Anseo atá tú: Baile > Dlí > Finnéithe > Finnéithe

Print Page Send to a Friend

Finnéithe

Eolas

Sa rannóg seo gheobhaidh tú eolas maidir le bheith i d’fhinné i gcás cúirte.

Breathnófar ar na cineálacha finnéithe éagsúla, cé atá inniúil ar bheith ina f(h)inné (i.e., cé atá ábalta ar bheith ina f(h)inné), na socruithe a bhaineann le finnéithe atá faoi ocht mbliana déag d'aois agus cé na daoine gur féidir iallach a chur orthu a bheith ina bhfinnéithe.

Tá eolas ar fáil freisin maidir leis an modh oibre atá ag an tseirbhís fhinné agus an chaoi a nglaotar ar dhuine le bheith ina f(h)inné. Breathnófar ar na hamanna inár féidir fianaise a thabhairt le nasc físe, an féidir leat diúltú ceist a fhreagairt agus cé na rialacha a bhaineann leis an bhfianaise gur féidir leat a thabhairt.

Tá eolas ar fáil freisin maidir le dul chuig an gcúirt mar fhinné sna leabhrán an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí .

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.