinneadh neamhspleách an leanfar leis an gcúiseamh a dhéanamh. I bhfocail eile, déanfaidh SIP cinneadh an leanfar leis an gcúiseamh, rud a fhágann nach i gcónaí a bhíonn iallach ar an leanbh nó duine óg fianaise a thabhairt.
Cuirtear tús le gach cás coiriúil sa Chúirt Dúiche ina bhfuil breitheamh i láthair gan aon ghiúiré. Déantar cinneadh maidir le mionionsaithe sa Chúirt Dúiche. Cuirtear cásanna ina bhfuil mórionsaithe nó coireanna troma i dtaobh maoine i gceist ar aghaidh le triail sa Chúirt Chuarda. Ní mór do chásanna ina bhfuil dúnmharú, éigniú, mórionsaí gnéis, tréas, píoráideacht & rl i gceist a éisteacht sa Chúirt Choiriúil Lárnach. Bíonn breitheamh agus giúiré i láthair sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Choiriúil Lárnach.
Má tá finné 14 bliana d'aois nó níos mó beidh air/uirthi fianaise a thabhairt faoi mhionn nó dearbhú. Ní gá do leanaí atá faoi 14 bliana d'aois mionn nó dearbhú a dhéanamh roimh dóibh fianaise a thabhairt.
Má bhíonn do leanbh ag tabhairt fianaise sa chúirt tá sé tábhachtach gan an fhianaise a chleachtadh leis/léi. Tá gach seans go dteipfidh ar an gcás má bhíonn an cuma ar an scéal go bhfuair an leanbh "traenáil". Beidh na cúisitheoirí in ann comhairle a chur ort ina thaobh seo.
Féadann an t-ionchúiseamh iarratas a chur isteach chuig an gcúirt le go dtabharfadh finné fianaise ó sheomra ar leithligh trí leas a bhaint as nasc teilifíse. Ciallaíonn sé sin nach gcaitheann an finné a dhul isteach sa seomra cúirte chun an cosantóir a fheiceáil. D’fhéadfaí é a úsáid, mar shampla, sna cásanna a bhaineann le cion gnéis nó le cion lena mbaineann foréigean.
I gcásanna faoi leith ina bhfuil coireanna gnéis i gceist is féidir leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh nach bhfuil cead ag baill an phobail a bheith i láthair sa chúirt.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.